CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Faillí á déanamh i bhfadhb an fhéinmharaithe

Níltear ag cur go leor cabhrach ar fáil dóibh siúd a bhfuil fadhbanna móra pearsanta acu agus seo ceann de na cúiseanna a bhfuil ráta chomh hard sin féinmharaithe againn.

díospóireacht ar siúl in Éirinn faoi láthair faoin ráta an-ard go deo féinmharaithe atá againn sa tír. Léiríonn figiúirí a foilsíodh le gairid go gcuireann níos mó daoine lámh ina mbás féin ná mar a mharaítear i dtimpistí bóthair. Cuirtear na sonraí a bhaineann leis an ábhar tromchúiseach seo i bhfolach go minic, agus is léir nach bhfuil na húdaráis chuí ná na ranna Stáit ag déanamh mórán infheistíochta chun réiteach a fháil ar an fhadhb shóisialta seo.

Tá buiséad de €22 milliún á chaitheamh ar chúrsaí sábháilteachta ar na bóithre, airgead ba cheart a chaitheamh, gan amhras, ach níl ach €600,000 á chaitheamh ar fhadhb an fhéinmharaithe. Caitear 7% de bhuiséad na Roinne Sláinte agus Leanaí ar chúram síciatrach agus an fuílleach (93%) ar na tinnis a bhaineann leis an chuid eile den chorp.

Tá figiúirí scanrúla ann a léiríonn go bhfuil méadú ollmhór tagtha ar líon na ndaoine a chuireann lámh ina mbás féin nó a dhéanann iarracht é sin a dhéanamh. Tá céatadán an-mhór den fhéinmharú ag tarlú i measc na bhfear óg idir cúig bliana déag agus fiche bliain. Bhí níos mó ná 8,500 iarracht ar fhéinmharú ann anuraidh agus ba mhná óga céatadán mór acu sin, cé go n-éiríonn le níos mó fear an gníomh a chur i gcrích.

Tá sé soiléir nach bhfuil aon chóras cuí tacaíochta ann do dhaoine atá in ísle brí agus go minic cuireann siad lámh ina mbás féin gan aon réamhchomhartha a bheith tugtha go bhfuil a leithéid beartaithe acu. Deir na saineolaithe go mbíonn deacrachtaí ag fir óga ag déanamh cumarsáide, nach mbíonn siad ábalta a gcuid mothúchán a phlé lena dtuismitheoirí nó le cairde. Ní bhíonn sé chomh deacair céanna ag mná é seo a dhéanamh, deirtear, mar go bhfuil an nós acu aon rud atá ag déanamh buartha dóibh a phlé lena gcairde nó lena máithreacha.

Tá an féinmharú níos coitianta ná mar a bhí riamh i gcontaetha an iarthair, go háirithe i gCiarraí, i nGaillimh, i Maigh Eo agus i nDún na nGall.

Bíonn baint ag cúrsaí ólacháin agus drugaí le cuid de na cásanna; deirtear go laghdaíonn na drugaí seo an toil a bhíonn ag duine troid i gcoinne an cathú a bhíonn air lámh a chur ina bhás féin.

Cé go bhfuil córas réasúnta gnáthdhoctúirí le fáil sa tír seo, is léir nach n-éiríonn leis na dochtúirí sin a dtacaíocht a chur ar fáil ar dhóigh éifeachtach go leor agus go bhfuil claonadh róláidir ann cóir leighis a mholadh i bhfoirm drugaí agus piollaí.

Tá géarghá le gníomh maidir leis an cheist seo. Is léir go gcaithfear díriú ar chóras tacaíochta a chur ar fáil ar féidir leis tionchar dearfach a bheith aige ar chinneadh an duine atá i mbaol. Cinnte, ní éireoidh le haon chóras deireadh a chur leis an fhéinmharú, ach ar a laghad shábhálfaí roinnt den dream a bheadh i mbaol agus shábhálfaí teaghlaigh agus cairde ón bhriseadh croí. (Níl mórán daoine in Éirinn anois nach bhfuil aithne acu ar dhuine amháin ar a laghad a chuir lámh ina bhás féin.)

Caithfidh an tacaíocht seo a theacht ó na pobail féin, bíodh sé i bhfoirm painéal de dhaoine atá oilte sa réimse cumarsáide agus caidrimh, a bheadh ar fáil do dhaoine, idir óg agus shean, agus iad in ísle brí. Go minic, má tá córas cumarsáide ar fáil don duine atá in ísle brí, éireoidh leis a chuid fadhbanna a shárú go pointe.

Is cinnte go bhfuil an fhadhb seo ag dul as smacht i dtíortha eile chomh maith ach dealraíonn sé go bhfuil cúrsaí níos measa in Éirinn ná mar atá i bhformhór na dtíortha sin.

Tá fadhb thromchúiseach againn agus caithfear díriú uirthi ar bhealaí éagsúla, ar mhaithe leo siúd atá ag smaoineamh ar dheireadh a chur lena saol féin agus ar mhaithe lena dteaghlaigh agus lena gcairde.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.