CÚINNE NA nEALAÍON/AG LÉAMH DOM
Edmund Burke an Aithisc
John Paul McCarthy John Paul McCarthy

Tá John-Paul Mc Carthy an-tógtha leis an ‘léargas luachmhar neamhghnách’ ar Edmund Burke atá i leabhar ‘Burke and the Art of Rhetoric’ le Paddy Bullard.

Íomhá
Burke sa bhliain 1771
ar Vicipéid
Íomhá
Cicero, fealsamh
le Gunnar Bach Pedersen ar Vicipéid
Íomhá
Sliocht as leabhar William James, Varieties of Religious Experience
Vicipéid
Íomhá
Leabhar Paddy Bullard
Gwasg Prifysgol Caergrawnt

Is féidir a áiteamh le dlisteanacht ar leith gurb é leabhar Paddy Bullard, Burke and the Art of Rhetoric, an leabhar is tábhachtaí ar Edmund Burke dar foilsíodh le fiche bliain. Tugann Bullard cuireadh éirimiúil dúinn droim láimhe a thabhairt d’aidiacht uilíoch neamhfhiúntach, viz., “practical”. Is minic a chuirtear “practicality” i leith Burke agus gnéithe éagsúla dá mhacnamh polaitiúil á gcíoradh. Ach is é príomhaidhm leabhar Bhullard ann ná sainmhíniú níos géarchúisí agus níos mine a thabhairt do chur chuige Burke. Agus é ag iomrascáil i bparlaimint agus ag baint ceoil as seifteanna óráidíochta difriúla, níorbh é “practicality” ghlic bunfhréamh na straitéise sin, ach dianmhachnamh teibí roimh ré ar fhealsúnacht phoiblí Cicero agus Aristotle. Ba mhór tionchar teoiric an Novus Homo de chuid Cicero ar Burke agus é i mbun feisireachta i Londain, teoiric a leag béim ar leith ar theilgean phearsantacht mhacánta an chainteora san earnáil mhórálach phoiblí. Ba é Cicero de chuid na Rómhánach an t-údarás fealsúnachta ba thábhachtaí do Burke agus é ag déanamh iarrachta i dTeach na dTeachtaí do chur in iúl dos na mangairí sotalacha mórthimpeall air go raibh “absolute decorum” idir a chuid óráidíocht bhríomhar phoiblí agus a phearsantacht phríobháideach.

Fuinneamh an Chainteora

Tugann Bullard rabhadh don léitheoir go minic nár chóir a cheapadh gurbh í aidhm óráidíochta Burke “freagra” polaitiúil éigin do chur ina luí ar na MPs ná ar na hairí a bhí ag éisteacht leis. Aidhm mhórálach leithleach fiú a spreag Burke chun achainí poiblí a chur i dteannta a chéile seachas aidhm “phraiticiúil” pholaitiúil. Ba chuma an é cruachás na nIndeach ba bhoichte, agóidí cánach abhcóidí Mhassachusetts nó crochadh poiblí Bhuachaillí Bána na Mumhan a bhíodh á chur trína chéile ag Burke go poiblí, ba é a chuid mórtais féin príomhábhar na hóráide i ndáiríre. Luann Bullard ráiteas Burke agus geilleagar na hÉireann á chíoradh aige i 1778 nuair a thugann sé le fios gurbh ionann a cháilmheas pearsanta agus “the only thing which can make such ability of mine any use to the world.” Níorbh é Ego Freud foinse an áitimh seo, gan trácht ar “phraiticiúlacht” parlaiminte, ach nasc ársa a rinne Cicero idir caighdeán na hachainí poiblí agus caighdeán anam an fheisire a ghineann an achainí chéanna.

