AR NA SAOLTA SEO
Fás Shinn Féin ó dheas ag cur imní ar na páirtithe eile
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

Tá Dónall Ó Maolfabhail den tuairim go bhfuil dochar mór déanta ag roinnt de na ráitis a rinne an Taoiseach agus an tAire Dlí agus Cirt mar gheall ar mhaoiniú Shinn Féin agus gur chun vótaí a mhealladh ina dtreo féin atá sé seo á dhéanamh acu.

Íomhá
An Taoiseach Bertie Ahern
Íomhá
An tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell
Íomhá
Enda Kenny, ceannaire Fhine Gael

Táthar ag súil gurb é Feabhra 2004 a luafar amach anseo mar an uair a thosaigh na cainteanna a chuir deireadh le doirteadh fola sna Sé Chontae agus a réitigh ar deireadh thiar thall ceist achrannach Thuaisceart Éireann. Le linn bhlianta dorcha na Trioblóidí, maraíodh breis agus trí mhíle go leith duine, beagnach leath acu ag an IRA.

Dár ndóigh ní mian le haon duine smaoineamh air seo, ach má tharlaíonn sé amach anseo go dteipfidh ar na cainteanna, agus má bheartaíonn an IRA ar dhul ar ais chun cogaidh, beidh fuil na ndaoine a mharófar ar lámha na bpoblachtánach go cinnte. Beidh sé freisin, áfach, ar lámha slam mhór de pholaiteoirí an deiscirt atá faoi láthair ag cur a leas gearrthéarmach polaitíochta féin os cionn leas fadtéarmach mhuintir na hÉireann, thuaidh agus theas.

Le linn fheachtas toghchánaíochta na Dála i mí na Bealtaine 2002, d’eisigh an Taoiseach ráiteas ag rá nach mbeadh sé féin sásta glacadh le Sinn Féin i rialtas sa stát seo. Ní raibh formhór na bpáirtithe eile i bhfad taobh thiar de, ag rá an rud céanna. “Ní páirtí ceart bunreachtúil go fóill iad Sinn Féin,” a dúradar. Ach más fíor d’Aire Stáit ó Fhianna Fáil a labhair le Beo!, cleasaíocht toghchánaíochta ba chúis le ráiteas an Taoisigh, ní haon seasamh morálta.

Thuig Fianna Fáil go luath go raibh Fine Gael chun toghchán tubaisteach a bheith acu agus creideadh go bhféadfadh a leithéid de ráiteas tathant ar dhaoine a bhí i dtaithí ar vóta a chaitheamh do Fhine Gael, aistriú go Fianna Fáil. Anuas air sin, cheap siad go gcuirfeadh a leithéid de ráiteas go leor daoine ó vóta a chaitheamh do Shinn Féin. Is deacair a bheith cinnte cé chomh maith is a d’éirigh leis an gcleasaíocht seo. Ach má thug ráiteas an Taoisigh buntáiste gearrthéarmach dá pháirtí, chothaigh sé fadhbanna fadtéarmacha dóibh féin agus don tír i gcoitinne.

Ní raibh Aontachtaithe Uladh faoi cheannaireacht David Trimble i bhfad ag teacht i dtír ar fhocail an Taoisigh. Muna raibh Taoiseach na hÉireann sásta cumhacht a roinnt le Sinn Féin, cén fáth ar chóir go mbeadh ar aontachtaithe é sin a dhéanamh. Nuair a ceistíodh an Taoiseach maidir leis seo, dúirt sé gurb é an difríocht idir rialtas Stormont agus rialtas na hÉireann ná nach raibh rialtas Stormont freagrach as arm náisiúnta ná slándáil an stáit.

Seo an saghas loighce a mbeifeá ag súil léi ón Uasal Ahern. Ach loighic, intuigthe go leor, nach raibh David Trimble sásta glacadh léi.

Ar fionraí

I mí Dheireadh Fómhair 2002, cúig mhí i ndiaidh don Taoiseach a ráiteas a eisiúint faoi Shinn Féin, chuir rialtas na Breataine, ar iarratas an Uasail Trimble, an Tionól ó thuaidh agus na struchtúir a théann leis ar fionraí. Cúig mhí dhéag níos faide ar aghaidh agus tá an Tionól agus na hinstitiúidí a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta fós ar fionraí.

Cheapfá anois, agus cainteanna le hathbhreithniú a dhéanamh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta ar tí tosú, go mbeadh ceacht foghlamtha ag an rialtas, sin le rá gan leithscéal a thabhairt do na haontachtaithe, cuma an ón UUP nó ón DUP iad, le gan cumhacht a roinnt le náisiúnaithe na Sé Chontae. Is iad Sinn Féin, tar éis an tsaoil, an páirtí náisiúnach is mó sna Sé Chontae, pointe nár chóir do Theach Laighean a dhearmad.

Ach ina ionad sin, le seachtainí anuas tá an tAire Dlí agus Cirt Michael McDowell ag craobhscaoileadh ar gach meán a thabharfaidh cuireadh dó go bhfuil Sinn Féin á mhaoiniú ag cúrsaí coireachta. Bheadh sé chomh maith aige a rá gur coirpigh iad baill tofa Shinn Féin. Ach, dár ndóigh, tá an fear céanna an-chúramach gan aon bhall ar leith de Shinn Féin a ainmniú. Tuigeann sé dá ndéanfadh sé a leithéid nach fada go mbeadh litir dlíodóra ar a bhord. Tá sé i bhfad níos deacra, áfach, ag páirtí polaitiúil cás clúmhillte a thógáil.

