CÚINNE NA nEALAÍON
Feachtas Gangnam
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Chuir Ciara Nic Gabhann spéis in amhrán PSY ó Phoblacht na Cóiré, rap-amhránaí a bhfuil na céadta milliún á chasadh ar Youtube le tamall anuas.

Íomhá
PSY faoi agallamh
(le Eva Rinaldi ar Flickr)
Íomhá
PSY
(Eva Rinaldi ar Flickr)
Íomhá
Gangnam ag dreapadh árasán i nGangnam, Seoul
(le Steve ar Picasaweb)

Tá éacht déanta ag an rap-amhránaí PSY, ó Phoblacht na Cóiré lena amhrán corraitheach Gangnam Style, atá i ndiaidh breis is 810 milliún amas a fháil ar YouTube (an méid is mó riamh faighte ar an suíomh físeán seo go sea) agus atá ag dul i bhfeidhm go mór ar dhaoine fud fad na cruinne.

Feictear PSY, nó Jae-sang mar is fíorainm dó, gléasta go kitschúil i suíomhanna éagsúla agus é ag déanamh damhsa atá cosúil le marcaíocht ar chapall. Scigamhrán is ea Gangnam Style agus tá an físeán bunaithe ar mheascra radharcanna atá ina scigaithris ar fhíseáin popcheoil agus mar gheall air seo atá intuigthe ag lucht féachana timpeall an domhain.

Tagann an téarma Gangnam Style ón Chóiréis agus tagraíonn sé don stíl mhaireachtála mhianaidhmeach atá le feiceáil i gceantar Gangnam (Beverly Hills Seoul) agus is faoin chultúr tomhaltach seo a dhéanann PSY scigmhagadh ina amhrán.

Is díol spéise an ráth ollmhór atá ar an amhrán in ainneoin go bhfuil go leor daoine nach dtuigeann an liric atá beagnach go hiomlán i gCoiréis ach, mar gheall ar an damhsa barrúil a dhéanann PSY san fhiseán agus an fonn tarraingteach a théann leis an amhrán, tá daoine ar fud na cruinne ar bís le híosluchtú a dhéanamh air arís agus arís eile ó YouTube.

An-Deis Bholscaireachta

Tá an t-amhrán i ndiaidh an chéad áit a bhaint amach i gcairteanna ceoil 30 tír éagsúla go dtí seo, ina measc: an Astráil, Ceanada, An Fhrainc, An Ghearmáin, An Spáinn, an Bhreatain chomh maith leis an tSín, áit a ndúirt na meáin stáit go raibh an fonn ‘diaga’.

Tuigeann lucht ealaíne agus polaitíochta go bhfuil deiseanna bolscáireachta san amhrán seo lena gcásanna féin a chur os comhair an tsaoil agus is amhlaidh an cás don ealaíontóir easaontach Síneach, Ai Weiwei. Rinne seisean aithrís ar an amhrán ar YouTube le gairid chun aird a tharraingt ar easpa saoirse tuairimíochta agus cead cainte sa tSín. Nuair a chuir údarás na Síne cosc láithreach ar a fhiseán agus bhain den Idirlíon é, dúirt Ai Weiwei go raibh sé ina cheart ag daoine iad féin a chur in iúl dá chéile agus go raibh an ceart seo ceangailte go dlúth le cruthaíocht, sonas agus le saol daoine agus an tsochaí ar di iad.

Spreag feachtas Ai Weiwei an dealbhóir Sasanach Anish Kapoor agus cairde eile ó shaol na healaíne le físeán ‘Gangnam Style’ dá gcuid féin a dhéanamh mar thaca d’Ai agus d’fheachtasóirí cearta daonna eile timpeall an domhain.

‘Bhi sé thar a bheith amaideach’ a dúirt Kapoor agus é ag caint faoin damhsa áiféiseach a rinne siad mar aithris ar cheann PSY, ‘ach bhí gá leis. Is dual d’ealaíontóirí rudaí amaideacha a dhéanamh agus spriocanna dáiríre a bheith taobh thiar díobh.’

I measc na ndaoine eile a mealladh le haithris a dhéanamh ar Gangnam Style, bhi Príomh-Aire na Breataine, David Camshrón, Boris Johnson, Ard-Mhéara Londain, Madonna – banríon an phopcheoil í féin chomh maith le hArd–Rúnaí na Náisiúin Aontaithe, Ban Ki-Moon a dúirt go raibh an t-amhrán chomh bríomhar sin go dtiocfadh leis an domhan a spreagadh chun síochána.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.