AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Feartlaoi Charlie
Balor Balor Balor

Spreag bás Chathail Eochaidh Balor le dul i mbun pinn.

Íomhá
An Prionsa

An raibh ag an tsochraid?” a d’fhiafraigh de Bhalor an Bhéil Bhinn an faoi dheireadh. “An raibh ag an tsochraid? An raibh ag an tsochraid?a d’fhreagair le teann

díchreidimh agus fiatachta agus confaidh. “ chaillfinn an tsochraid ar ór ar airgead. Bhí ag iarraidh dul suas ar an altóir le Finbar Furey mar chuid den cheolchoirm ag deireadh an Aifrinn ach dúirt siad go scanróinn an pobalamhail is go n-uamhnódh mo ghnúis ghnaíúil ghalánta duine ar bith. An síleann siad nár scanraigh Furey aon duine agus an fheadóg sin á rúisceadh thart aige ar nós coilg? Ar scor ar bith, nach bhfaca ar an tele? Nach bhfaca mo shúil nimhe ag glioscarnach le deora ar mhala Bhinn Éadair nuair a bhí mo ghile mear á chur sa chré? *An raibh ag an tsochraid? *A leithéid de cheist!

Cén dóigh nach mbeinn ann le hómós a thabhairt do Bonny Prince Charlie agus é ag gabháil faoin fhód? Prionsa cruthanta ceart amach is amach a bhí ann, bíodh a fhios agat; agus bhí bonny gan dabht. Nach raibh leath de mhná na tíre ag rith ina dhiaidh go hoscailte, agus an leath eile i ngrá leis faoi rún? ach sracfhéachaint a thabhairt ar a chúlra le tuiscint a fháil ar phearsantacht tharraingteach an fhathaigh seo de pholaitíocht na tíre.

Sin-sin-sin-sin-seanuncail leis ab ea Chulainn Ó hEochaidh, laoch thar laochra Éireann, agus d’fhulaing Charlie a chuid créachtaí polaitiúla go calma agus go cróga, mar a rinne Chulainn. Sin-sin-seanaintín leis ab ea Gráinne Mhaol Eochaidh. An bhean sin de bhunadh Mhaigh Eo a bhí mar eiseamláir aige nuair a rinne an cinneadh clúiteach sin arm agus armlón a allmhairiú. Níor chreid na húdaráis é ag tús na seachtóidí nuair a mhínigh dóibh gur d’fheirmeoirí Mhaigh Eo a bhí na gunnaí sin, chun a gcuid caorach a chosaint. Is dócha a mhalairt nach gcreideann siad fós é.

Ach an ndearna aon ghearán nuair nár creideadh é? An ndeachaigh ag meabhrú os cionn na tine? dhearna, baol air. Chuaigh síos i measc na ndaoine, mar a rinne a uncail Seán Ó Ríordáin Ó hEochaidh roimhe, agus chuaigh síos ag lorg daoirse ón mbinbshaoirse a bhí ag liú thart air, agus cheangail an chonairt smaointe agus d’ith cearca agus sceallóga.

Agus nuair ba léir a acmhainn agus a chumas agus a inniúlacht do lucht a adhraithe d’íoc siad a gcuid deachúna agus cheannaigh teach flaithbheartach agus long bhraineach agus éadaí prionsúla. Ach dheachaigh thar fóir: níor cheannaigh ach oileáinín beag bídeach. Bhí tuigbheáil aige don mheasarthacht i gcónaí.

Is mór an meas a bhí agam ar an Phrionsa Charlie thar rud ar bith eile choinnigh saor ó chuing an phósta. Ba é an chaint a rinne ar RTÉ sa bhliain 1982 ba chúis le mo shaoradh, nuair a d’iarr ar mhuintir na hÉireann a gcuid criosanna a theannadh. Oíche a shochraide, nuair a bhí lucht glanta glún ag dul siar ar bhóithrín na smaointe agus ag caoineadh isteach ina gcuid piontaí, thug mise aghaidh ar mo phluais bheag uaigneach agus scríobh a fheartlaoi. súil agam go mbogfaidh sibh, thuigeann sibh :

Feartlaoi Charlie:

Bhí óg is bhí amaideach agus lán de spórt is spraoi

Ag féiltí gach aon agus ag rince gach aon oích’.

raibh stad liom riamh den ragairne, den chaiteachas gan bhrí

Go dtí gur chuala mise Charlie is é ag caint ar RTÉ:

Dúirt :

Teannaigí bhur gcriosanna agus teannaigí iad go docht.

