AR NA SAOLTA SEO
Éin agus Ainmhithe Feannta an Gheimhridh
Laoise Ní Chléirigh Laoise Ní Chléirigh Laoise Ní Chléirigh

Bhí Laoise Ní Chléirigh ag faire amach d’ealta an aeir agus do na hainmhithe le linn na drochaimsire. Bhí sí ag coimeád súile ar a modhanna maireachtála chomh maith. Bíonn a mbealaí féin acu leis an ngeimhreadh a chur isteach.

Íomhá
Íomhánna áille na maidine
Íomhá
Is aistreach lon Leitir Cró
Íomhá
Mada rua ag an doras
Íomhá
Airc ar eallach
Íomhá
Loscainn. tumadóirí, earca faoi reo

Brat bán sneachta ar an talamh, reodóga ar sliobarna anuas de bhunsop an tí ar maidin. Íomhánna áille ar fud na tíre, ar maidin go háirithe, agus é chomh fuar! Bhí aimsir mar seo cheana, na céadta bliain ó shin:

Sádhail ár gcoire dá dhrol, Is aistreach lon Leitir Cró, Do mhínigh sneachta Coill Ché, Deacair dréim le Beanna Bó. (file ainaithnid)

formhór na ndaoine lán in ann gabháil amach ag siúl chuig an ollmhargadhduine níos óige ná iad a sheoladh chuig an siopa chun greim bia a cheannach. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, mar a deir an seanrá, ach céard a dhéanann ár gcairde i ríocht na n-ainmhithe is na n-éan sa drochshíon? Tá ceithre rogha acu:

  • A) Caithfidh siad dul i dtaithí ar na cúinsí agus iad féin a ‘oiriúnú chun maireachtála; nó

  • B) Rachaidh siad ar imirce; nó

  • C) Titfidh codladh an gheimhridh orthu, faoi thalamh go hiondúil, go dtí go mbogfaidh an aimsir ar ball; nó

  • D) Siocadh síos faoi uisce sa phuiteach nó ina leithéid.

Braithfidh an rogha sin ar an gcineál míl é féin agus ar a thimpeallacht.

(A) An tOiriúnú chun Maireachtála

Fanann ainmhithe agus ealta faoi leith linn sa tír ó cheann ceann na bliana agus bíonn siad gníomhach gach lá, ionas nach reofar agus nach lagfar d’uireasa bia sa gheimhreadh iad. Bíonn orthu a n-iompar agus i gcásanna áirithe, a gcolainn a chur in oiriúint. Cuir i gcás, san fhómhar, fásann fionnadh níos tibhe ar ainmhithe ar leith, chun iad a choimeád te teolaí san aimsir fhuar mharfach seo. Bíonn sé i bhfad níos deacra greim bia a cheapadh i rith an gheimhridh agus dá bhrí sin, bailíonn roinnt ainmhithe bia cosúil le sméara, cnónna agus a leithéid. Deirtear go n-itheann na sionnaigh sméara agus ruainne ar bith a dtiocfaidh siad air san earrach, ach b’fhearr leo feoil na mionmíolta, nó creimirí beaga, in aimsir fuachta mar seo. Boladh na feola a mheallann i ngaobhar an tí iad an tráth seo bliana agus d’fhéadfadh an cat, peata an teaghlaigh, imeacht ar troigh gan tuairisc go tobann!

Uaireanta, fanann ainmhithe beaga le chéile i slóite beaga chun an teas a roinnt lena chéile. Téann luchóga beaga nó vóil bheaga i bhfolach faoi lomángrágán, nó faoin titim mhór sneachta fiú. Beidh an sneachta mar phluid teasa acu, mura miste leat, go gcloise an mada rua iad! Bíonn tolláin déanta acu agus bíonn siad suas síos tríd na tolláin faoin mbrat mór sneachta.
Má chónaíonn damhan allafeithid i gceantar gan sioc nó sneachta, fanfaidh sé aclaí agus gníomhach i rith an Gheimhridh. Ar a dtóir siadsan a bhíonn na luchóga srl., bídís gníomhach nó sostach.

(B) An Imirce

Téann éin ar nós na fáinleoige thar sáile, chuig áiteanna níos teo i bhfad ó dheas san Afraic. Creid é nó ná creid é, téann feithidí ar imirce chomh maith! Eitlíonn féileacáin agus leamhain, nó ‘leamain’ mar a deir muintir Thír Chonaill, achar an-fhada. Caitheann an bleachtfhéileacán an-chuid ama i Meiriceá Thuaidh agus i gCeanada le linn an tSamhraidh, ach a luaithe agus a thig leis roimh an bhfuacht, crochfaidh an cine ar fad na heiteoga go Meicsiceo.
Ar an láimh eile, an chuiteog, is beag siúl a dhéanfaidh sise, ach síos níos faide faoin talamh a rachaidh sí le teacht ar an teas agus ar an gcosaint.