Diongbháilteacht

Murach leabhar breá Bullard, b’fhuraist do cheapadh gurbh é claonadh soiléir óráidíocht Burke an phríomhlaige a chuir srian soiléir ar réimse a chuid tionchair poiblí. Tugann Bullard eiseamláirí éagsúla des na gearáin ilghnéitheacha a thagadh aniar aduaidh ar Burke tar éis dó labhairt ar ábhair chonspóideacha i dTeach na dTeachtaí. Mhaígh Macaulay tráth “Burke chose his side like a fanatic”. Ba mhinic do Gladstone tagairt a dhéanamh do dhiongbháilteacht scanrúil óráidíocht Burke ach go háirithe agus Géarleanúint na hÉireann á hionsaí aige “which Mr Burke has scathed and blasted with his immortal eloquence”. [Níor thuig Burke, dar le Louis Cullen sa lá atá inniu ann, nár chuir na dlíthe seicteacha seo isteach ar fhorbairt na gCaitliceach meán-aicmeacha tar éis 1760].

Ach tugann Bullard le fios gur láidre an naimhdeas a chothaigh óráidí Burke le linn a shaoil féin, agus gurbh iomaí polaiteoir a labhair mar gheall ar a “aggressive temper” agus “an volatile decorum [he] achieved through violence to the [public] self.” Ach arís, taispeánann Bullard nach botún an claonadh feargach seo toisc gur straitéis réamhroghnaithe d’aon ghnó an cur chuige óráidíochta brúidiúil seo. B’ábhár imní ceist na macántachta do Burke i gcónaí, agus roghnaigh sé guth cantalach Elijah i bparlaimint chun macántacht a phearsantachta a bhéimniú. Ní labhródh sophist le binb fheargach riamh dar le Aristotle - an tarna saoi óráidíochta ag Burke dar le Bullard - agus más ea, do thug cantalacht phoiblí ‘chlaonta’ Burke stádas ar leith dhó insna díospóireachtaí éagsúla, mar aon le cosaint ó chúisiú caimiléireachta.

“So long as the audience attends to Burke’s ‘reputation and consequence’ as an orator”, dar le Bullard, “that audience has no reason to expect that Burke will make comprehensive, balanced, ‘academic’ arguments, rather than personal, partial and moral ones. It can require no tribute of reticence or deference from him. Neither does it have the right to charge him with hypocrisy or inconsistency when his polemics fall short of academic completeness and metaphysical truth. To whatever extent it is ethical, his oratory must necessarily be partial.”

Muirthéachtaí faoi Choim

Is féidir macalla nua-aimseartha an smaoinimh seo de chuid Aristotle a chloisint fós i scríbhinní William James ach go háirithe sa Varieties of Religious Experience [1902] aige, áit a ndearna sé dlúthnasc idir údarás mórálach agus ‘claonadh’ mórálach. “Great schools of art”, dar le James, “work out the effects which it is their mission to reveal, at the cost of one-sidedness for which other schools must make amends.”

Cheap cuid mhór de lucht éisteachta Burke gur chuir sé a chuid óráidíochta féin as a riocht de dheascaibh an chur chuige doicheallaigh a roghnaigh sé. Ach thug Bullard le fios dúinn tar éis dó fréamhacha fealsúnachta na hóráidíochta a scagadh gur theastaigh ó Burke ceol a bhaint d’aon ghnó as áibhéil, as maslaí pearsanta, as an bhforéigean inmheánach Caitliceach sin a mheall aird Chonor Cruise O Brien agus é ag iniúchadh “his suppressed sympathy with revolution” i 1968.

Sin dhá léargas luachmhar neamhghnách. Ní bhaineann óráidíocht phoiblí ar uairibh le fuascailt fadhbanna polaitiúla ar chor ar bith, ach le haidhm an chainteora carn mór údaráis mhórálacha a bhailiú ionas go mbeidh sé ina ann an carn caipitil sin do ‘chaitheamh’ lá éigin eile. Agus ní chóir óráidí stairiúla a léamh d’fhonn a gcuid coimhlintí inmheánacha do bhreacadh mar ní féidir a gcuid saíochta a scoitheadh óna gcuid botún. Agus an leabhar iontach seo á léamh, samhlaítear Burke féin ina shuí ar na binsí glasa Tigh na dTeachtaí, an reacaire uaigneach ag seasamh an fhóid go práinneach, ag maíomh “the principles of true politicks are those of morality enlarged.” Agus ritheann sé leis an léitheoir nár chóir an éirim a lua gan an Ego, ná an fhírinne a lua gan a sciath leochaileach.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR
  • Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.