CÚINNE NA nEALAÍON/AG LÉAMH DOM
Faoi Ghlas ag Gallaibh
Mícheál Ó hAodha Mícheál Ó hAodha

Bhí Mícheál Ó hAodha ag léamh leabhar staire de chuid ár linne féin ar na mallaibh. Is é a thuairim go mbeidh an saothar seo mar lámhleabhar ag lucht staire go leor amach anseo.

Íomhá
Special Category
(le Irish Academic Press)
Íomhá
Wormwood Scrubs
(le Open Garden Squares Weekend, Picasaweb)
Íomhá
Whitemoor
(le Jonathan Senior, Picasaweb)
Íomhá
Dartmoor
(le Larry, Picasaweb)

Special Category: The IRA in English Prisons, Vol. 1: 1968-1978

Ruan O Donnell, Irish Academic Press (2012)

Leabhar thar a bheith tábhachtach is ea Special Category, leabhar toirtiúil úrnua a scrúdaíonn cad a tharla nuair a cuireadh os cionn 200 príosúnach Poblachtach faoi ghlas i gcarcracha Shasana le linn chéad chéim na dTrioblóidí. Na cimí sin a theacht isteach sa chóras seanbhunaithe impiriúil úd, chruthaigh siad mórán fadhbanna d’údaráis na Breataine agus don seanchóras scaipthe nó an Dispersal System a bhí i bhfeidhm sa tír sin le fada an lá le dul i ngleic le cimí a raibh ‘ardstádas’ acu ó thaobh contúirte agus ó thaobh na polaitíochta de.

Agus na cimí nua sin sáite anois sa chóras Briotanach seo, thosaigh cogadh nua láithreach, cogadh faoi thalamh, cogadh bolscaireachta, agóidíochta agus urlabhra. B’iad údaráis na Breataine agus an tIRA an dá chéile chomhraic sa chogadh nua seo agus bheadh impleachtaí fadtéarmacha ag baint leis sin, impleachtaí atá cíortha go mion agus go cuimsitheach ag údar an leabhair seo – Ruan O Donnell.

Bailithe ar Troigh gan Tuairisc

An Córas Scaipthe a bhí ann roimhe sin, ba do bhuíonta beaga coirpeach fadtéarmach a cuireadh ar bun an chéad lá riamh é, rud a chiallaigh go raibh na húdaráis Bhriotanacha trína chéile ar dtús faoi conas déileáil leis na cimí nua sin, cimí a raibh córas ceannaireachta docht acu féin, laistigh den charcair agus ar an taobh amuigh freisin, cimí a raibh bá an phobail agus dreamanna cearta sibhialta leo go minic freisin. Tá gach gné de scéal na gcimí Poblachtach sa Bhreatain cíortha go mion sa leabhar údarásach seo.

Ní hamháin go raibh ar Oifig Gnóthaí Baile na Breataine leasuithe nua a chur chun cinn de thairbhe líon na bPoblachtach a bhí anois mar chimí acu ach bhí orthu riocht iomlán nua a chur ar an seanchóras coiriúil s’acu, córas nár cuireadh mórán athruithe suntasacha air ó ré na Géarleanúna ar aghaidh. Na háiseanna coiriúla a bhí oiriúnach do na cimí sin a rangaíodh mar chimí “Chatagóir A” , bhíodar thar a beith teoranta agus roimh i bhfad tháinig méadú suntasach ar an teannas a bhí le brath sna carcracha Briotanacha, go háirithe agus an foréigean ag dul i dtreise i dTuaisceart Éireann agus sa saol lasmuigh.

Ní hamháin go ndearna na Poblachtaigh iarrachtaí rialta ar éalú as an ngéibheann ina rabhadar, ach bhí na cimí Poblachtacha lárnach i gcuid de na hagóidí carcrach is mó agus is foréigní a tharla riamh laistigh de chóras coiriúil na Breataine leis na céadta bliain anuas, an chíréib mhór a tharla i gcarcair Hull sa bhliain 1976 san áireamh.

An Nimh san Fheoil

Nuair a chuir na Sasanaigh deireadh leis an stádas ar tugadh “Catagóir Speisialta” air sna Sé Chontae, i 1976, cuireadh an lasóg sa bharrach i gceart. Cruthaíodh naimhdeas uafásach ar thaobh na gcimí de agus láithreach bonn, thosaigh na feachtais easaontaithe agus agóidíochta i gcoinne an chórais pheannaidigh Bhriotanaigh mar a d’oibrigh sé i dTuaisceart Éireann agus i Sasana féin. Thagadh na feachtais seo, a raibh díchobhsú an chórais dhlíthiúil Bhriotanaigh a bhí fréamhaithe leis na céadta bliain mar aidhm acu, go buaicphointe i stailceanna ocrais na bliana 1980 nuair a nochtadh coilíniú barbartha na Sasanach ó thuaidh os comhair shúile an domhain mhóir den chéad uair, trí mheán na teilifíse ach go háirithe.

An leabhar seo, Special Category, cuireann sé lear mór faisnéise nua os ár gcomhair i leith ghníomhaíochtaí an IRA laistigh den Chóras Scaipeadh Briotanach. Léiríonn sé ról lárnach na gcimí Poblachtacha in agóidí agus círéibeacha a chuir i gcoinne an chórais pheannaidigh Bhriotanaigh agus tugtar léargas dúinn ar na mór-iarrachtaí a rinne cimí áirithe ar éalú as na carcracha a raibh córas ardslándála i bhfeidhm iontu.

An Síofrú

Nithe suntasacha eile a chíorann O Donnell go beacht sa staidéar cuimsitheach seo is ea na teagmhálacha rialta a bhí ag cimí Poblachtacha le cimí Shasanacha, an tionchar a bhí ag cuairteanna teaghlaigh ar smaointeoireacht agus ar straitéisí frithimpiriúla na gcimí, cúrsaí oideachais sna carcracha agus an ní ar tugadh ghosting air, is é sin, dearcadh fhoireann na carcrach i dtaca le doiciméadú.

Pé rud a tharla do Phoblachtaigh laistigh de chórais éirice na Breataine ar an ‘tír mór’, bhí tionchar an-láidir aige ar aigne an phobail Náisiúnaigh lasmuigh de sin, gné a nascann Trioblóidí na nua-haoise le seantraidisiúin na bhFíníní agus na glúine a tháinig rompu agus ina ndiaidh. Scríbhneoireacht ghlé líofa a chleachtann O Donnell agus is cumasach mar a chíorann sé na hathruithe a tháinig ar chur chuige straitéiseach an IRA ón mbliain 1968 ar aghaidh.

An tairbhe is mó a bhaineann leis an leabhar seo Special Category ná a cuimsithí is atá sé agus líon na ndaoine a chuir an t-údar Ruan O Donnell agallamh orthu. Labhair sé le os cionn 120 iarchime, gníomhaithe poblachtacha, baill d’eagraíochtaí tacaíochta na gcimí agus gaolta na gcimí. Beidh staraithe agus mic léinn ag brath ar an leabhar údarásach seo go ceann i bhfad más mian leo na Trioblóidí a thuiscint i gceart.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.