AR NA SAOLTA SEO
Fianna Fáil: Mar a bhí ar dtús …?
Pat Butler Pat Butler

Féachann Pat Butler siar ar bhlianta tosaigh Fhianna Fáil, agus an páirtí ag ceiliúradh ceithre scór bliain ar an bhfód i mbliana.

Íomhá
Íomhá
Éamon de Valera i 1918
Íomhá
William T. Cosgrave, ceannaire Chumann na nGaedhal
Íomhá
Céad Uachtarán na hÉireann, Dúbhghlas de hÍde

Bhí Martin Corry, iar-Óglach, ina Theachta Dála de chuid Fhianna Fáil ó na tríochaidí ar aghaidh. Fear phobal a bhí ann. Fear tíriúil. Fear a d’ionchollaigh bunluachanna Shaighdiúirí an Chúlgharda ina ghimp is ina phearsanacht, ina anam istigh.

raibh ach ceist amháin le cur ag Corry faoi oiriúnacht gach n-aon ar theastaigh uaidh clárú mar bhall den bPáirtí. D’aon ghnó a úsáidim anPmór sa chás seo; raibh ach páirtí amháin ann don bhfear a lean Dev go leic na bpian agus ar ais - gunna ina láimh aige, fuil ar an dtalamh.

an cheist chéanna buan i miotaseolaíocht an pháirtí chéanna, oidhrí gharda cosanta na mBroy Harriers. Luíonn an cóipcheart le Martin Corry. Nuair a thugtaí gach nuasachán polaitiúil as Corcaigh Thoir-Thuaidh i láithreacht an tseanlaoich, raibh ach freagra sásúil amháin a scaoilfeadh thar táirseach isteach i gcomhluadar na bhfíréan é - b’in an t-aon fhreagra a bhíceart”, dar le Martin, ar an gceist chinniúnach seo: “Are you sound on The National Question?”

an Fianna Fáil sin san uaigh le fada an , curtha le leithéid Martin Corry. Iad adhlactha araon i dtír anaithnid. Sa dúthaigh choimhthíoch sin nach bhfuil teacht againn airan dúthaigh ar a dtugtaran t-am a d’imigh thart”.

bearna dhoshamhlaithe idir Martin Corry agus lucht na gclúdach donn litreach. Idir Dev agus Cathal Ó hEochaidh, an gaibhéal leathan céanna.

Ach sin scéal iomlán Fhianna Fáil, baol air.

Leas an phobail

Ainmhí polaitiúil gan chomparáid ab ea Éamon de Valera. Fear a shantaigh cumhacht. ar a shon féin amháin, dar leis, ach ar son leasa phobal Éireann. raibh le déanamh aige ach amharc

isteach ina chroí féinig chun go soilseofaí leas an phobail . Cleas áisiúil é sin. Go háirithe nuair a bhí tromlach na muintire i mbaol titim isteach i gcaochán dall a n-aimhleasa náisiúnta!

raibh aon dabht riamh ann, dar le Dev, ach gur fearr a thuig leas an phobail mar a thuigeadar féin é. raghadh iar-Uachtarán na Poblachta ar strae, ach léargais phríobháideacha a chroí istigh a leanúint. Agus raghadh an pobal chun raice ach géilleadh do thoil anLongfella”.

Up Dev! An Phoblacht Abú!

The people have no right to do wrong.” Dev a dúirt le linn dhíospóireachtaí an Chonartha - sular thiomáin a theachtaí roimhe doras na Dara Dála amach i 1922. Ina chroí istigh raibh ach ceist amháin ag déanamh tinnis an cinniúnach sincathain agus conas a chruthódh na coinníollacha ina bhféadfadh siúl isteach arís leo, bealach amháin bealach eile.

Tar éis chúltroid fhuilteach Arm na Poblachta idir 1922 agus 1923, agus seal de bhliantaibh breise caite sa doircheacht lasmuigh, shiúil anLongfellaagus feisirí tofa a pháirtí nuaFianna Fáil - thar tairseach an Chúigiú Dáil isteach, ar an 12 Lúnasa 1927.

Bhí deoraíocht Dev tharté i bhfoisceacht na cumhachta arís.

Mháirseáil leithéid Martin Corry lena chois, feisire nuathofa Dháilcheantar Chorcaí Thoir. Luaitear gunnaí láimhe bheith i bpócaí parlaiminteoirí áirithe de chuid Fhianna Fáil i bhforhalla an Chúigiú Dáil sin. bhí, foláir go raibh bolg amach ar chóta Martin Corry!

bheadh Corry gan suíochán ón sin amach, go dtí gur dheonaigh gan é a chosaint in olltoghchán na bliana 1969.

