CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin, 30 Samhain 2001 - 2 Nollaig 2001
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Bíonn féile ar siúl i gCúil Aodha i gCorcaigh gach bliain ag tús mhí na Nollag i gcuimhne ar Dhiarmuid Ó Súilleabháin, an t-amhránaí agus an craoltóir a cailleadh go tragóideach deich mbliana ó shin. Tá Antaine Ó Faracháin i measc na ndaoine a thugann a aghaidh ó dheas don cheol agus don spraoi.

* ‘Sé mo laoch mo Ghile Mear ‘Sé mo Chaesar, Gile Mear Suan ná séan ní bhfuaireas féin Ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear. *

Aon uair a chloisim an curfá sin den amhrán “Mo Ghile Mear” cuimhním ar dhuine de na laochra móra amhránaíochta a bhí agam, Diarmuidín Ó Súilleabháin. Ba amhránaí den chéad scoth é Diarmuidín agus é ina Ghile Mear é féin do go leor daoine.

Thar an deireadh seachtaine 30 Samhain - 2 Nollaig beidh go leor daoine ag cuimhneamh ar Dhiarmuidín i gceantar álainn Mhúscraí an áit arbh as dó. Is sa cheantar fíorálainn seo a dhéanfar ceiliúradh ar shaol Dhiarmuidín le linn Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin.

Féile agus féasta amhránaíochta agus ceoil a bheas ann mar is iondúil thart ar an am seo gach bliain. Ní dhéanfar dearmad ar an rince ach an oiread mar beidh idir rince ar an sean-nós agus seiteanna á mbualadh amach ann freisin.

Ach b’fhéidir an rud is mó a tharraingeoidh aird i mbliana ná taispeántas speisialta amhránaíochta a bheas á thabhairt ag daoine óga atá ag teacht as chuile cheard chun a gcuid amhrán a chur i láthair an phobail le bród agus le mórtas. Beidh grúpaí ann as Tír Chonaill, Baile Átha Cliath, Maigh Eo, Corca Dhuibhne, Ráth Cairn, Ard Mhacha, Uíbh Ráthach, Ná Déise, Conamara, Eilean Leodhais (Albain) agus Múscraí féin ar ndóigh. Sin os cionn 100 páiste ar an ardán ag an am céanna! Casfaidh gach grúpa amhrán dúchasach amháin a léiríonn a stíl, a repertoire agus a gcanúint féin.

Go bhfios dom, is é seo an chéad uair a rinneadh a leithéid riamh, i.e. mórchanúintí uilig na Gaeilge (agus an Ghàidhlig san áireamh) a bheith ar aon stáitse amháin ag daoine óga agus iad ar fad ag canadh ina stíl féin ar an sean-nós.

Is minic a deirtear nach mbíonn deis ag an aos óg daoine eile ar comhaois leo féin, atá ina gcónaí taobh amuigh dá gceantar féin, a chloisteáil ag canadh. Ní bhíonn an oiread sin deise acu i ndáiríre canúintí a chéile a chloisteáil fiú. B’fhéidir go mbeadh an deis sin ag daoine fásta ceart go leor ach is beag taithí i ndáiríre a bheadh ag daoine óga bualadh le páistí as ceantrachaí eile atá ag foghlaim amhrán sa stíl dhúchasach ar nós iad féin.

Ceann de na haidhmeanna a bhaineann leis an tionscadal seo SNÓ (Sean-Nós na nÓg), mar sin, ná an deis sin a thabhairt dóibh ionas go dtuigfidh siad go bhfuil daoine eile ar nós iad féin ann, go bhfuil go leor i gcoiteann acu agus go bhfuil difríochtaí eatarthu freisin.

Le gach síol tagann fás agus ní fás go fómhar agus má chasann na daoine óga seo ar a chéile anois agus teagmháil a bheith acu lena chéile agus cairde nua a dhéanamh, nach mó an seans go mbeidh siad i dteagmháil lena chéile arís mar ghréasán d’amhránaithe traidisiúnta agus iad ina ndaoine fásta amach anseo? Ní fhéadfadh sin ach neart a chur leis an traidisiún amhránaíochta agus leis an teanga féin san am amach romhainn.

Beidh oscailt oifigiúil na hÉigse ar siúl ag 7.00 p.m. ar an Aoine 30 Samhain in Áras Éamon Mac Suibhne i gCúil Aodha agus is é Pádraig Ó hAoláin (Údarás na Gaeltachta) a dhéanfaidh an beart ansin. Díreach ina dhiaidh sin beidh dlúthdhiosca nua “Éigse Dhiarmuidín 1992 - 2001” le ceol agus amhráin ó choirmeacha ceoil na hÉigse le 10 mbliana anuas á sheoladh. Beidh clár raidió “Carraig Aonair” le Seán Ó Cíobháin mar chuimhneachán ar Dhiarmuid Ó Súilleabháin á sheoladh ag Ceannaire Raidió na Gaeltachta, Tomás Rua Mac Con Iomaire, agus ansin díreach i ndiaidh na rudaí sin ar fad ag 8.00 p.m., SNÓ (Sean-Nós na nÓg) taispeántas amhrán ó na grúpaí éagsúla sin de dhaoine óga.

Ar ndóigh muna bhfuil cloiste agat faoi seo roimhe seo beidh tú rud beag deireanach do chéad oíche na féile! Ach ná bí buartha, tá neart seisiún ceoil amhránaíochta agus rince ar siúl thar an chuid eile den deireadh seachtaine a choinneos ag imeacht thú!

Le haghaidh tuilleadh eolais féach ar: www.eigsedhiarmuidin.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.