(C) Codladh Mo ChaoiCodladh an Gheimhridh

Téann ainmhithe a chodladh ar feadh tréimshe, agus don Gheimhreadh ar fad ar ndóigh. Is dócha gurb é seo an codladh is deise ar domhan, an geimhriú a dhéanann an t-ainmhí, nuair a mhoillíonn buille an chroí agus na hanála chomh maith ar an mbolg lán agus greim bia in aice lapa fosta, ligfidh an t-ainmhí néal an gheimhridh as a cheann ar a sháimhín só! Deirtear go mbíonn sé an-deacair ainmhí mar seo a dhúiseacht. Bíonn cuma mharbh air, le buille an chroí chomh mall le seachtain fliuch agus titfidh teocht na colainne níos ísle chomh maith. Ní úsáidfidh ainmhí anmhórán fuinnimh le linn an ama seo. Úsáidtear blonag an ainmhí mar fhuinneamh lena choinneáil ag imeacht ar an gcaoi sin fad is a bhíonn sé ag geimhriú. Bíonn an bia in aice leis, ar fhaitíos na bhfaitíos go mbeidh gá le greim i ndúluachair na bliana. In Éirinn, téann an ialtóg (= an sciathán leathair) ar geimhriú luath go leor agus an ghráinneog chomh maith. Ach, ní théann an broc ina chodladh ach ar feadh tamaill mar seo nuair a thitfidh an teocht fíoríseal.

Is é an mathúin, nó an bear, ceann de na hainmhithe is mó a chodlaíonn i rith an gheimhridh. Níl an t-art nó an mathúin fiáin anseo in Éirinn le trí míle bliain anuas, ach bheidís lánsásta leis an aimsir seo. Rachaidh buille an chroí atá ag an ollbhéar Meiriceánach nó atá ag an mbéar dubh Meiriceánach ó dhaichead nó caoga buille in aghaidh an nóiméid go dtí idir a hocht agus a dó dhéag achan nóiméad! An méid sin ráite, ní ísleoidh teocht an mhathúna mórán, éagosúil le hainmhithe eile. Murab ionann agus na hainmhithe eile, ní itheann siad ar chor ar bith le linn na tréimhse seo. Íosfaidh siad a sá roimh ré agus titfidh codladh sámh orthu díreach cosúil linn féin i ndiaidh dinnéar mór na Nollag.

(D) An Siocadh Síos

Ní thig le hainmhí fuarfhola cosúil le loscainn nó iasc, an cholainn a choinneáil te i rith an gheimhridh, ach is ainmhithe éirimiúla, seiftiúla iad seo! Múchfaidh siad i linn uisce faoi na carraigeacha nó faoi lomáin ar ghrinneall na habhann nó ar leaba an locháin. I gclabar linne, nó fiú de leataobh linn uisce, beidh an loscainn, an tumadóir mór agus an t-earc luachra agus sléibhe ag déanamh Mo Chaoi díobh féin istigh faoin bpuiteach. Bheidís ar bhiachlár an tsionnaigh amanna eile den bhliain ach ní bheidh aon teacht aige orthu faoi láthair. Tá grianghraf de linn uisce leis an alt seo a bhfuil na créatúir sin reoite istigh faoi ag fanacht, go foighdeach mar dhea, leis an gcoscairt.

Tá an tumadóir mór, dála an scéil, ar cheann de na feithidí is mó san Eoraip. Ní fheiceann muintir na hÉireann rómhinic iad sa samhradh ó thréig an duine an rothar ar an gcarr. Tugann roinnt daoine ‘rock beetles’ orthu mar dá mbuailfeadh ceann acu san éadan thú lá samhraidh leagfadh sé de rothar chomh furasta céanna amhail is dá mbuailfí le cloich thú.

Bíonn feithidí faoi leith suanach faoi uisce chomh maith. Tá sé an-chosúil le geimhreachas ach níl sé díreach mar an gcéanna. Níl siad ag fás nó ag forbairt, ach athraíonnn cuid dóibh. Caitheann cuid doíbh an t-am seo mar eithne nó pupa agus nochtfaidh sé amach ina fheithid nua ar an mbruach le téamh an Earraigh.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is múinteoir Gaelscoile í Laoise Ní Chléirigh a bhfuil spéis ar leith aici sa dúlra, i leabhair do pháistí agus i dtarraingt pictiúr.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.