AR NA SAOLTA SEO
Fadhb an MRSA imithe as smacht
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Ní fiú faic Plean Deich bPointe an Aire Sláinte, dar le Breandán Delap, mura ndíríonn leis na hospidéil dul i ngleic le fadhb an MRSA.

Íomhá
An Tánaiste agus an tAire Sláinte Mary Harney
Íomhá
Íomhá

Bhí breis is 550 cás d’ionfhabhtú fola ón bhaictéir MRSA in otharlanna na hÉireann anuraidh. Meastar gur tholg 9% d’othair na tíre an tinneas agus go raibh an frídín marfach *Clostridium difficile *ag galrú in 15 otharlann. Meastar fosta go gcaitheann an earnúil sláinte corradh le €150m gach bliain ag dul i ngleic leis an tinneas, idir an costas breise a bhaineann le hobráidí a chur ar ceal, cógaisí frithbheathacha a cheannach agus síneadh ama a chur leis an tréimhse a chaitheann othair in ospidéil. Tá borradh mór tagtha ar líon na gcásanna MRSA anseo le dornán blianta anuas agus is léir nach bhfuil ag éirigh leis na hiarrachtaí é a chur faoi smacht.

Cén t-iontas, mar sin, go bhfuil borradh mór tagtha fosta ar an imní atá ar an phobal faoin bhaictéir? Is léir, mar shampla, go mbíonn níos mo imní ar othair áirithe faoi tholgadh an ghalair ná mar a bhíonn orthu dul faoin scian. Bíodh sé fíor nó bréagach, ach tá an tuairim ann go bhfuil sé níos sábhailte anois a bheith tinn sa bhaile ná cúram leighis a fháil in otharlann.

Ní gá a rá gur dócha go gcuirfear an dlí amach anseo ar chuid de na hotharlanna inar tolgadh MRSA. An mhí seo caite bhronn cúirt sa Bhreatain méid mór airgid chúitimh ar Kitty Cope (87) tar éis fulaingt leis an ghalar in otharlann sa Bhreatain Bheag. Rialaigh an chúirt go raibh an otharlann faillíoch siocair nár cuireadh i bhfeidhm na treoirlínte a bhí leagtha síos le dul i ngleic leis an ghalar.

Sna sála ar an bhreith seo, d’fhógair grúpa aturnaetha in Éirinn go mbeadh imeachtaí dlíthiúla á dtionscnamh acu go luath ar son íospartaigh MRSA agus a muintir. Ní fios cén chosaint a bheadh ag na hotharlanna ó tharla go bhfuil siad ar an eolas faoi MRSA le tríocha bliain anuas. Cuimhnigh fosta gur adhmhaigh na húdaráis sláinte gur féidir aon trian de na cásanna MRSA a tholgaítear sna hotharlanna a sheachaint. Má chruthaitear gur theip ar na hotharlanna cloí lena gcuid rialacha sláinteachais féin, d’fhéadfadh bille mór eile a bheith le díol ag an cháiníocóir.

Níor mhiste a rá ag an tráth seo go bhfuil córas sláinte na tíre ina chiseach agus nach bhfuil aon réiteach simplí ar an iliomad fadhbanna a bhaineann leis. Ach is léir gur bac mór é an MRSA ar phleananna an Aire Sláinte, Mary Harney, an córas a leasú. Léiríonn cáipéisí a tugadh dom faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, mar shampla, gur thug dhá eagraíocht sláinte sa tír foláireamh láidir don Aire gan leapacha breise a chur i mbardaí ospidéil. I litir a seoladh chuig an Tánaiste ar an 26 Bealtaine, 2005, dúirt an tOllamh Martin Cormican, Uachtarán Chumann Micreabitheolaithe Clinicúla na hÉireann, go mbeadh an baol ann go gcuirfí go mór le tolgadh MRSA dá gcuirfí tuilleadh othar sna bardaí, atá dar leis ag cur thar maoil cheana féin.

