CÚINNE NA nEALAÍON
Faoi gheasa ag Aniar

Is seoid é an cnuasach véarsaíochta is déanaí de chuid Thaidhg Mhic Dhonnagáin, dar le Caoimhe Laighin, a bheadh foirfe mar bhronntanas Nollag.

Íomhá
Íomhá
An fear ildánach Tadhg Mac Dhonnagáin
Íomhá
Gugalaí Gug: cnuasach véarsaíochta atá dírithe ar pháistí

fhéadfadh duine gan dúil a chur sa chnuasach véarsaíochta is déanaí de chuid an chumadóra agus scríbhneora aitheanta, Tadhg Mac Dhonnagáin.Aniar: Voices and Verse from the Edge of the World atá mar theideal ar an saothar seo, agus is cinnte gur éirigh leis an triúr comhoibrithe a bhí bainteach leis atmaisféar ar leith a chruthú ann rian denSaol Eilele braith go láidir uaidh. Leabhar dathannach beoga faoi chlúdach crua is ea *Aniar *a bhfuil dánta ó réanna éagsúla le fáil ann. Clúdaítear dánta de chuid fhilí na fichiú haoise mar Joe Steve Ó Neachtain agus Johnny Chóil Mhaidhc, mar aon le dánta traidisiúnta ón ochtú agus naoú haois déag agus ortha na tréimhse réamhChríostaí. nótaí dátheangacha ar chuile phíosa véarsaíochta scríofa ag Mac Dhonnagáin chomh maith, a chuireann eolas suimiúil i dtaobh na ndánta agus na bhfilí os comhair an léitheora.Is é an snáth a cheanglaíonn na dánta ar fad le chéile go bhfuil siad ar fad bunaithe ar véarsaíocht dhúchasach Chonamara. dlúthdhiosca ceoil agus aithriseoireachta ar fáil leis an gcnuasach, a ndéanann leathbhádóir rialta Mhic Dhonnagáin, John Ryan, éacht leis ó thaobh na dánta a thabhairt chun beatha don éisteoir. I mo thuairimse, áfach, íomhánna taibhsiúla Chiara Conwayar grianghrafadóir áitiúil na Ceathrún Rua íar an ghné is cumhachtaí den saothar seo. focail iomarcach i gcás na ngrianghraf seo. Is breathnú orthu lena n-áilleacht a thuiscint.Measaim go bhfuil *Aniar *ar cheann de na saothair is suimiúla atá léite agam le tamall mar gheall ar go n-éiríonn leis rud éigin thar a bheith bunúsach a mhúscailt sa léitheoir. Baineann go láidir le dúchas na nÉireannach agus tugann cuid den véarsaíochtdánta na tréimhse réamhChríostaí ach go háiritheléargas draíochtach dúinn mar gheall ar dhiamhair.Is é an véarsa is fearr liom sa chnuasach ortha dar teidealOrtha na Seirce”:

"Ortha a chuir Muire in im

Ortha seirce agus síorghrá.

Nár stada do cholainn

Ach d’aire a bheith orm,

Go leana go ghrá mo ghnaoi,

Mar a leanas an bhó an lao,

Ón seo go huair mo bháis."

Seanainm ar an ngrá atá i gceist leis an bhfocalsearc” (seircesa tuiseal ginideach), ar focal nach gcloistear sa ghnáthchaint rómhinic é.Is é an fáth a ndeachaigh an ortha seo i bhfeidhm orm go mbaineann le haistriú ó thraidisiún amháin go traidisiún eile. Ta siombail na Críostaíochta inti (Muire) ach de bhrí gur ortha í, baineann leis an tréimhse réamhChríostaí fosta. Mar a deir an nóta a scríobh Mac Dhonnagáin sa leabhar ina taobh: “Chuireadh fear í ar chailín óg a raibh súil aige uirthi, i ngan fhios di, féachaint len í a mhealladh....[ach] bhí feidhm phoiblí aici chomh maithdhéantaí í a aithris le linn bainise agus an fáinne á chur ar mhéar na brídeoige.Proiséas Cruthaitheach

Labhair le Mac Dhonnagáin le gairid faoin bpróiseas cruthaitheach ar thug féin agus a leathbhádóirí Ryan agus Conway faoi leis an cnuasach seo a chur ar fáil.

