AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Easpa ‘gaelachais’ ag Féile Milwaukee
Balor Balor Balor

Chuaigh Balor ar thóir “an ghaelachais” ag Féile na nGael in Milwaukee. Cé a shílfeadh go mbeadh sé chomh deacair Gaeil is Gaeilge a aimsiú ag a leithéid d’fhéile!

Íomhá
Íomhá
Bhí Balor sásta gur raibh an scannán is ansa leis, Shrek, ar taispeáint ag Aer Lingus
Íomhá
Bratach Milwaukee
Íomhá

Bhí Balor ag Féile na nGael in Milwaukee an mhí seo a chuaigh thart, a léitheoirí, agus an chaisíneacht, an chnáimhseáil agus an cheasacht atá déanta aige ó tháinig sé ar ais, níor chuala mé a leithéid riamh. “Cad tuige a bhfuil tú ag gearán?” a d’fhiafraigh mé de Laoch na Litríochta i ndiaidh dó an lagar turais a chur de le cúpla bairille pórtair, agus seo mar a d’fhreagair sé:

“Tá an fhéile sin imithe chun donais ar fad,” a d’fhreagair sé. “Chuaigh mé ann chun suaimhneas a fháil, ach cé a bhí ina shuí in aice liom ar an eitleán ach Jaysus Joe Shéamais, fear na gcuarán gan stocaí agus an bhríste gan cholpaí, agus diabhal mórán níos mó ná sin. Bhí sé ag cleachtadh a chuid poirtíní béil agus é dom’ shíorcheistiú: ‘An bhfuil a fhios agat an ríl seo, a Bhaloir?’ nó ‘An bhfuil a fhios agat an port seo, a Bhaloir?’ agus é ag portaireacht isteach i mo chluas sa dóigh go raibh gach aon duine fá scread asail dínn ag amharc go hamhrasach orainn. Sa deireadh, chuir mé ceist air cad tuige nach gcuirfeadh sé a chuid ceisteanna faoi na foinn ar a chompánach ar an taobh eile, Johhny Leipreachán Connolly. Is é a d’fhreagair an húr: ‘Siúr, ní fiú dom é sin a dhéanamh. Tá na foinn ar fad ar eolas aigesean, tá sé i bhfad ródheacair Johnny a impresseáil.’

‘Bíodh do chac agat’, a dúirt mé leis, agus dhírigh mé m’aigne ar an scannán a bhí ar taispeáint ag Aer Lingus – an ceann is ansa liom ar fadShrek!

“Tá dlúthdhiosca eisithe ag gach aon dara hamadán agus óinseach ar fhód na hÉireann faoi seo, agus bhí an t-eitleán sin lán dlúthdhioscaí – iad ar fad ar a mbealach chuig margadh Mheiriceá ag daoine nach raibh in ann ceann ar bith acu a dhíol in Éirinn. Bhí ceoltóirí, amhránaithe agus fiú damhsóirí na hÉireann ag malartú a gcuid dioscaí ón am ar fhág muid Aerfort Bhaile Átha Cliath, iad á síniú le scriobláil agus póga, amhail is go raibh duine inteacht ag gabháil a éisteacht leo riamh. Bhí siad ag déanamh iontais de dhioscaí a chéile, leis an oiread sin úúúú-anna agus áááá-anna gur chuir siad pian i mo thóin. Ba chuma gur mise an t-aon duine ar an eitleán nach raibh slam dlúthdhioscaí i mo mhála le díol agam. Fear pinn mise, mar is eol do chách.

“Nuair a thuirling an t-eitleán i Chicago bhí teas millteanach ann. B’éigean dom m’éadach cnis fada a bhaint a luaithe agus a leag mé cos ar thalamh Mheiriceá. Choinnigh mé orm mo bhríste fada fionnaidh, mo chóta mór, mo hata agus mo chuid wellies, ar eagla na hEaglaise. Ní raibh an scáth céanna ar go leor den mhuintir a chuaigh anonn liom. Dá bhfeicfeá na forránaigh! Bhí cuid mhór acu gléasta i mionsciortaí agus cíochbhearta dathannacha... agus bhí na mná chomh téisiúil céanna.

“Isteach linn sna busanna agus as go brách linn ó thuaidh faoi bhruach Loch Michigan chuig Milwaukee, agus isteach linn go Páirc na Féile cois locha. Bhí mé bodhraithe ag an ghleo agus mé fós scór bloc ón suíomh. Ceol Gaelach mo thóin! Cé go bhfuil Tommy bocht Makem ar shlua na marbh le mí nó dhó, níl baol dá chuimhne ag Irish Fest Milwaukee. Bhí an t-amhrán céanna le cloisteáil ó gach aon stáitse; na hamhránaithe ag fiosrú in ard a chinn “Will You Go Lassie Go?”

Dá mbeadh pioc céille ag an lassie chéanna, bheadh sí ar shiúl blianta fada ó shin.

Ar thóir na Gaeilge“Bhí fógra mór os cionn gheata Pháirc na Féile: ‘Céad Míle Fáilte’ a d’fhógair sé. ‘Nach deas sin?’ arsa mise liom féin, ‘tá Gaeilge ag muintir Mheiriceá fiú!’

