AR NA SAOLTA SEO
Fear ait Shlí na Gaineamhchloiche
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Chas Tony Birtill le fear an-ait agus é amuigh ag siúl i Cheshire le gairid agus fuair amach ina dhiaidh sin gur duine a bhí ann atá an-tugtha don fhoréigean.

Íomhá
An teach tábhairne The Bears Paw
Íomhá
Caisleán Beeston
Íomhá
Íomhá

Shiúil ó bharr go bun Cheshire le gairid ar an chosán fada ar a dtugtar Slí na Gaineamhchloiche the Sandstone Trail. Téann an tslí seo ó Frodsham sa tuaisceart, in aice leis an Mersey, go dtí Whitchurch sa deisceart, thart le teorainn chontae Shropshire. Leanann droim ghaineamhchloch, agus nach bhfuil ró-ard, bíonn radhairc iontacha ann mar go bhfuil an taobh tíre thart timpeall íseal.

55 ciliméadar (34 míle) atá i gceist agus shocraigh féin agus mo chara Neill an turas a dhéanamh in dhá , agus fanacht thar oíche leath bealaigh tríd. Beidh ag siúl na slí seo arís le grúpa mac léinn sa bhliain úr agus mar sin b’éigean dom measúnú priacail a dhéanamh roimh , mar sin an dlí anois i gcás scoileanna agus coláistí.

Tosaíonn an tslí i lár Frodsham ag an teach tábhairne The Bears Paw, in aice le leacht ar leith. bhíonn i bhfad, áfach, go mbíonn ag amharc síos ar an bhaile deas seo ó bharr Beacon Hill. Sléibhte Clwyd sa Bhreatain Bheag le feiceáil san iarthar agus Sléibhte Pennine Shasana san oirthear. Bhí an t-ard seo tábhachtach mar thearmann 2,000 bliain ó shin agus giota beag níos faide ar aghaidh ráth le fáil, Woodhouse Hill Fort. seacht ráth mar seo ar an tslí agus tógadh iad san Iarnaois (c. 300RC-500IC), sular tháinig na Sasanaigh chuig an tír.

bhíonn na radhairc le feiceáil níos tar éis cúpla uair nuair a théann an tslí trí Fhoraois Delamere, áit a raibh lón againn i measc na gcrann.

Osclaíodh Slí na Gaineamhchloiche i 1974 mar gur thuig an Chomhairle Contae ag an am sin chomh tábhachtach is a bhí siúlóirí do gheilleagar na tuaithe. Foilsíonn siad leabhrán eolais a bhfuil léarscáil ann, chomh maith le liosta lóistín, agus siad seo le fáil saor in aisce (tabhair cuairt ar www.Cheshire.gov.uk/tourism glaoigh air 01244 603107). Bhain siad úsáid as cearta slí a bhí ann cheana féin agus chuir siad suas craobhacha eolais leis an chosán fada a thaipeáint. comharthaí beaga buí ann fosta a bhfuilS’ agus saighead le fáil orthu, mar sin deacair dul amú.

Dúirt an tOifigeach Sinsearach Turasóireachta, John Wainwright, liom gur fiú na mílte míle punt an tslí do gheilleagar an chontae. Is léiriú maith air sin an Summertrees Teashop. Feirmeoir áitiúil a d’oscail an bhialann seo agus bhí lán go doras nuair a shiúil muid thairsti.

Bhí ag stealladh báistí san iarnón agus bhí muid an-sásta Caisleán Beeston a fheiceáil i bhfad uainn mar go raibh muid ag stopadh thar oíche sa teach tábhairne míle amháin roimhe.

B’éigean dúinn dul soir cúpla míle nuair a bhain muid canáil an Shropshire Union amach. Bhí báirse ag dul trí loc ansin agus thapaigh Neill an deis síob a fháil dúinn.

raibh ar bháirse riamh i mo shaol,” an leithscéal a bhí aige, ach bhí féin an-tuirseach fosta agus thuig an fáth go raibh ag iarraidh síbe. Lánúin ó Watford, Louise agus Stewart, a bhí i gceannas an bháirse agus iad ar laethanta saoire lena gclann, agus bhí siad breá sásta síob a thabhairt do bheirt siúlóirí a bhí fliuch báite.

Bhí glúin Neill nimhneach an mhaidin dár gcionn agus bhí bacach nuair a shiúil muid thar Chaisleán Beeston. Thóg Rannulf, Iarla Chester, an caisleán seo i 1337 chun an teorainn leis an Bhreatain Bheag a chosaint agus fós mórthaibhseach.

Bhain muid Raw Head, an cnoc is airde ar an tslí (227 méadar), amach ag am lóin agus ba léir faoin am sin nach mbeadh Neill ábalta leanstan ar aghaidh. D’fhág é ag an bhóthar le síobsiúl ar ais go dtí an carr in Frodsham agus lean ar aghaidh liom féin.

