AR NA SAOLTA SEO
Éadaí ar Athláimh: Cá dTéann Siad agus Cé a Bhaineann Leas Astu?
Lisa Nic an Bhreithimh Lisa Nic an Bhreithimh Lisa Nic an Bhreithimh

Tháinig Lisa Nic an Bhreithimh ar an tuiscint le deireanas go ndéantar saibhreas agus dochar d’aon bhéim amháin i ngnó carthanachta na n-éadaí ar athláimh.

Íomhá
Siopa Enable Ireland i gcathair na Gaillimhe
Íomhá
Feathal an ICSA
Íomhá
Feathal Enable Ireland

Seachas seanéadaí a chaitheamh sa bhosca bruscair, bheadh go leor againn den bharúil gur cheart iad a thabhairt do charthanas nó d’eagraíocht a chuirfidh ar aghaidh iad chuig daoine a bhainfidh leas astu. Cuirimid ár gcuid éadaí i mboscaí bailiúcháin agus sna málaí a chuirtear tríd an doras againn agus bímid ag súil go ndéanfaidh an bronntanas maitheas do dhuine éigin a dteastaíonn cabhair uaidh. Faraor, níl an scéal chomh diúid leis sin in aon chor agus mura mbímid cúramach lenár gcuid deonaíochta, d’fhéadfaimis a bheith ag cabhrú le hoibríocht dhomhanda a dhéanann níos mó dochar ná leas. D’fhéadfaimis a bheith ag cur le cuntas bainc milliúnaí fíorcharthanais ag dul i léig=while charities proper decline">fad is atá ="gloss" title="real charities">fíorcharthanais ag dul i léig.

Rinneadh iniúchadh ar fud an domhain ar bhailiúcháin bhréige éadaí agus ar an donacht a bhain leis na heagraíochtaí a bhí i gceannas orthu. Cúpla bliain ó shin i Sasana rinne clár raidió de chuid BBC4 ‘Face the Facts’ iniúchadh ar an méid a bhí ar siúl ag an College for International Co-Operation and Development agus na comhlachtaí a bhí ag obair ina theannta. Coláiste é seo inar féidir le daoine freastal air len iad a ullmhú le dul ag obair mar shaorálaithe sa tríú domhan ach ba léir trí iniúchadh an BBC go raibh míchleachtais go leor ar siúl ann, faraor.

Coláiste mar a Thuairisc?

Cuireadh na mic léinn ag obair ar feadh laethanta fada ag iarraidh airgid ar dhaoine agus ba chosúil go raibh siad mar chuid de phróiseas mór bailiúchán airgid, ní hionann is ionad oideachais. Ba léir go raibh naisc idir an coláiste agus an líonra Tvind (nó The Teacher’s Group atá mar chuid de) atá lonnaithe sa Danmhairg. Chualathas go leor drochscéalta i leith Tvind leis na blianta anuas agus ionchúisíodh go leor dá chuid ceannairí ar choireanna airgeadais. Gortaíodh roinnt mac léinn a rinne stáidéar i gcoláistí Tvind eile san Eoraip de bharr easpa cúraim le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta.

Tá Tvind i gceannas ar roinnt eagraíochtaí cabhrach daonnúla agus oibríonn siadsan in éineacht le heagraíochtaí bailiúchán éadaí, Planet Aid mar shampla. Tá bainc éadaí ag Planet Aid ar fud an domhain agus cloistear go leor drochscéalta ina leith siadsan fosta. Thug an American Institute of Philanthropy (eagraíocht a sholátraíonn eolas faoi fheidhmiúlacht agus faoi fhreagracht carthanais) grád F do Planet Aid, ag rá nach gcaitheann sé ach 34% de na cistí a bhailíonn siad ar charthanacht.

Míchleachtais

Is léir go bhfuil comhlachtaí móra calaoise laistiar de na heagraíochtaí ‘daonnúla’ seo. Nuair a bhreathnaítear ar an méid a thuilleann na comhlachtaí seo ó éadaí ar áthláimh, níl sé soiléir cé mhéad airgid a chaitear ar dhaoine bochta. Seachas na héadaí a thabhairt dóibhsean go díreach, is gnách go ndíoltar iad le díoltóirí sráide agus deirtear go n-úsáidtear an t-airgead sin do scéimeanna sláinte is mar sin de. Ní fios cé mhéad a chuirtear sna scéimeanna áfach, agus cé mhéad a choimeádann an comhlacht agus na milliúnaithe ag an mbarr. Tháinig an FBI sna Stáit Aontaithe ar roinnt árasán in Miami ó 2002 i leith, ar fiú breis ar mhilliún dollair iad, ceannaithe ag comhlachtaí easchósta de chuid Tvind. Ní raibh aon eolas ag na mic léinn a ceistíodh ar chlár an BBC faoin méid airgid a chaitear ar scéimeanna ná ar na daoine sna tíortha bochta.

Chomh maith leis an méid míchleachtais atá soiléir ó na himscrúduithe a rinneadh, agus an méid mí-úsáide a imríodh ar ‘mhic léinn’ na gcoláistí úd, tá drochthaobh eile leis an scéal seo. Leis an méid de bhailiúcháin mhí-ionraice éadaí, tá na fíorcharthanais, cinn Éireannacha ina measc, ag éirí níos gainne agus níos lú ábhar á bhronnadh orthu. D’fhoilsigh Enable Ireland staidreamh i mí na Nollag a léirigh go raibh 30% níos lú beartáin éadaí srl. faighte acu dá gcuid siopaí i rith 2011. Le níos lú maoiniú á fháil ag an gcarthanas ó fhoinsí eile, braitheann siad níos mó ná riamh ar na bronntanais seo agus teastaíonn siad uathu leanúint ar aghaidh lena gcuid seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas in Éirinn.

Caithfimid mar phobal a bheith cúramach inniu, agus muid ag deonú éadaí. In Éirinn, ba cheart a bheith cúramach go bhfuil an carthanas cláraithe leis an Irish Charity Shops Association(ICSA) is go bhfuil siombal an chumainn ar an mála bailiúcháin. Ar fud an domhain, ba cheart a chinntiú gur carthanas cláraithe é an ceann a dtugann tú do chuid éadaí ar áthláimh dó. Is féidir i gcónaí dul i dteagmháil le carthanais le cinntiú go mbailíonn siad do dheontais, nó dár ndóigh, iad a thabhairt chucu díreach sna siopaí.

Nuair a thugann tú d’éadaí ar aghaidh do chartharnacht, ag súil go mbainfidh duine éigin tairbhe nó taitneamh as na rudaí nach dteastaíonn uaitse a thuilleadh, is léir gur cheart a bheith cinnte gurb amhlaidh an scéal agus nach bhfuil tú ag cabhrú le hoilbhéim dhomhanda de chalaois, de mhí-úsáid daoine agus de thuilleamh brábúis do lucht gnó saibhir.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

As Baile Átha Cliath ó dhúchas, tá Lisa Nic an Bhreithimh i mbun Máistreachta ar an gcúrsa Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge i gCol. na hOllscoile BÁC. Bhain sí a bunchéim amach i gColáiste na Tríonóide.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.