Bhí sé ag tagairt do mholadh a rinne an Roinn Sláinte níos luaithe i mbliana maidir le breis leapacha a chur ar fáil i mbardaí ospidéil, chun an brú a bhaint de rannóga éigeandála. In áit an stró a bhaint ó na haonaid timpiste is éigeandála is amhlaidh gur a mhalairt a tharlódh, dar leis. Fáinne fí a bheadh ann sa mhéid is go mbeadh ar othair, a scaoilfí saor ó na hotharlanna tar éis dóibh dul faoin scian, pilleadh ar a gcuid leapacha nuair a thógfaí faoi deara go raibh MRSA tolgtha acu.

D’fhéadfadh sé tarlú gur seirbhís laghdaithe a thiocfadh as dá bharr mar go ndúnfaí bardaí inar tolgadh an galar agus go mbeadh ar othair fanacht sna hotharlanna níos faide. Chuirfí le hualach airgid na n-otharlann dá bharr, dar leis an Ollamh Cormican. Mhol sé fosta go dtógfaí breis seomraí aonair *en suite *amach anseo mar atú ar fáil go coitianta sna Stúit Aontaithe, is cosúil. Ní fios domsa an mar thoradh ar an chomhairle seo a chinn an tAire Sláinte go mbeadh ar otharlanna príobháideacha breis leapacha poiblí a chur ar fáil seachas cur leis na haonaid éigeandála. Is léir, áfach, nach fiú tráithín “Plean Deich bPointe” an Aire i leith leasú an chórais mura gcuirfear srian ar MRSA.

Leisce

Deir Mary Harney nach féidir an milleán a chur ar easpa maoinithe as leisce dochtúirí agus altraí áirithe a gcuid lámh a ní go rialta. B’fhéidir é, ach is i lámha glana an rialtais atá fuascailt na faidhbe. Molann an OECD nár cheart go mbeadh níos mó ná 85% de leapacha otharlainne líonta ag an aon am amháin. In Éirinn, áfach, meastar go mbíonn 95% de na leapacha líonta ar an mheán gach lá. Léiríonn figiúirí a foilsíodh le déanaí go bhfuil otharlann amháin i mBaile Cliath fiú ina mbíonn 123% de na leapacha líonta gach lá! Níl dóigh ar bith fán spéir go dtig le foireann na n-otharlann dul i ngleic leis an ghalar faoi chuinsí den chineál seo. Anuas air sin, níl go leor seomraí leithlise ann le hothair ionfhabhtaithe a scarúint ón chuid eile den otharlann.

Tá plean an Aire Sláinte go ndéanfaí tuilleadh cigireachta ar otharlanna agus go mbeadh orthu cuntais sláinteachais rialta a thabhairt, le moladh go mór. Ach ná bíodh aon dallamullóg uirthi: níl dóthain foirne sna hotharlanna le dul i ngleic le MRSA. Is dris chosáin mór ar na hiarrachtaí chun srian a chur leis an ghalar sna hotharlanna é an cosc atá curtha ar bhreis daoine a earcú san earnáil phoiblí. Ba cheart go mbeadh sé mar thosaíocht aici an srian seo a bhaint le go bhféadfaí speisialtóirí ar nós micreabitheolaithe, altraí rialaithe ionfhabhtaithe, eolaithe saotharlainne, ceimiceoirí agus speisialtóirí sláinte poiblí a fhostú. Níl sé seo déanta ag an Aire Sláinte, cé go bhfuil treoirlínte eisithe aici i leith tholgadh an ghalair.