Feirm Barhill

Téann an ceathrú deireanach den tslí trí thalamh feirmeoireachta. Feirmeacha déiríochta atá le fáil ansin den chuid is ach mar gheall ar na comharthaí buí raibh deacair an tslí a aimsiú go dtí go raibh ag tarraingt ar Fheirm Barhill. Thug faoi deara go raibh na craobhacha eolais agus comharthaí buí leagtha go talamh agus nuair a bhain an fheirm amach bhí cuma an-ait uirthibhí seanfheithiclí agus innealra scaipthe thart timpeall. De réir an leabhráin eolais, chuaigh an tslí díreach tríd an chlós feirme ach bhí an geata faoi ghlas. Bhí fógraí rabhaidh faoi mhadraí gardála ar an sconsa agus ba léir ón tafann a bhí siad a dhéanamh go raibh siad fíochmhar. raibh duine ar bith eile thart agus bhí driuch orm. Chuir an fheirm an scannán Deliverance, a raibh John Voight ar dhuine de na haisteoirí ann, i gcuimhne dom. (Sin an scannán ó 1972 a bhfuilDuelling Banjosann.)

Ag smaoineamh go raibh meancóg déanta agam, d’fhill an bealach a tháinig agus chaill leathuair ag cuartú slí eile. Faoi dheireadh, chuaigh ar ais go dtí an geata agus chonaic fear sa chlós. Scairt air, agus nuair a tháinig chugam bhí cinnte gur tuathánach as Deliverance ab ea é, bhí cuma chomh hait sin air. raibh aithne agam air, ach fuair amach níos moille gur Martin Leigh ab ainm . D’admhaigh go ndeachaigh an tslí tríd an chlós agus chuir srian ar na madraí chun féin a ligean tríd.

Thug faoi deara, ar an taobh eile den fheirm, go raibh na comharthaí leagtha fosta.

Sa chéad fheirm eile, bhí bulláin sa pháirc. Bíonn siad fiosrach go minic ach nuair a thug dhá cheann acu ruathar orm, léim trasna an sconsa isteach i bpáirc tornapaí.

Bhain Whitchurch amach sa dorchadas agus bhí lúcháir orm Neill agus an carr a fheiceáil ansin.

Scríobh measúnú priacail sa choláiste agus chuir cóip chuig an mhaor slí sa chomhairle contae, John Street. Fuair teachtaireacht ar ais uaidh láithreach agus d’iarr orm scairt a chur air. D’inis dom go raibh an feirmeoir, Martin Leigh, os comhair na cúirte i Chester an tseachtain sular bhuail leis agus gur gearradh téarma dhá mhí dhéag sa phríosún air as trí chúis is fiche. Nuair a chuala an téarma a bhí gearrtha air, chuir i gcéill go raibh taom croí aige sa chró cúirte agus tugadh go dtí an otharlann é. Scaoileadh amach ar bannaí é le haghaidh scrúdú leighis agus sin an dóigh ar chas féin air.

Is minic a bhíonn siúlóirí san otharlann tar éis chuid madraí iad a ionsaí,” a dúirt John Street liom. “Nuair a chuaigh féin go dtí a fheirm, bhagair orm agus dúirt mo shaoiste liom go raibh róchontúiteach dom dul ar ais ansin.”

Tharraing Leigh aird air féin den chéad uair in 2001 i rith ghéarchéim an ghalair crúibe is béil. Bhí an contae saor ón ghalar go dtí go ndúirt seisean go raibh spuaiceanna i mbéal a chuid . Nuair a rinne na saineolaithe scrúdú orthu fuair siad amach nach raibh an galar orthu agus is é an tuairim a bhí acu gur thug Leigh sóid loiscneach do na ba chun cúiteamh a fháil ón rialtas.

Fuair na húdaráis gearáin go rialta ó shiúlóirí faoin droch-chuma a bhí ar bha Leigh, ach nuair a thug na cigirí cuairt air, bhagair orthusan fosta. D’fhill siad ar ais leis na póilíní, ach bhí i bhfolach orthu. Nuair a bhí siad á chuartú, tháinig amach i dtrucail ardaithe agus thóg carr na bpóilíní agus d’fhág ar mhullach vaigín féir é.

Nuair a d’amharc ar a chás ar an idirlíon thuig go raibh an t-ádh orm éalú ón ghealt seo.

Le cuidiú beidh fós sa phríosún nuair a rachaidh an treo sin arís. Sin an dóchas atá ag John Street agus an dream i gComhairle Contae Cheshire mar go dtuigeann siad gur féidir le hamadán amháin an-dochar a dhéanamh don gheilleagar áitiúil.

Níl a fhios agam an bhfuil an bharúil chéanna ag Comhairle Contae Shligigh faoi Andythe BullMcSharry.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.