Ar an chlár “Prime Time” le gairid taispeánadh meamram ón Gharda Síochána inar dúradh nach raibh aon fhianaise acu siúd a thacódh le líomhain an aire maidir le maoiniú Shinn Féin. Dár ndóigh, más amhlaidh go bhfuil fianaise bhreise ag an aire nach bhfuil ag na Gardaí, tá dualgas air mar Aire Dlí agus Cirt gníomhú ar an cheist agus dlí an stáit a chur i bhfeidhm.

Ní rún é gur beag gean a bhí riamh ag an Uasal McDowell ar phoblachtánaigh. Ach arís an babhta seo, is ag iarraidh buntáiste polaitíochta a bhaint i mbliain seo na dtoghchán áitiúil agus Eorpach atá an tUasal McDowell. Ní aon seasamh morálta atá i gceist. Iarracht atá ann a chinntiú go mbreathnófar ar an bPáirtí Daonlathach seachas ar Fhine Gael mar an fíorpháirtí “law and order”, atá taobh thiar d’fheachtas an Aire.

Chabhraigh ráitis den saghas céanna uaidh in olltoghchán 2002 líon suíochán an Pháirtí Dhaonlathaigh sa Dáil a dhúbailt. Is toisc gur aithin ceannaire Fhine Gael Enda Kenny an méid seo gur mhol sé féin go ndéanfadh an Criminal Assets Bureau líomhain an Uasail McDowell a fhiosrú agus go ndearna sé é an-soiléir nach raibh an TD Michael Ring ag caint thar cionn a pháirtí nuair a dúirt sé nár chóir do Fhine Gael diúltú amach as amach do chomhrialtas le Sinn Féin.

Iarracht an dochar a leigheas

Más gearrthéarmach agus leithleach féin a bhí cinneadh an Taoisigh fogha a thabhairt faoi Shinn Féin le linn an toghcháin dheireanaigh, ar a laghad nuair a bhí an toghchán thart rinne sé iarracht an “nationalist consensus” a choimeád le chéile agus an dochar a bhí déanta a leigheas. Thar aon rud eile, sheas sé leis na poblachtánaigh sna cainteanna agus thathain ar na haontachtaithe dul ar ais i rialtas le Sinn Féin. Tar éis an tsaoil, is aige féin atá pictiúr den phoblachtánach Pádraic Mac Piarais os cionn a dheisce.

Ach an babhta seo, agus cainteanna ar tí tosú, ní hamháin go bhfuil sé tar éis ligean d’urlabhraithe de chuid a rialtais féin formhór phobal náisiúnach na Sé Chontae a mhaslú, ach tá na hurlabhraithe céanna tar éis leithscéal a thabhairt do na haontachtaithe le gan dul ar ais i rialtas le Sinn Féin.

Tá sé soiléir don saol mór go bhfuil go leor aontachtaithe i gCúige Uladh a ghlacfaidh le leithscéal ar bith le gan cumhacht a roinnt le hionadaithe tofa náisiúnacha, go háirithe baill tofa Shinn Féin. Is ar éigean ar féidir leat leithéidí Ian Paisley nó Gregory Campbell nó Peter Robinson ná fiú David Trimble a lochtú nuair a deir siad, “Cén fáth ar chóir dúinne dul i rialtas le coirpigh?” Sin go bunúsach is bun le líomhain an Aire.

I nDavos na hEilvéise le gairid, dúirt an Taoiseach gur shéan sé féin i gcónaí ó fhogha a thabhairt faoi Shinn Féin. De réir loighic an Taoisigh, b’fhéidir gurb ionann seo agus é féin a scarúint ó ráitis McDowell. Ach is beag duine a chreideann é. Fiú an tAire Gnóthaí Eachtracha Brian Cowen, d’aithin sé nach bhféadfadh sé a shéanadh go labhrann an tAire Dlí agus Cirt thar cionn an Rialtais.

Tá an ceart acu siúd a deir go léiríonn ionsaithe na bpáirtithe eile ar Shinn Féin eagla roimh fhás an pháirtí sa deisceart agus, dá réir, go bhfuil ag éirí le feachtas ghluaiseacht na poblachta. B’fhéidir, fiú, go bhfuil an ceart acu siúd a deir go meallfaidh ionsaithe an Aire Dlí agus Cirt daoine i dtreo Shinn Féin, seachas a mhalairt. Ach ní chun leasa an phróisis síochána an “nationalist consensus”, mar a ghlaotar air, a bheith i riocht níos measa - go poiblí ar aon nós - ná mar a bhí le linn ré John Bruton. Ní timpiste a bhí ann gur le linn réimeas an Uasail Bruton a bheartaigh an IRA ar dul ar ais chun cogaidh.

Níl aon dabht ach go mbeadh an-chuid le cailliúint ag poblachtánaigh dá mbeartóidís ar dhul ar ais i mbun troda. Mar sin féin, botún a bheadh ann a cheapadh nach bhféadfadh sé tarlú arís. Ní mholtar riamh súgradh le tine.

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh d’fhoilseacháin éagsúla.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.