An chéad bhoc ar casadh orm é, d’fhiafraigh mé de cárbh as é.

I’m a visitor here from Conamara!’ ar seisean. ‘Cén áit i gConamara?’ a d’fhiafraigh mé. ‘From Spiddle,’ arsa seisean, ‘That’s in Cois Fharraige.

‘Cén chaoi a bhfuil tú?’ arsa mise leis, agus mé ag iarraidh é a chur ar a shuaimhneas ina chanúint féin.

Huh?’ ar seisean.

‘Nach bhfuil aon Ghaeilge agat?’ arsa mise leis.

I only have the cúpla focal,’ ar seisean, ‘and that’s both of them!’

“Ar aghaidh liom gur casadh orm slua ollmhór a bhí cruinnithe thart ar Chiarraíoch beag a bhí ag maíomh in ard a chinn: ‘Aire Stáit atá ionamsa. Tugaigí aire dom. Aire anois, a fheara! Bígí ar bhur n-aire. Éistigí liom go haireach, a fheara. Arra a fheara, tugaigí aire don Aire!’

Cé a bhí ann ach Pat Scarey, an t-aire stáit úr i Roinn na Galltachta; é ann in áit Éamó Uí Chaoimhnis, agus é ar a sheacht ndícheall ag iarracht aire an tslua a tharraingt air féin – rud nár chuir stró ar bith ar Dev Óg nuair ba ghnách leis féin dul chuig Féile na nGael seachas an chéad ionadaí a chur amach ina áit. Diaidh ar ndiaidh, bádh a ghuth sa ruabhéic a bhí ag éirí d’aonghuth aníos ón scaifte: ‘Éamó is our Aire – we shall not be moved!’ – iad á ghlaoch arís agus arís eile, go dtí gur éalaigh an fear ionaid faiteach isteach sa Mother Macree Pretzel Cottage.

“Ar aghaidh liom thar an Bold Fenian Men Burger Joint, thar an Rosie O’Grady Pizza Parlour agus thar an Courtin’ in the Kitchen Corn Stall, mé bodhraithe i rith an ama ag Béarla, ag bodhráin, ag boscaí agus ag bainseónna dá seinm ag muintir Mheiriceá, muintir Cheanada, muintir na Polainne agus na hÍsiltíre agus na hAstráile ón trí chéad stáitse i bhFearann na Féile. Bhí mo chluasa fós ag fulaingt de bharr an trup gallda uilig agus ocht n-uaire an chloig de phortaireacht Jaysus Joe Shéamais, nuair a tháinig mé faoi dheireadh agus faoi dheoidh a fhad leis an Cheantar Cultúrtha. ‘Seo an áit a bhfaighidh mé na fíorGhaeil,’ arsa mise liom féin. ‘Seo an áit a bhfaighidh mé suaimhneas i measc mo mhuintire féin.’

“Ní raibh mé i bhfad san áit seo nuair a chonaic mé fógra mór ar bharr pubaill:Seo Puball na Gaeilge – Fáilte Roimh Phuball na Gaeilge chuig Puball na Gaeilge!’ Anonn liom gur casadh dom Meiriceánaigh ag díol foclóirí Béarla – Gaeilge, Meicsicigh ag díol foclóirí Gaeilge – Béarla agus ceolfhoireann bheag as Texas ag seinm cheol na Briotáine agus na hAlban. Cá raibh na Gaeil? Cá raibh an mhuintir ar íocadh a mbealach amach le bheith ag seinm cheol na hÉireann agus ag spalpadh Ghaeilge na hÉireann?

“Smaoinigh mé ar phlean. Chuir mé scairt ar Éamonn Bluebell Ó Donnchadha ar a ghuthán póca. ‘Cá bhfuil tú, a húirín?’ a d’fhiafraigh mé go mánla d’iolbhuaiteoir Chorn Uí Riada. ‘Tá muid ar fad istigh fá lár an bhaile i bPub Ostaireach, cineál de Beer Hall,’ a d’fhreagair sé. ‘Seo an áit a bhfuil an chraic. Tá fear an tí ag cur suas pitchers saor in aisce.’

‘Cé atá in éineacht leat?’, a d’fhiafraigh mé. ‘Ó tá an scaifte ar fad anseo,’ a d’fhreagair sé. ‘Tá na ceoltóirí móra ón bhaile cruinnithe isteach anseo ag seinm Edelweiss agus Stille Nacht *ar dheochanna saor in aisce. Tá leagan sean-nóis an-deas agam féin den *Blue Danube...’

“An bhfuil Jaysus Joe Shéamais libh?’ a d’fhiafraigh mé go faiteach. ‘Tá sé anseo ag portaireacht Eine Kleine Nachtmusik agus tá an scaifte uilig ag déanamh gurb é is fearr ag tabhairt faoi ó cailleadh Mozart féin,’ a d’fhreagair Bluebell. Dhruid mé an fón go lagmhisniúil agus thug mé m’aghaidh ar na Meicsicigh. I ndiaidh scairt ghutháin mar sin ní raibh cuma ró-olc ar Phuball na Gaeilge.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.