AR NA SAOLTA SEO
Fáilte Éireann caillte in Éirinn?
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Tony Birtill den tuairim go bhfuil roinnt den dream atá ag plé leis an turasóireacht in Éirinn aineolach ar an tíreolas.

Íomhá
Grianghraf deSlieve League” (sic) atá le fáil sa leabhar Nature in Ireland's Gaeltacht. Bord Fáilte a chuir an pictiúr ar fáil
Íomhá
An grianghraf de thábhairne "Ciarraíoch" atá á úsáid ag Bord Turasóireachta Chiarraí. Tógadh é i dteach Bhiddy i nGleann Cholm Cille

Bíonn brón orm i gcónaí Gleann Cholm Cille a fhágáil i Lúnasa tar éis an samhradh a chaitheamh ag obair ansin le hOideas Gael agus bhí deas, mar sin, grianghraif den áit a fheiceáil sa Liverpool Daily Post ar an 24 Lúnasa agus 23 Meán Fómhair. Ach, ar an drochuair, bhí teideal mícheart ar an cheann acu.

I bhfógra de cuid Fáilte Éireann (www.discoverireland.com/west) a bhí an chéad cheann agus thaispeáin fear ina sheasamh ar Chionn Ghlinne ag amharc trasna ar an Storrúil. “Slieve Leaguean teideal a bhí air agus ghlac leis gurSliabh Liaga bhí i gceist ag an eagraíocht stáit seo, in ainneoin Acht na dTeangacha Oifigiúla. Ach Sliabh Liag deich gciliméadar ó dheas ón Storrúil agus chuir seo comhrá i gcuimhne dom a bhí agam le Gearmánach thart chúig bliana ó shin. Bhí amuigh le grúpa siúlóirí ó chúrsa Oideas Gael ar Ros Eoghain nuair a chas muid air agus bhí ag díriú a mhéire ar Chionn Ghlinne agus ar an Storrúil, trasna na , ag , “Sliabh Liag, Sliabh Liaglinn.

hea, hea,” arsa sinne leis, ach bhí cinnte dearfach go raibh an ceart aige. Thug faoi deara go raibh treoirleabhar ina lámh aige.

Níor thuig an tuairim a bhí aige go dtí go bhfaca an leabhar, Nature in Ireland’s Gaeltacht le Pádraig Ó Briain (Gaelsaoire Teoranta, 2002). Cad é a bhí ann ach an grianghraf thuasluaite den Storrúil agusSlieve Leaguemar theideal air! Pictiúr ó Bhord Fáilte a bhí ann agus is dócha go bhfuil le feiceáil i dtreoirleabhair ar fud an domhain i dteangacha éagsúla.

Chun stop a chur leis an eolas míchruinn seo, agus cuidiú a thabhairt doDiscover Ireland”, chuir ríomhphost chucu leis an eolas ceart a chur in iúl dóibh. bhfuair freagra ar bith.

Níos measa arís, i Mheán Fómhair bhí gné-alt dhá leathanach ann faoin tseirbhís nua de cuid Ryanair ó Learpholl go Ciarraí. I lár an ailt, bhí grianghraf de ghrúpa i dteach tábhairne agus an teidealThe craic is mighty in pubs in Kerryair. Ach cad é a bhí ann ach Teach Bhiddy i nGleann Cholm Cille. Phléasc amach ag gáire nuair a chonaic seanchairde mar Mháire Chaiside agus Mairéad Chuinneagáin ag amharc ar Phadaí Mór ag tabhairt ceachta ar an bhodhrán do bhean óg.

Chuir ríomhphost chuig Jane Wolstenholme, eagarthóir an Liverpool Daily Post, agus an t-eolas cruinn ann agus raibh iontas orm an méid seo a léamh sa cholún a bhí aici ar an 28 Meán Fómhair: “Tony Birtill writes, after reading Lew Baxter’s article about holidays in Kerry, which included a picture of a pub showing howgrand’ the craic was there: ‘Unfortunately, the pub is in fact Biddy’s Bar in Glencolmcille, Co. Donegal, right at the other end of the country. It is a great pub, though, in the most beautiful part of the country, and you can fly Ryanair to Derry City Airport, which is only a bus ride away. Something of a mystery, really, as the image was supplied by Kerry Tourist Board and billed as a local pub. However, if I am ever in Glencolmcille, there is no doubt I will be taking up Mr Birtill’s recommendation.”

Bhí sásta go raibh deis agam poiblíocht mhaith a fháil do Ghleann Cholm Cille, ach imní orm anois go gcasfaidh ar Ghearmánach eile an samhradh seo chugainn taobh amuigh de theach Bhiddy, é ag Kerry pub, Kerry pub!” agus pictiúr de cuid Fáilte Éireann ina lámh aige.

Discover Irelandmo thóin!

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.