AR NA SAOLTA SEO
Éalú ón Duibheagán
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Caithfear leasú na poblachta a chur i gcrích, nó fágfar dochar agus doghrainn roimh an nglúin inár ndiaidh dar le Ciarán.

Íomhá
Ceannáras an CAI
(leis an IMF, Vicipéid)
Íomhá
Banc an AE
le Eric Chan ar Vicipéid
Íomhá
AIB
Íomhá
Is cuid dínn féin é
Íomhá
Ionad trádála

Chuir teacht na foirne ón CAI (IMF) agus ón AE (Banc an AE) go hÉirinn an mhí seo caite gruaim ar an tír. Ba náireach an scéal é, gan amhras, agus ba mhór an buille don náisiún é stiúradh airgeadais na tíre a chailleadh. Rinneadh trácht ar 1916 agus ar an Éirí Amach, agus ar an fhuil a doirteadh ar son an neamhspleáchais. Níl sa chaint sin ach seafóid mhaothintinneach. B’fhearrde dúinn cruachan agus ár n-aghaidh a thabhairt ar an anachain agus dul i ngleic lenár gcuid fadhbanna go stuama.

Ba léir i lár na míosa seo caite go ndeachaigh cúrsaí airgeadais in olcas arís. Bhain an scéala ar theacht an CAI siar mór as an phobal. Cheapamar roimhe sin go rabhamar chomh híseal is nach bhféadfaimis céim eile síos a thabhairt. Ach a dhonacht is atá an tír, nílimid gan dóchas fós.

In ainneoin na tubaiste geilleagraí agus na n-athruithe atá i ndán dúinn, tá cónaí orainn i dtír atá, i gcomhthéacs idirnáisiúnta, go maith as fós. Táimid saor, nuálach, agus solúbtha mar dhream daoine. In ainneoin gur tír oileánach í Éire, níl aigne oileánda againn mar dhream. Tá scéal na himirce fite fuaite le muintir na tíre le dhá chéad bliain anuas. Is brónach an méid sin ar chaoi amháin, ach ar an láimh eile, fágann sé taithí againn ar an domhan mhór amuigh ansin. Sílim go bhfuilimid oscailte agus leathanintinneach dá bharr sin. Déanaimid go leor taistil agus tagann eachtrannaigh go leor chuig an tír seo. Is saoránaigh den domhan muid ar fad. Léiríonn staidéar i ndiaidh staidéir go bhfuil Éire ar cheann de na tíortha is ‘domhanda’ dá bhfuil ann. Beidh sé seo ina bhuntáiste mór againn amach anseo.

Deiseanna

Faoi láthair tá geilleagair na tíre suaite ach tá buntosca an gheilleagair chéanna i gceart. Is fíor go raibh an geilleagar ag brath go rómhór ar an fhoirgníocht, ach tá an-éagsúlacht ag baint le geilleagar na hÉireann ina dhiaidh sin. Tá cuid mhaith de dírithe ar onnmhairithe agus tá an earnáil sin ag fás go measartha maith arís. Mealltar go leor IDC (FDI) chun na tíre seo fós agus cé go bhfuil ráta íseal na cánach corparáidí an-tábhachtach, tá níos mó i gceist ná sin. Sa Fhrainc, cuirim i gcás, bíonn ar chorparáid ilnáisiúnta dul i ngleic le maorlathas, le costais mhóra shóisialta, agus le bac ar úsáid na hoibre go ginearálta. Tá aigne dhígeanta ag oibrithe na Fraince agus is minic i gcoimhlint lena gcuid fostóirí iad. Níl sé sin amhlaidh sa tír seo.

Níl gach aisínteacht stáit mífheidhmiúil faoi mar a bhí FÁS. Tugann Enterprise Ireland an-chúnamh do chomhlachtaí beaga atá ag teacht chun cinn, iad siúd atá ag díriú ar mhargaí thar lear ach go háirithe, agus tá lear mór corparáidí ilnáisiúnta fós á mealladh ag an IDA.

Chuir an CAI agus an AE isteach ar riaradh geilleagair na tíre go tobann, ach i gcás na hÉireann níl siad ag plé le tír a bhfuil teipthe go hiomlán uirthi. Nílimid chomh dona leis an Ghréig ná leis na tíortha i Meiriceá Theas ar chlis go hiomlán orthu sna nóchaidí.

