CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Éire an fhuatha?

Níl sé ciallmhar neamhaird a thabhairt ar an chiníochas agus ar cheisteanna eile a bhaineann leis an inimirce.

Íomhá

Bíonn sé le cloisteáil go rialta ó mhionlaigh éagsúla atá ag maireachtáil in Éirinn go mbíonn daoine dá gcuid faoi ionsaí fisiciúil agus béil ó dhaoine ar Éireannaigh ó dhúchas iad.

leithéidí Chorcaí, Bhaile Átha Cliath agus Luimnigh athraithe go mór le cúig bliana anuas, go háirithe ó thaobh an mhéid daoine atá le feiceáil ó thíortha na hAfraice agus Oirthear na hEorpa. Aisteach go leor, áfach, is iad na daoine dubha is mó a mhothaíonn míshuaimhneach agus iad ag siúl na sráide nó ag dul i mbun a ngnóthaí laethúla.

Is ábhar iontais é an ciníochas seo atá le mothú go forleathan, go speisialta nuair a smaoiníonn tú chomh cineálta agus chomh fial is a bhíonn muintir na hÉireann nuair a tharlaíonn tubaiste mhór, gorta nó crith talún, cuir i gcás, in áiteanna mar Goma nó an tSúdáin.

Dealraíonn sé go bhfuil muid breá toilteanach cabhair a thairiscint do dhaoine dubha fhad is go bhfuil siad i bhfad uainn, ach gur scéal eile é nuair a thagann siad le cur fúthu béal dorais linn.

Tá an eisimirce mar chuid níos lárnaí de stair na tíre seo ná mar a bheadh amhlaidh i gcás fhormhór na dtíortha eile san Eoraip. Is beag teaghlach in Éirinn nár imigh duine nó beirt uaidh ar chúiseanna eacnamaíocha, bíodh sin chomh fada siar leis an Ghorta Mór nó in ochtóidí na haoise seo caite.

Níl sé chomh fada sin siar ó bhíodh fógraí in airde i Sasana agus i Meiriceá ag rá “No Niggers or Irish Wanted”. Bheifí ag súil go mbeadh muintir na hÉireann níos tuisceanaí ná mar atá siad, dá bharr seo.

Cén fáth a bhfuil muid chomh míshuaimhneach le daoine nach bhfuil ar an dath craicinn céanna linn? Tá leithéidí Áine Ní Chonaill i gCorcaigh i mbun feachtais le roinnt blianta anuas chun srian a chur leis an mhéid eachtrannach atá ag bogadh go hÉirinn. Maíonn sise gur cheart teorainn a chur leis an líon a cheadaítear agus an chuid eile a ruaigeadh ón tír. An eisceacht í a leithéid, nó an bhfuil go leor againn, inár gcroí istigh, den tuairim chéanna? Chuirfeadh sé seo i gcuimhne duit an ciúnas a bhíonn ann, nuair a bhíonn eisimirce throm in Éirinn, mar a bhí sna hochtóidí. Bhí tromlach den phobal ar nós cuma liom, mar gur mhothaigh siad go mbeadh saol níos compordaí acu féin dá mbaileodh go leor leo ón tír!

Tá sé in am díospóireacht cheart, oscailte a thosú i dtaobh cheist na hinimirce sa tír seo. Bímis ionraic i dtaobh na ceiste seo, seachas a bheith seachantach agus tostach.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.