Bígí caol os comhair an tsaoilrud uasal é bheith bocht.

Brisigí bhur dtóineachaí agus saothraígí go dian

Mar níl rud ar bith níos measa amuigh caiteachas gan srian.

Bhuel d’éist leis na focail sin agus d’athraigh siad mo shaol

Mar a bheinn ag faoistin misin agus m’anam bocht i mbaol.

Chruinnigh gach pingin rua a thiocfadh liomsa a fháil

Agus chuir isteach i gcuntas é de chuid Cheannaire Fhianna Fáil.

Thit i ngrá le girseach álainnba í ábhar gach aon dáin:

Ba í Ainnir Dheas na gCiabhfholt Donn is Péarla an Bhrollaigh Bháin,

Ach nuair a luaigh fáinne is bainis, arú chaill ciall is brí.

Ar Cad é, a stór, fán óráid mhór a thug Charlie ar Nuacht a Naoi?”

Dúirt :

Teannaigí bhur gcriosanna agus teannaigí iad go docht.

Bígí caol os comhair an tsaoilrud uasal é bheith bocht.

Brisigí bhur dtóineachaí agus saothraígí go dian

Mar níl rud ar bith níos measa amuigh caiteachas gan srian.

Níor phós riamh is níl cathú orm, miste dom a .

Phós mo chairde uilig, gach duine acu is siad uilig chrá.

doiligh crios a theannadh thart ar aon bhaitsiléir bocht amháin

Thógfadh crios mór ceart le fáisceadh thart ar mhuirín is ar bhean.

Chaith Charlie saol an mhadaidh bháin, madadh a bhí gan dó’,

Ar shiúl sa long, é féin ’s an drong a bhí cairdiúil leis fadó

Go Páras choinne léinteacha is go Nice ag crú na gréin’.

Ba léir do chách nach é a ghlac a chomhairle cháiliúil féin.

Dúirt :

Teannaigí bhur gcriosanna agus teannaigí iad go docht.

Bígí caol os comhair an tsaoilrud uasal é bheith bocht.

Brisigí bhur dtóineachaí agus saothraígí go dian

Mar níl rud ar bith níos measa amuigh caiteachas gan srian.

Níl bean agam is níl clann agam ach teach beag agam domh féin.

íocaim cáin ar bhó ar chráin is greim le cur i mo bhéal.

raibh airgead agam do Telecoma bhuíochas sin do Dhia

Is do na focail is fearr a dúirt aon fhear ar RTÉ ariamh:

Dúirt :

Teannaigí bhur gcriosanna agus teannaigí iad go docht.

Bígí caol os comhair an tsaoilrud uasal é bheith bocht.

Brisigí bhur dtóineachaí agus saothraígí go dian

Mar níl rud ar bith níos measa amuigh caiteachas gan srian.

Ach mo bheannacht ort, a Charlie, is a choinnigh saor ón ghad.

Is a shábháil ó dhul ar strae mar a rinne mo chairde ar fad.

do thaibhse anois ar d’oileáinín ar nós Mac Dara an naomh

Ag siúl sa fhraoch is fós ag glaoch ar aitinn is ar chraobh:

Ag scairteadh:

Teannaigí bhur gcriosanna agus teannaigí iad go docht.

Bígí caol os comhair an tsaoilrud uasal é bheith bocht.

Brisigí bhur dtóineachaí agus saothraígí go dian

Mar níl rud ar bith níos measa amuigh caiteachas gan srian.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.