D’fhanfadh Frank Aiken níb fhaide fós, go dtí nach bhféadfadh díluacháil an pháirtía sheasamh a thuilleadhfaicsean CJ Haughey a chuir an dubh air. I 1973, chroch Aiken casúr cáiliúil an chathaoirligh suas le taobh an tseanghunna a leag uaidh i 1923. bhí seirbhíseach dílis riamh ag an Stát seo, seirbhíseach a bhí deislámhach in úsáid an phíosa trealaimh sin, ba é Frank Aiken é. Ach sin obair lae eile.

Riochtaí éagsúla

Is iomaí cor agus casadh a tháinig idir chéad chruinniú Fhianna Fáil i halla an La Scala, Sráid Chonaill, ar an 23 Márta 1926, agus bualadh amach Bertie is a chairde sa Spa galánta sa Chaisleán Fraoigh, in iarthar Chorcaí, agus iad ar ais i gcumhacht arís leis an bPáirtí Daonlathach.

Is iomaí sluachorraíl a ghlac Fianna Fáil chuige féin, is iomaí riocht a chuir air féin, is iomaí dreach a theaspeáin don bpobal idir an mharc arda sin.

Fianna Fáil - an Páirtí Poblachtach a dhíbhunódh an Conradh Angla-Éireannach, a chuirfeadh Móid na Dílseachta ar ceal, a sheasfadh leis an daoscarslua – “the men of no property”. B’in iad na geallúintí faoinar sheol Dev agus a bhuíon isteach i dTeach Laighean arís, bíodh scéal na boilge amuigh fíor a mhalairt!

B’in an chéad sluachorraílpoblachtaigh dhígeanta, phraiticiúla ab ea an dream nua seo.

sásta a bhí WT Cosgrave, nuair a bhí an chuma ar an scéal go raibh nademi-daonlathaighseo chun ceannas a ghlacadh ar rialtas an tSaorstáit in olltoghchán na bliana 1932. Naclaontaí cumannachais a chuir as :

The people of Ireland can form their own association without any help from Moscow,” arsa WT sa Chaisleán Riabhach.

Ba ghangaidí fós Ernest Blyth, an tAire Airgeadais, mar a tuairiscíodh san Irish Times é:

If after 2 or 3 years the people wanted to turn out the Fianna Fail Government, the gun bullies would be outside the polling booths as they were in many places back in 1922.”

Bhí an teas ag ardú idir Fianna Fáil agus Cumann na nGaedhal, páirtí bunaithe an tSaorstáit. San Irish Times arís, 11 Eanáir 1932, tuairiscítear WT Cosgrave mar seo leanas:

The two new year gifts that the (sic) Fianna Fail proposes to bring you...areanother round with England’ andthe guns let loose at home’”.

Ba é an Irish Times meigeafón pearsanta na bunaíochta nua dúchasaíCumann na nGaedhal. Fir óga ab ea móramh an Rialtais sin, formhór acu a bhí fós míchompordach sna bónaí crua sciathánacha, gan trácht ar na cótaí eireaballacha foirmeálta a thóg áit anois na seantuiní uaine a chaitheadar le mórtaséide Óglaigh na hÉireann, éide gharchogaithe na saoirse, éide Arm na Poblachta.

An páirtí i gcumhacht

Níor thit ceachtar den chnámhscéal sin amach nuair a bhain Dev agus a pháirtí cumhacht amach ar an 9 Márta 1932. In ainneoin thuar míchruinn Chumann na nGaedhal, ba shíochánta na bealaí a ghlac Fianna Fáil chundul i ngleicle Sasana.

Níor íocadh na hAnáidí Bliantúla Talún leis an gCoróin; fearadh cogadh trádála, cogadh tine ar an mBreatain. Beart míchiallmhar ar fad ab ea an streachailt thrádála, tuaiplis a chuir forbairt gheilleagrach na tíre siar scór bliain ar a laghad.

Ar leathanach na creidiúna, áfach, cuireadh Móid na Dílseachta agus Oifig an Ghobharnóra ar ceal faoi Bhunreacht 1937.

