AR NA SAOLTA SEO
Feachtas in Aghaidh Kony
Doireann Ní Ghlacáin Doireann Ní Ghlacáin

Bhí Doireann Ní Ghlacáin ag caitheamh súile ar an gcur is cúiteamh a thosaigh le feachtas Invisible Children sna Stáit Aontaithe in aghaidh Joseph Kony i Uganda.

Íomhá
Joseph Koni
(le Myriam Asmani, ag Radio Okapi ar Picasaweb)
Íomhá
Yoweri Museveni in Entebbe
(le Paul Morse, SAM, ar Vicipéid)
Íomhá
Baile Lira, Uganda
(le Brian Beattie ar Vicipéid)

Bíonn dhá insint ar scéal (agus dhá leagan déag ar amhráin) sa lá atá inniú ann, go háirithe agus an t-idirlíon chomh cumhachtach ar na saolta seo, nó chomh guagach dar le roinnt. Tá fuíollach eolais ar fáil dúinn go léir agus scata leagan ar an eolas sin chomh maith.

Is annamh a thagann scéal chun cinn sna meáin anois gan lucht idirlín ag déanamh tagairt dó ar na blags, ag maíomh comhcheilge éigin leis. Tarraingníonn scéal scéal eile, deir siad. Sampla maith den mhéid seo is ea an clár faisnéise ‘Loose Changes’ a chuir i leith rialtas Mheiriceá go rabhadar taobh thiar d’eachtraí uafáis 9/11. Tá sé cloiste againn gur minic cuma aingil a bhíonn ar an ndiabhail féin, ach i ndáiríre, tá na scéalta seo ag éirí níos áiféisí le déanaí.

Ní raibh aon ionadh orm mar sin nuair a tháinig scéal ‘Kony2012’ chun cinn go raibh geocach ríomhaire ar an idirlíon láithreach, ag roinnt a thuairime ar an ábhar. Is dócha go bhfuil trácht éigin ar Kony2012 cloiste ag roinnt mhaith againn faoin dtráth seo. Feachtas mór í seo a seoladh ar an idirlíon ag an eagraíocht charthanachta ‘Invisible Children’ i gcoinne Joseph Kony, ceannaire an LRA, drong muirthéachta i Uganda. Chuir ‘Invisible Children’ físeán cumhachtach ar YouTube a léirigh gur fhulaing a lán páistí de bharr cleachtais Kony. Tuairiscítear go raibh baint aige leis na gcéadta páistí i Uganda a fhuadach agus a éigniú, agus iad a chur chun troda. Feachtas é seo a shamhlófá a bheadh ag gnóthú tacaíocht gach éinne, ach ní mar a sin a tharla.

An Cur i gCoinne

lear mór altanna frith-‘Kony2012’ foilsithe le déanaí. (Féach sna naisc de leataobh.) Dar leo, tá Ben Keesey, an CEO, ag tuilleamh $86,241 sa bhliain- atá cothrom le 0.99% d’ioncam bliantúil na carthanachta, agus tá Jason Russell, bunaitheoir na carthanachta, ag tuilleamh $89,669 sa bhliain - 1% d’ioncam bhliaintiúl na carthanachta. Níl aon fhianaise ag tacú leis na bhfigúirí seo, áfach, agus ardaíonn sé ceist maidir le bunús an áitimh i gcoinne an fheachtais.

Ó eisíodh an chéad fhíseán, tá tuairim is 76 milliún ‘hits’ fachta aige. Éacht í seo gan amhras. Tá ‘imeachtaí’ ag titim amach ar Facebook chomh maith le haitheantas a fháil don chúis. Is cinnte go bhfuil teachtaireacht scaipthe mórthimpeall an domhain, ach is í an cheist is práinní ná, an bhfuil na figiúrí cruinne ar fáil dúinn?

Bhí an méid sin daoine á cháineadh gur eisigh an charthanacht físeán nua chun na ráflaí seo a chur ina luí, agus ó shin i leith tá gach eolas maidir le cúrsaí airgeadais na carthanachta ar fáil ar an suíomh idirlín Invisible Children, agus tugtar briseadh síos ar chaiteachas na carthanachta chomh fada siar le 2006. Níl ceann nó tóin leis na hargóintí seo i ndáiríre. Dhein Ben Keesey an chosaint is fearr i ráiteas a foilsíodh le déanaí.

Is bréaga iad na ráflaí atá ag cur inár leith nach bhfuilimid go hiomlán macánta ó thaobh an airgeadais de, nó nach bhfuil comhlacht neamhspleach ag déanamh iniúchadh ar chuntas an chomhlachta. Tá ár ndícheall á dhéanamh againn a bheith chomh mácanta agus chomh cruinn agus is féidir a bheith. Anois lig dúinn díriú ar a bhfuilimid go léir aontaithe. Caithfear stop a chur le Joseph Kony.”

Más fíor an méid san fhíseán ag Invisible Children, agus creidimse féinig agus Binse Fiosrúcháin Idirnáisiúnta um Choiriúlacht Chogaidh go bhfuil sé fíor, deánfar éagóir ar na leanaí seo athuair mura dtapófar an deis seo le Joseph Kony a ghabháil.

Is léir go bhfuil an-chuid eolais ar an idirlíon atá míchruinn, agus fiú áiféiseach. Tá an chuma air gur maith le daoine a bheith ag cumadh scéalta. Is milis é praiseach na gcomharsan. Tá an fhírinne le fáil, ach caithfear í a lorg.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Tá Doireann Ní Ghlacáin ag freastal ar Choláiste Íosagáin, An Charraig Dhubh, BÁC.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.