AR NA SAOLTA SEO
Fadhbanna sa chóras polaitíochta ó thuaidh - arís!
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tá go leor fadhbanna ag crá an chórais polaitíochta ó thuaidh faoi láthair. Tá Robert McMillen den tuairim go gcaithfidh gach duine, idir ghnáthdhaoine agus lucht na polaitíochta, éirí aníos go measartha gasta má tá siad chun todhchaí níos fearr a chruthú dá bpáistí.

Íomhá
Caoimhghin Ó Caoláin: bhagair sé go dtarraingeodh Sinn Féin a gcuid airí amach as an Tionól
Íomhá
Tá todhchaí an phríosúin The Maze ar cheann de na mórcheisteanna atá idir chamáin faoi láthair
Íomhá
Táthar ag caint ar chumhachtaí póilíneachta a aistriú ó Westminster go dtí an Tionól
Íomhá
Caithfidh daoine éirí aníos go gasta má theastaíonn uathu todhchaí níos fearr a chruthú dá bpáistí ó thuaidh

An gcuirfidh Sinn Féin an Semtex meafarach sin faoin Tionól? Seans ar bith. Is léir go bhfuil inchreidteacht á cailleadh ag páirtí Gerry Adams, go háirithe i ndiaidh phraiseach na seachtaine seo caite.

Ag cruinniú poiblí i gContae an Chabháin ar an 24 Lúnasa, dúirt an Teachta Dála agus ceannaire Shinn Féin sa Dáil, Caoimhghin Ó Caoláin, mura mbeadh athrú poirt ag an DUP ar réimse polasaithe, nach mbeadh rogha ar bith ag Sinn Féin ach a gcuid airí a tharraingt amach as an Tionól agus brú a chur ar na baill sin de chuid Rialtas na Breataine atá freagrach as cúrsaí an Tuaiscirt.

Lig daoine osna astu.

Ní raibh lá rúin ag Sinn Féin sa Tionól agus diaidh ar ndiaidh, mhaolaigh baill an pháirtí ar ráiteas dúr Uí Chaoláin. D’impigh Alex Maskey ar an DUP tús a chur le dian-idirbheartaíocht a fhuasclódh na fadhbanna uilig atá ag crá an chórais polaitíochta ó tháinig Peter Robinson i gcomharbacht ar Ian Paisley.

Agus an toil pholaitiúil ann, tá sé dóchasach go dtiocfar ar réiteach, a dúirt Maskey. Mar atá a fhios ag an domhan mór agus a bhean, is iad aistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt, Acht na Gaeilge agus todhchaí an phríosúin, The

Maze, na mór fhadhbanna atá le réiteach. Ach is ceisteanna iad sin, is dóigh liom féin, nach bhfuil bunús na ndaoine róbhuartha fúthu. Seo an pháirc ar a bhfuil na páirtithe polaitíochta ag imirt, áfach.

An tseachtain seo, tugadh le fios go dtiocfaidh ardú 30% ar phraghsanna aibhléise ó thuaidh, sin an cineál ruda a bhfuil daoine buartha faoi. Ach tá Sinn Féin agus an DUP i ndeabhaidh lena chéile faoi rudaí nach bhfuil suim ag daoine lasmuigh den aos polaitíochta iontu.

"The North"Glac, mar shampla, The Regional Development Strategy a bhí le cur amach ag An Roinn Forbartha Réigiúnaí. Tógadh raic nuair a fuarthas amach gur athraigh an tAire Conor Murphy an téarma “Northern Ireland” go "The North" sa tuarascáil. Ba é Jim Allister, deargnamhaid Peter Robinson, a chuir an t-athrú seo in iúl don Chéad Aire. B’éigean do Robinson gníomhú agus táthar ag caint ar chás dlí a chur sa tsiúl le go bhfillfear ar an leagan ar aontaigh an Tionól air. Zzzzzz.

Cnámh spairne eile atá giota maith níos tromchúisí is ea Comhairle Arm an IRA. An ann dó? Más ann, an ndéanann sé difear ar bith? Beidh orainn fanacht go dtí De Céadaoin le fáil amach cad é tá le rá ag an Choimisiún Neamhspleách Faireacháin (CNF) leis an "fhírinne" a fháil.

Má tá eagraíocht ar bith ann atá níos solúbtha ó thaobh na fírinne de, bheadh iontas orm. Is coimisiún é a bhogann i dtreo na gaoithe a shéideann ó Oifig Thuaisceart Éireann (OTÉ), agus faoi láthair, ba mhaith le OTÉ brú a chur ar an

DUP glacadh le haistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt ó Westminster go dtí an Tionól, ar mór-éileamh é de chuid Shinn Féin. Ach déarfaidh an DUP nach bhfuil go leor muiníne acu as Sinn Féin le ligean dó sin tarlú fad is atá Comhairle Arm an IRA gníomhach.

Réiteach Oifig Thuaisceart Éireann? Meastar go ndéarfaidh an CNF nár scoireadh Comhairle na nArm riamh, ach nach bhfuil sé ag feidhmiú ar bhonn míleata anois.

BuaMá ghlacann an DUP leis an fhoclaíocht sin, beidh siad ábalta a rá go bhfuil an bua acu, is é sin, go bhfuair siad réidh le "Seanóirí na Sceimthlitheoireachta" – ar mór-eileamh dá gcuid é – agus mar sin, do dtig leo muinín a bheith acu as Sinn Féin.

Déarfaidh Sinn Féin go bhfuil bua acusan mar bhí an t-aistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt ar cheann de na héilimh ba thábhachtaí leo ó tharla go raibh an seanRUC ina eite mhíleata de chuid an rialtais Aontachtaigh le leathchéad bliain.

Beidh an bua ag an dá thaobh.

Ach fós, tá oidhreacht na dtrioblóidí ag cur bac ar dhul chun cinn. Ní raibh cruinniú de chuid an Fheidhmeannais ar siúl ó bhí mí an Mheithimh ann cionn is nach bhfuil an dá pháirtí is mó sa chomhrialtas éigeantach sásta comhoibriú lena chéile. Tá an t-aos polaitíochta ag troid na seantroideanna arís agus arís eile, cé go bhfuil bunús na ngnáthdhaoine bogtha ar aghaidh. Nó an bhfuil?

Agus tú éisteacht leis na cláracha cainte ar an raidió agus ar an teilifís, cuireann tú ceist ort féin an bhfuil muid sásta bheith san abar seo? Tá sé iontach furasta d’fhéiniúlacht a chosaint ó thuaidh – nár fhoghlaim tú fúithi ó ghlúin do mháthar? – ach tá sé i bhfad níos deacra ceisteanna casta ar chúrsaí sláinteiompairoideachais a réiteach.

Caithfidh muid éirí aníos go measartha gasta má tá muid chun todhchaí níos fearr a chruthú dár bpáistí.

Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.