Níl an chaimiléireacht go forleathan ó bhun go barr na tíre. Is éard a tharla in Éirinn ná gur chlis ar chóras rialaithe na tíre. Léiríodh dúinn sna seachtainí beaga a chuaigh thart a mífheidhmiúla is atá lucht polaitíochta na tíre. Is léir nach bhfuil sé de chumas ag an chóras pholaitiúil daoine a bhfuil bua na ceannaireachta agus eagna chinn acu a mhealladh chuig príomhoifigí an stáit.

Ar Fán

Bhí a fhios againn go maith le fada go raibh Brian Cowen tubaisteach mar Thaoiseach, ach chuir sé iontas ar fad orainn i rith na seachtaine inar fógraíodh an pacáiste tarrthála. Nuair a bhí oifigigh an CAI ag mionscrúdú an scéil sa Roinn Airgeadais, bhí Brian Cowen ag fánaíocht fá Árainn Mhór ag cuartú vótaí. I súile na tíre agus an domhain ar fad, bhí an chuma air go raibh sé trína chéile ar fad, go raibh sé báite, agus nach raibh breith aige ar na heachtraí tromchúiseacha a bhí ar siúl ina thimpeall. Ach ó thús an scéil shuaraigh seo, theip ar Cowen dul i gceannas ar chúrsaí. Theip air, nó dhiúltaigh sé, dul i gcumarsáid leis an tír go hionraic glan. Níor léirigh sé gur thuig sé an t-anró agus an eagla atá ar an tír. In uair na cinniúna ní dhearna sé ach chaint dhéchiallach, sheachantach.

Ar an drochuair níl Cowen ina aonar mar pholaiteoir míchumasach. Tá an turnamh airgeadais ar an ghéarchéim is mó dár bhuail an tír ó phléasc an Tuaisceart i ndeireadh na seascaidí, agus thug sé rud mór uafásach amháin le fios: tá córas polaitiúil na tíre, an cultúr a bhaineann leis, a chuid foras, agus na daoine atá ina bharr, tá an t-iomlán, is léir, mí-oiriúnach don aonú haois is fiche. Anois, in uair na cinniúna, nuair atá ceannairí d’ardchaighdeán de dhíth, daoine atá cumasach, ionraic, éirimiúil, agus misniúil, níl againn ach an mheasarthacht. Níl muinín againn i Brian Cowen, agus ní raibh muinín againn i Máire Ní Chochlain. Níl muinín againn in Enda Kenny ach an oiread. Déanta na fírinne, níl ach dornán beag de Theachtaí Dála na tíre a d’fhéadfaí a rá fúthu go bhfuil siad den déanamh ceart.

Fios Ár dTriall

Tá fadhb eile againn. Braithimid orainn féin mar náisiúin polaitiúil, ach aisteach go leor, níl bua na polaitíochta ionainn. Déantar an dioscúrsa náisiúnta i dteanga atá an-teoranta. Níl eolas ceart i measc an phobail, cad is brí le poblacht. Ní thuigimid cad is freagracht saoránaigh ann. Níl fís chruinn againn ar cad atá uainn mar thír is mar shochaí. Táimid dall ar fad ar an dochar a dhéanann an dearcadh cúng áitiúil do shaol polaitíochta na tíre.

Ní scéal nua é seo. Shonraigh an staraí, Joe Lee, na lochtanna seo fiche bliain ó shin, ach bhí an córas polaitíochta dall agus bodhar ar a chuid argóintí. Seo muid arís i gcroílár na géarchéime agus b’fhearrde dúinn a mbunchúiseanna a aithint agus réiteach a fháil orthu. Tá athbhunú na poblachta de dhíth. Ba chóir dúinn scrúdú géar a dhéanamh ar gach gné de chóras riartha an stáit, ón chóras toghchánaíochta go dtí an t-oireachtas agus a bhaineann leis. Is léir go bhfuil athnuachan ar innealra an stáit ag teastáil go géar.

Tiocfaimid tríd an duibheagán seo agus cuirfimid an tír ar a seanléim arís, ach má theipeann orainn athleasú a dhéanamh ar an phoblacht, fágfar síolta an scriosta faoi thalamh agus gan aon amhras fásfaidh siad aníos faoi chosa na glúine eile inár ndiaidh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.