AR NA SAOLTA SEO
Feiceálacht Teanga
Maura Lynskey Maura Lynskey Maura Lynskey

Is ráiteas teangeolaíochta, dearfach nó diúltach, agus is eachtra teanga gach méar eolais a leagfaimid súil air i rith an lae. Tugann Maura Lynskey aird i dtólamh ar fheiceálacht na teanga seo ar chomharthaí bóthair na tíre.

Bíonn teangacha le feiceáil thart orainn uilig i gcruth téacsúil. Feictear iad i bhfuinneoga siopaí, ar fhógraí tráchtála, ar bhileoga, ar fhógraí oifigiúla agus ar chomharthaí tráchta idirnáisiúnta. Tugtar ‘feiceálacht teanga’ nó ‘linguistic landscape’ i mBéarla ar an léiriú poiblí teanga seo agus tá fás as cuimse tagtha faoin staidéar atá á dhéanamh ar an ngné seo ‘feiceálacht teanga’ ar fud na cruinne, go háirithe i réimse na sochtheangeolaíochta. Imríonn an fheiceálacht teanga tionchar ar an mbaint a bhíos ag beartas teanga ar an bpobal, agus ar an gcaoi a gcuirtear an beartas sin in iúl i measc na sluaite daoine taobh istigh de cheantar geografach sainiúil. Cuireann infheictheacht teanga go mór le tuairimí phobal na teanga sin agus imríonn sí tionchar ar aon bheartas a dhéanfar i leith na teanga sin. Mar sin féin, is beag mionscrúdú atá déanta ar ar an bhfeiceálacht teanga agus ar bheartas teanga maidir le comharthaí Ghaeilge in Éirinn. Tá an-suim agam féin sa scéal.

Comharthaí Tráchta in Éirinn

Is díol spéise iad na comharthaí teanga in Éirinn toisc gurb iad an léiriú is feiceálaí den Ghaeilge sa tír, abair, ag an té a sheachnaíos TG4. Tá ról láidir ag an nGaeilge san fheiceálacht teanga mar gur cuid de bheartas teanga na tíre é go mbeadh an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla le feiceáil ar bheagnach gach comhartha tráchta oifigiúil in Éirinn sa lá inniu.

Is é an mílitriú Gaeilge ceann de na ceisteanna is coitianta atá ann ó thaobh comharthaí tráchta de. Is léir go gcruthaíonn an leagan Gaeilge deacrachtaí do na húdaráis áitiúla a bhfuil sé de dhualgas orthu leagan dátheangach a chur ar fáil mar is fíormhinic a fheicimid an leagan Gaeilge loite uilig ar chomharthaí. Níos minice ná a mhalairt bíonn an litriú beagnach i gceart ag na húdaráis ach amháin go mbíonn an litriú agus úsáid an tsínidh fhada ach go háirithe mícheart le feiceáil os comhair an tsaoil ar chomharthaí.

Sa chás seo ar dheis, Lochán an Bhealaigh, fágadh an síneadh fada ar ‘a’ an fhocail ‘Lochán’ (agus fágadh an guta ‘i’ gan síneadh fada san fhocal ‘míle ar a chúl). Bíodh go bhfuil an mílitiriú Gaeilge ar cheann de na saincheisteanna is mó a thagann chun cinn maidir le feiceálacht teanga in Éirinn, is iomaí gné eile áfach a bhíos ag déanamh buartha do dhaoine faoi leaganacha Gaeilge ar chomharthaí bóthair le blianta fada.

Comharthaí Turasóireachta

Chomh maith leis na gnáthchomharthaí bóthair tá na comharthaí turasóireachta ann. Is ábhar spéise don turasóir iad seo mar go mbíonn ainmneacha mionghnéithe de dhúlra agus de dhreach na tíre le feiceáil orthu ag an té a mheabhrós orthu. Mar sin féin, le barr aineolais, déantar neamhaird iomlán ar an mbunleagan Ghaeilge ar an gcomhartha turasóireachta do Bhealach Ghleann na Suca, comhartha atá crochta ar an mbealach N60 idir An Caisléan Riabhach agus Béal Átha Mó i Contae Ros Comáin. Níl leid dá laghad den Ghaeilge le feiceáil sa ghrianghraf ar dheis.

Tagann ceist eile chun solais san alt seo i dtaca leis an leagan Gaeilge ar chomharthaí turasóireachta an Stáit. Dhealródh sé go mbeadh radharc súl níos fearr ag teastáil ón té gur mhaith leis nó léi an Ghaeilge ar chomharthaí turasóireachta áirithe a léamh. Bíodh go bhfuil an leagan Gaeilge ‘Garraithe Náisiúnta na Lus’ níos giorra (23 litir móide 3 bhearna) ná an leagan Béarla (25 litir móide 2 bhearna), bheartaigh an t-údarás bóthair feidhm a bhaint as cló níos lú don ainm Gaeilge ar an gcomhartha a threoraíos daoine ann. (Sa ghrianghraf ar dheis)

ceisteanna le cur, gan amhras, maidir le cur chuige in Éirinn i dtaobh na Gaeilge. Toisc nach bhfuil aon dream amháin freagrach as an gcur i bhfeidhm i dtaca le teanga, tagann saincheisteanna chun cinn maidir le Gaeilge ar chomharthaí. Titeann cúram na mbeartas maidir le Gaeilge ar chomharthaí ar níos mó ná aon fhoras amháin. Is é an tAire Iompair a leagann síos na rialacháin faoi chomharthaíocht de réir na gcumhachtaí atá aige faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre. Tagann sé faoi chúram an Údarás um Bóithre Náisiúnta agus na n-údarás áitiúla na rialacháin sin a chur i bhfeidhm. Tá an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta freagrach as tógáil agus cothabháil na gcomharthaí ar bhóithre náisiúnta an Stáit agus tá na húdaráis áitiúla freagrach as tógáil agus as cothabháil na gcomharthaí ar bhóithre áitiúla mar aon le bóithre réigiúnacha an Stáit. Cheal aon nasc soiléir idir na forais éagsúla thuasluaiteeaspa cumhachta chomh maith le heaspa leanúnachais ann.

Feasta

Is léir go bhfuil an córas reatha mífheidhmiúil. Tá géarghá ann an cur chuige seo a athrú agus córas amháin a bhunú a bheadh comhsheasmhach iontaofa. Cé go mbeadh fonn ar a lán daoine gearán a dhéanamh maidir leis an leagan Gaeilge ar chomhartha, níl aon oifig lárnach ann le cumhachtaí dlíthiúla chun an cheist a láimhseáil. Tá sé fíor-riachtanach córas ainmniúcháin geografach a thagann faoi chúram údarás amháin a chur i bhfeidhm in Éirinn chun gnéithe fisiceacha agus áiteanna pobail a ainmniú. Ní inniu ná amárach a tharlóidh seo ach tá súil agam go gcuirfidh ábhar an ailt seo tuilleadh beochta sa díospóireacht agus, ag eascairt as sin, go gcruthófar tuiscint níos fearr ar thábhacht na Gaeilge ó thaobh feiceálacht na teanga ar chosáin agus ar cholbha bhóithre na tíre.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.