Dhá bhliain ó shin agus féin agus John Ryan ag obair ar chnuasach véarsaíochta ó bhéaloideas Chonamaraan leabhar agus dlúthdhiosca do ghasúir ar bhaist muid Gugalaí Gug! airchinn muid ar Aniar, atá dírithe ar dhaoine fásta, a chruthú.”Is as Contae Mhaigh Eo ó dhúchas é Mac Dhonnagáin, ach cónaí air i gConamara le blianta fada anois. “Ó chuir spéis sa Ghaeilge, is é an rud is a bhfuil dúil agam ann fuaimeanna, aeistéitic’, na teanga. Is iad na fuaimeanna áille a dhéanann cainteoirí dúchais Chonamara a mheall chuig an teanga.” haon iontas é go bhfuil spéis aige i bhfuaimeanna teanga mar is gabha focal é Mac Dhonnagáin é féin. Léiriú ar chumas Mhic Dhonnagáin agus é i mbun pinn na haistriúcháin Bhéarla atá déanta aige ar an véarsaíocht Ghaeilge in Aniar.

Theastaigh uaim a bheith chomh dílis agus ab fhéidir do bhrí na véarsaí agus iad á n-aistriú agam. Ach, dár ndóigh, féidir véarsaíocht a aistriú go díreach. B’éigean dom mo rian féin a fhágáil orthu, go pointe, agus meadaracht a bhaint amach sa Bhéarla a bheadh taitneamh don léitheoir. Theastaigh uaim go seasfadh na haistriúcháin Bhéarla ina n-aonar mar dhánta. Mar sin cumadóireacht go pointe áirithe, seachas aistriúchán, a bhí i gceist.”DlúthdhioscaAr an dlúthdhiosca, triúr aisteoirí aitheanta ó ChonamaraPeadar Ó Treasaigh, Áine Dhroighneáin agus Darach Ó Tuairisgle cloisteáil agus iad ag déanamh aithrise ar an bhfilíocht. Rian amháin atá suntasach an coiriú atá déanta ar dhán dar teidealFaoiseamh a Gheobhadsade chuid Mháirtín Dhireáin, file arbh as Oileáin Árainn ó dhúchas . Sa dán seo, Ó Direáin ag lorg faoisimh ag iarraidh a bheith ar ais ar an oileán as ar tháinig .Úsáideann Ryan agus Mac Dhonnagáin seift éifeachtach chun brí chomhaimseartha a chruthú don dán seo ar an dlúthdhiosca fuaimeanna tráchta le cloisteáil sa chúlra agus aithris á déanamh air. Mar a deir Mac Dhonnagáin, “theastaigh uaim na dánta a lonnú in Éirinn an lae inniu.”

Caithfidh a admháil nach raibh i gceist agam ar dtús léirmheas a scríobh ar an saothar seoníor shíl go mbeinn cáilithe lena haghaidh mar gheall ar nach bhfuil an oiread sin cur amach agam ar chúrsaí filíochta. Bhí ar intinn agam i dtosach agallamh a chur ar Mhac Dhonnagáin i dtaobh an phróisis chruthaithigh amháin. Ach i ndiaidh dom an saothar a léamh, theastaigh uaim a chur in iúl do léitheoirí Beo! chomh speisialta is atá . duine mór filíochta mise, ach bhain an oiread sin taitnimh as an gcnuasach seo. Ach b’fhéidir gurb é sin an moladh is airde a d’fhéadfaí a thabhairt ar véarsaíochtgo bhfuil thar a bheith cumhachtach don ghnáthdhuine mar aon le a bheith cumhachtach don atá oilte uirthi.Beidh ag ceannach roinnt cóipeanna mar bhronntanais Nollag. Fiú más tútaigh amach is amach iad na faighteoirí, beidh siad buíoch díom mar táim cinnte go mbreathnóidh Aniar *go hiontach ar a mbord íseal! tuilleadh eolais i dtaobh *Aniar ar fáil ag http://www.futafata.com/ fáil ar na rianta ón dlúthdhiosca ar www.itunes.comIs í Caoimhe Laighin eagarthóir na hirise seo

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.