THALL IS ABHUS
Faoi gheasa ag Kerala
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Chaith Ciara Nic Gabhann seal draíochta san India le gairid, in áit ar a dtugtar Kerala. Anois, tá fonn uirthi filleadh arís is arís eile.

Íomhá
Grianghraf de Chiara a glacadh le linn di a bheith in Kerala
Íomhá
Is teach suaithinseach é Raheem Residence a bhfuil stair choilíneach ag baint leis
Íomhá
Is le Bibi Baskin an t-óstán Rasheem Residency

Samhlaigh fáschoill chnónna cócó, na duilleoga ag cogarnaigh lena chéile go séimh faoin spéir ghorm... uisce an tsrutháin deilte shuaimhnigh ag lapadaíl ar thaobh báid. Tá caint ghliondrach bhaicle iascairí le cluinstin agus iad ag tarraingt isteach a líonta mar aon le scairteanna gáire na bpáistí atá ag súgradh agus iad ag fanacht ar a mbád scoile.

Is as cuimhní órga ar sheal a chaith mé i Kerala an samhradh seo a thagann an íomhá bheag seo. Suite thíos i ndeisceart na hIndia, ar chósta na Mara Arabaí, is áit shuntasach agus speisialta é Kerala – ó thaobh chultúr na ndaoine agus ó thaobh an tírdhreacha de. Is áit an-tarraingteach é agus bheadh fonn ort filleadh arís is arís.

Is cuid den India é atá lán codarsnachtaí ó thaobh tírdhreacha, dúlra, creidimh agus cultúir de. Ag bogadh isteach ón chósta, tagann tú ar ghoirt ríse atá le feiceáil go flúirseach thart timpeall an cheantair agus níos faide ar aghaidh, tagann tú ar chnoic ghlasa atá trom le tae agus cardamam cumhra.

Is Hiondúigh iad formhór mhuintir Kerala, ach tá an Chríostaíocht fadbhunaithe ansin fosta – deirtear gurbh é Thomas Aspal a thug chun an cheantair í – agus thug trádálaithe Arabacha an Ioslamachas chun na háite leo sa seachtú haois.

Níb fhaide anonn, d’fhág impireachtaí cumhachtacha na hEorpa a rian ar an áit lena dteangacha agus lena stíleanna ailtireachta, rian atá chomh láidir sin go sílfeá in amanna go raibh tú ag siúl ar shráid éigin sa Phortaingéil, san Ísiltír nó i Sasana.

Ach ina ainneoin sin, tá cultúr láidir suntasach dá gcuid féin ag muintir Kerala agus is éard is mó a léiríonn brí agus fuinneamh an traidisiúin chultúrtha sin ná Kathakali. Is ealaín dhúchasach é Kathakali ina mbíonn aisteoirí ag meascadh ceoil, rince agus míme, iad gléasta i gcultacha áille gleoite. Scéalta a bhaineann le traidisiún ársa scéalaíochta na hIndia a bhíonn á n-insint acu, ina bhfaigheann na maithe an lámh in uachtar ar na hoilc i gcónaí.

Raheem Residency

Le linn domsa a bheith ansin, bhí deis agam cúpla oíche an-phléisiúrtha agus spéisiúla a chaitheamh in Raheem Residency, teach a tógadh sa bhliain 1868. Tá an Conallach clúiteach, Bibi Baskin, ar dhuine de na stiúrthóirí atá ag plé leis.

Teach suaithinseach is ea Raheem Residency, a bhfuil stair choilíneach ag baint leis: bhí teaghlach rathúil Indiach – a bhí ag gabháil do thrádáil teicstílí – ina chónaí ansin ar feadh na mblianta. Ba le muintir Raheem é Raheem Bungalow, mar a tugadh air, ar feadh breis agus céad bliain agus dhíol siad é sa bhliain 2003. Rinneadh athchóiriú tuisceanach ar an áit le beannacht mhuintir Raheem agus is seoid álainn d’óstán búitíc é anois.

Is áit é a dtig le duine a bheith ar a shuaimhneas ann agus sult a bhaint as an ghairdín álainn atá lán de phlandaí agus de bhláthanna andúchasacha, an leabharlann fhairsing nó an linn snámha fhionnuar.

Pléisiúr eile atá i ndán don te a fhanann in Raheem Residency ná gur féidir leis triail a bhaint as teiripe Ayurvedic – ar cleachtas iomlánaíoch leighis agus suathaireachta é a thosaigh i Kerala 5,000 bliain ó shin – nó páirt a ghlacadh i ranganna íoga.

Cuireann Raheem Residency tearmann ar fáil do scríbhneoirí fosta agus tá nasc liteartha déanta acu le hÉire, tionscadal a cuireadh i gcrích faoi stiúir Bibi Baskin.

Is as Ard an Rátha ó dhúchas do Bibi Baskin agus chaith sí tréimhse fhada ag obair mar iriseoir agus mar láithreoir teilifíse agus raidió in Éirinn agus i Sasana sula ndearna sí cinneadh an saol sin a fhágáil ina diaidh agus bogadh go dtí an India. Is cainteoir Gaeilge í agus bhí sí le feiceáil ar scáileáin na hÉireann le déanaí agus í ag glacadh páirte mar mholtóir sa tsraith réaltachta Fáilte Towers a craoladh ar RTÉ.

*Tá tuilleadh eolais faoi Raheem Residency ar fáil ag: *

www.raheemresidency.com.

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann agus tá sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne i meánscoil nua lán-Ghaelach in Inis Eoghain ó bhí mí Mheán Fómhair 2007 ann.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.