Is léir fosta gur cheart moltaí Thuarascáil Hanley a chur ar an mhéar fhada go dtí go bhfaighfimid an lámh in uachtar ar MRSA. Tá dochtúirí áirithe den tuairim go dtiocfaidh ardú as cuimse ar líon na gcásanna MRSA sa tír seo má chuirtear moltaí Hanley i leith athstruchtúrú an chóras leighis i bhfeidhm. Deir siad go scaipfeadh an galar i bhfad níos gaiste dá mba rud é go ndúnfaí ospidéil bheaga agus dá dtógfaí mórionaid lárnaithe ina n-áit. Bheadh sé i bhfad níos deacra srian a choinneáil ar an ghalar ina leithéid d’ionaid, dar leo.

Cor scanrúil

Is dócha gurb é an cor is scanrúla sa scéal seo, áfach, ná an tuairisc a bhí ag Nuacht TG4 cúpla seachtain ó shin go bhfuil mianach nua den MRSA sa tír seo anois. I mí na Samhna 2004, seoladh litir chuig Príomh-Oifigeach na Roinne Sláinte ag tabhairt le fios go raibh sé chás den tocsaín PVL aimsithe sa tír seo. Is éard atá sa PVL ná tocsaín láidir a nascann é féin leis an bhaictéir MRSA. Ionsaíonn agus maraíonn PVL cealla bána sa cholainn agus tá sé fíorchontúirteach mar gur iondúil gurb iad seo na cealla a chloínn galair. Ionsaíonn an tocsaín an craiceann agus i gcásanna áirithe scaipeann sé sna scamhóga, rud a chothaíonn niúmóinia marfach. Scaipeann an galar íos mó i measc an phobail, seachas in ospidéil, agus bíonn sé ionann is dodhéanta srian a choinneáil air dá bharr. Tháinig PVL chun cinn sna meáin mí Bealtaine seo caite, nuair a bhásaigh saighdiúir go tobann sa Bhreatain. Scríobadh a chos agus é amuigh ag rith. Ansin thosaigh an tocsaín ag spré ina chorp agus cailleadh é ceithre lá ina dhiaidh sin.

Cén dóigh gur féidir le hotharlanna smacht a fháil ar an fhadhb, mar sin, nuair a bhíonn othair ag teacht isteach chucu le mianach marfach den ghalar? Arís eile, níl aon réiteach simplí ar an scéal ach b’fhéidir go bhfuil sé in am anois ag na hotharlanna móra córas scagtha a chur ar bun sula dtugtar leapacha d’othair. Tá a leithéid de chóras measartha coitianta ar mhór-roinn na hEorpa agus tá trealamh ardteicneolaíochta ar fáil anois a chiallaíonn nach próiseas fadálach a bhíonn ann. Bheadh sé de bhuntúiste ag a leithéid de chóras go bhféadfaí cóir leighis a chur ar chraiceann na n-othar sula rachadh siad faoin scian, rud a chiallódh nach ndéanfaí ionfhabhtú ar a gcréachta.

Ina theannta sin, sílim go bhfuil sé in am dúinn smaoineamh ar theorainn a chur le líon na ndaoine a thugann cuairt ar othair. Tuigim gur beart iontach dian a bheadh anseo agus gurb iad na hothair féin a bheadh thíos leis. Mar sin féin, níor mhiste i mo thuairimse srian a chur ar chuairteoirí ar bhonn sealadach go dtí go gcuirfear an bhagairt faoi smacht.

Agus í ag seoladh threoirlínte Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le gairid dúirt an tAire Harney go raibh dualgas ar chuairteoirí a chinntiú nach gcuirfidh siad le scaipeadh an tinnis. B’fhíor di ach, arís eile, bhí sí ag iarraidh an milleán a chur ar dhaoine eile le haird a tharraingt óna heaspa gnímh féin maidir leis an ghné seo den fhadhb. Cuimhingh go raibh an galar á iompar ar a gcraiceann ag breis is 6,000 duine sa tír seo anuraidh, i ngan fhios dóibh féin. Rud amháin don Aire is ea fadhb a aithint ach ceist eile is cosúil beart dearfach éigin a dhéanamh ina leith.

Is clár-eagarthóir le Nuacht TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.