Gan dabht, bhuaigh Dev an gharchogaíocht shiombalach ina chuid sceimhle shíochánta in aghaidh na Breataine. Léigh croí an phobail go maith sa mhéid sin. Is cuimhin liom m’athair féin a go raibhna magairlí ag Dev dúshlán na mbastairdí sin a thabhairt”.

Bhí an fear céanna ina shaighdiúir óg singil sa gharda onóra ar Inis Píc nuair a ghlac Dev seilbh ar na calafoirt chabhlaigh i 1938.

Bhíos seacht dtroithe ar airde an sin,” a deireadh Pat, mac an ghabha as Díseart Diarmada, agus blianta lácha na fealsúnachta ag síneadh amach roimhe.

Fiú chaill Dev an cath geilleagrach, sheas an mórphobal leis. Ba anmé-féinachas”, is ba mhó an tírghrá a gheofá i sochaí ocrach na dtríochaidí. bhfaighfeá an meon sin anois i bpluais chluthar lánfhostaíochta an Tíogair Chraosmhair Cheiltigh.

An Bunreacht

theip ar Dev is a bhuíon sa bhunaidhm a bhí acu, athaontú agus Gaelú na tíre, ba é an Bunreacht an sméar pholaitiúil gcéad seal i gcumhacht. Ba é is a d’fhág marc ar éabhlú shaol poiblí na tíre le linn céad tréimhse cumhachta Dev. Ach seans gurb í an neodracht le linn an Dara Chogadh Domhanda a thug síneadh thar seal nádúrtha Fhianna Fáil donChiefar ball.

Glactar go forleathan anois leis go raibh Bunreacht 1937 ba liobrálaí aon nua-bhunreacht Eorpach eile, i dtollán fada bhlianta dubha an fhaisisteachais. Gan dabht, bhí tús áite tugtha don Eaglais Chaitliceach Rómhánach sa Bhunreacht. na forálacha a bhaineann leisan taighleachfós ina gcnámh spairne eadrainn. Agus níl aon éalú ón léamh coimirceach a tugadh ar ról na mban tríd síos.

uireadh oifig an Ghobharnóra Ghinearáil ar ceal faoin mBunreacht, mar a bhí geallta ar na slógaí toghchánaíochta. Slógaí a bhí teasaí go maith nuair a thugadhBroy HarriersFhianna Fáil agusLéinte GormaChumann na nGaedhal fána chéile le bataí, doirne agus liúireach fhiáin troda!

Insealbhaíodh Dúbhglas de hÍde, a raibh glactha leis mar iarrthóir aontaithe idir na páirtithe uilig, mar chéad Uachtarán na hÉireann.

Corcaíoch eile a raibh an scian nimhe amuigh aige don ócáid - EoinThe PopeO’Mahoney. Fear a mhol an rann seo leanas mar rosc náisiúnta nua in ionadAmhrán na bhFiann”, anois go raibh spiorad éacúiméineach an chomhghéillithe san aer:

God save our gracious Hyde!

God save our noble Hyde!

God save our Hyde!

When Dev and Cosgrave clash

He will do nothing rash,

God bless his old moustache

God save our Hyde!

Shleamhnaigh an Bunreacht thar cheist stádas na poblachta. Lámh Dev arís. Comhréiteach a bhí ann idir ríogacht agus poblachtánachas, idir daonlathas agus dialathas, idir olagarcacht agus coitiantacht, idir leas comónta an phobail agus cearta indibhidiúla an duine. Doiciméad cliste, aclaí, a raibh dóthain le léamh as chun móramh an phobail a shásamh, ach nár imeallaigh an mionlach amach is amach ach oiread.

Cáipéis chlasaiceach is ea í, a bhfuil meon casta Íosánach Dev le léamh ar gach siolla, consan, focal, abairt, fochlásal agus alt. Sheas go réasúnta dúinn ó shinfeartlaoi bhuan anLongfella”.

Sa chéad eagrán eile de Beo! leanfar le scéal Fhianna Fáil, suas go dtí an atá inniu ann, faoin dteidealMar atá fós?”

Is as Corcaigh ó dhúchas é Pat Butler. Is craoltóir le RTÉ agus Stiúrthóir Scannán é.

Bhuaigh Iriseoir Teilifíse na Bliana i nGradaim Náisiúnta na Meán i 1998 scannánBallyseedy”. Sa bhliain 2000, bhuaigh Gradam Cumarsáide an Oireachtais - Teilifís doKilmichael”. Scríobhann colún míosúil don nuachtán Foinse.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.