AR NA SAOLTA SEO
Eagla na n-aontachtaithe roimh leasuithe ar an PSNI
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Measann Robert McMillen go bhfuil líomhaintí á ndéanamh i gcoinne Shinn Féin le tamall anuas chun cur ina luí ar dhaoine nár cheart leasuithe móra a dhéanamh ar an tseirbhís phóilíneachta sna Chontae.

Íomhá
An leas Phríomh-Chonstábla Alan McQuillan
Íomhá
Státrúnaí an Tuaiscirt, Paul Murphy

Oíche amháin an mhí seo caite scaoil an PSNI (Police Service of Northern Ireland) urchair le Paul Donnelly, ball denFhíor-IRAa bhí ag iarraidh buama loiscneach a fhágáil taobh amuigh d’oifig na cánach gluaisteán i mBéal Feirste. Buaileadh sa bhrollach é agus gortaíodh go dona é. raibh an fear armtha, rud a thugann armlón polaitiúil dóibh sin a deir nach bhfuil athrú ar bith tagtha ar mheon na bpóilíní ó rinneadh an PSNI den RUC.

Is é mian an phobail náisiúnaigh go mbeadh Sinn Féin páirteach sa Bhord Póilíneachta. Dálta Tony Blair, siad féin ag iarraidh go gcuirfí gníomhartha i gcrích. thig leo a theacht gasta go leor. Ach measann cuid mhór acu gurb í ceist na póilíneachta an bac is ar bhealach na síochána. cuid de ghníomhartha an PSNI mar a bheadh eachtraí ann a scríobhfadh úrscéalaí gan tallann laghad i leabhar bleachtaireachta gan mhaith. Fiú an duine a bhfuil an is aige leis an phoblachtánachas, thig leis gan iontas a bheith air iompar Sheirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann. Chomh luath is a fhoilsítear tuarascáil a lochtann an PSNI, nochtarfianaise mhírún an IRA, bíodh fíor bréagach.

Agus todhchaí an PSNI á plé faoi láthair, iarrachtaí a cheannasaíochta an milleán uilig a chur ar na poblachtánaigh ag dul thar fóir. Mar shampla, dúirt an leas Phríomh-Chonstábla Alan McQuillan go raibh daichead bleachtaire ag obair de is d’oíche ag fiosrúspíodóireachtan IRAi gcroí an Rialtais”. siad ag iniúchadh 79 ríomhaire, 1,000 diosca ríomhaire agus 19,000 leathanach i gcáipéisí éagsúla. 2,000 duine ceistithe acu.

Ba dheas an rud é mbeadh an dua céanna á chur acu orthu féin ag fiosrú dhúmhmharú Caitliceach óg le tamall anuas. Maraíodh Gearard Lawlor agus é ag dul chun an bhaile ó theach tábhairne i Iúil na bliana seo. Go dtí seo, fear amháin ceistithe ag bleachtairí. Maidir le dúnmharú Gavin Brett, Ciaran Cummings agus Danny McColgan, ceistíodh 19 nduine ar fad. nach ionadh go ndeir an sagart paróiste, an tAthair Whyte, nach bhfuil muinín ag an ghnáthphobal as an tseirbhís phóilíneachta.

Dallamullóg

Is léir go bhfuil an PSNI á úsáid ar chúiseanna polaitiúla. Plus ca change. An t-ollruathar ar oifigí Shinn Féin i Stormont, nach dtángthas ar a dhath bharr; tógáil agus ceistiú státseirbhísigh mar dhallamullóg ("smokescreenan focal a d’úsáid foinse shinsearach de chuid an PSNI féin!) le spiaire, mole, taobh istigh den IRA féin a chosaint; líomhaintí nascanna idir an IRA agus grúpaí sceimhlitheoireachta thar lear - daoine taobh amuigh den chlann phoblachtánach ag ceistiú bhunús na n-imeachtaí agus na líomhaintí seo. (I Meiriceá, oifig eolais Ambasáid na Breataine ag spréadh scéalta uafás an IRA. D’fhoilsigh an *New York Post *eagarfhocal a mhaígh gurb é Gerry AdamsOsama’s Soul Brotheragus d’fhoilsigh scéalta bhuamaí IRA ar an Bhruach Thiar, mar dhea.)

Is léir go bhfuil na scéalta seo ag teacht amach le heagla a chur ar dhaoine go mbeidh diabhail an IRA i mbun cúrsaí póilíneachta ó thuaidh leantar ar aghaidh leis na leasuithe atá beartaithe ag Rialtas na Breataine. moltaí déanta acu gur féidir le hiarbhaill de chuid an IRA a bheith páirteach sna Páirtnéireachtaí Logánta Póilíneachta; go dtiocfadh le baill den Gharda Síochána bheith ag obair ó thuaidh; go dtiocfadh leis an Bhord Póilíneachta tuarascáileacha agus fiosrúcháin a thiomsú; agus go mbeadh ba mhó cumhachtaí ag an Ombudsman cleachtais agus polasaithe na bpéas a scrúdú.

Ach an spin atá ag teacht ó na péas ag oibriú. Dúirt Státrúnaí an Tuaiscirt, Paul Murphy, nach raibh cinnte gur seo an t-am ceart leis na leasuithe seo a thabhairt isteach, de bharr nach bhfuil gníomh ar bith curtha i gcrích ag an IRA. cainteanna atoisithe idir tromlach na bpáirtithe polaitíochta ó thuaidh le theacht ar réiteach na ceiste. Beidh náisiúnaithe ag iarraidh an líon is athruithe, beidh aontachtaithe ag iarraidh gan athrú ar bith i gcúrsaí póilíneachta.

Ach measann Martin McGuinness gur féidir na fadhbanna a shárú. “Tháinig Príomhaire na Breataine go Béal Feirste ar na mallaibh agus d’iarr go gcuirfí gníomhartha i gcrích,” ar . “An rud atá de dhíth orainn anois cur i bhfeidhm Thuarascáil Patten.”

Creidim féin bhíonn Sinn Féin sásta go bhfuil go leor de Patten sa reachtaíocht, go rachaidh siad ar an Bhord Póilíneachta. Agus, dhéanann siad sin, beidh *raison d’etre *an IRA ar shlí na fírinne. Sin chomh tábhachtach is atá .

Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.