CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Fadhb an ólacháin in Éirinn - fadhb nach féidir a réiteach?

méadú mór tagtha le roinnt blianta anuas ar an mhéid alcóil a ólann na hÉireannaigh agus caolseans go ndéanfaidh na hathruithe sna dlíthe ceadúnúcháin atá beartaithe ag an rialtas mórán difir.

An raibh an tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa as ordú nuair a tharraing sí anuas ceist na pótaireachta i measc na nÉireannach agus í ag tabhairt oráide ag an chomhdháil “Reimagining Ireland” i Charlottesville, NC na Stát Aontaithe an mhí seo caite?

Mhaígh daoine áirithe go raibh treisiú á dhéanamh aici ar íomhá na nÉireannach mar dhream atá tugtha don deoch agus gurbh fhearr i bhfad dá n-éistfeadh sí a béal, go háirithe agus í thar lear. Ní mar sin, áfach, a d’amharc tromlach na ndaoine in Éirinn ar an cheist agus is athrú suntasach meoin é seo ón dóigh a raibh cúrsaí.

Bhí caint le tamall roimh óráid an Uachtaráin ar an fhadhb áirithe shóisialta seo agus rinne “Primetime” ar RTÉ clár faisnéise speisialta fúithi. Ach díreach mar a tharlaíonn i gcás go leor ceisteanna eile, mhaireadh an chonspóid lá nó dhó de ghnáth agus ansin d’imíodh sí ó intinn daoine arís. Ní mar sin a bhí an scéal an t-am seo, áfach. Bhí toradh difriúil ann nuair a tháinig an cáineadh chugainn ó thar lear agus ó Uachtarán a bhfuil meas as cuimse uirthi. Sa deireadh thiar thall, tá an chuma ar an scéal go bhfuil aird á tabhairt ar an fhadhb.

Tá an tAire Dlí agus Cirt Micheal McDowell chun reachtaíocht nua a chur tríd an Dáil go luath a dhéanfaidh níos deacra é do dhaoine óga deochanna a cheannach agus a chuirfidh dualgas ar lucht tithe tábhairne gan deochanna meisciúla a dhíol le daoine atá ar meisce cheana féin. Lena chois sin, beidh cead ag na Gardaí dul isteach i dtábhairní gan a n-éide oifigiúil a bheith á caitheamh acu agus fianaise a bhailiú le tábhairneoir a tharraingt os comhair cúirte, agus rachfar ar ais go dtí an seanam dúnta ar an Déardaoin, is é sin 11.30 p.m.

Ach an ndéanfaidh athruithe sna dlíthe ceadúnúcháin aon difríocht don chultúr ólacháin atá againn in Éirinn?

Is cinnte go leanfaidh an t-aos óg orthu ag ceannach dí sna hollmhargaí móra agus á hól sa bhaile nó in áit shábháilte eile, i bhfolach ón phobal.

Ní féidir buacailliúint i gcluichí peile a cheiliúradh gan aghaidh a thabhairt ar an teach tábhairne agus neart a ól. Beidh sé deacair an ghné seo dár gcultúr a athrú chomh maith.

Le tamall anuas, tá tithe tábhairne móra ag díol deochanna meascaithe nua-aimseartha a chosnaíonn €15 an ceann. Tá go leor déagóirí atá go fóill ar scoil tugtha don ólachán agus cuireann sé seo isteach ar an tinreamh scoile, go háirithe gach maidin Dé Luain.

Is beag teaghlach in Éirinn nach bhfuil alcólach ann nó nach bhfuil tionchar éigin ag duine a bhfuil fadhb óil aige air.

An é go bhfuil an gá seo leis an alcól i síol na nÉireannach agus go bhfuil sé á iompar ó ghlúin go glúin mar a bheadh gruaig rua ann nó súile donna?

Cé go ndéanfar na dlíthe nua seo a achtú gan mhoill, is dócha go mbeidh siad cosúil le go leor dlíthe eile a thagann chun cinn in Éirinn - gan éifeacht mar nach gcuirfear i bhfeidhm i gceart iad.

B’fhéidir nach féidir an meon Éireannach maidir leis an ól a athrú agus gur saothar in aisce a bheas in iarracht ar bith a dhéanfar. B’fhéidir nach mbeidh athrú ar scéal scanrúil an ólacháin go mbeidh Methusalah ina ghasúr arís.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.