AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Éacht Bhalor
Balor Balor Balor

D’éirigh le Balor éacht a dhéanamh i gcomórtas a raibh sé páirteach ann le gairid.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

Bhí oscailt na gcluichí ollásach agus seandiaganta sa mhéid is gur cuireadh Balor giota maith siar ar bhóithrín na smaointe go dtí laethanta a óige féin; bhí na cluichí féin corraitheach agus gríosaitheach sa mhéid is gur bhog tóin tamhanda Bhalor cúpla orlach óna chathaoir theolaí anois is arís le teann fuaiscnimh; agus bhí searmanas an chlabhsúir maoithneach agus rachtúil sa mhéid is gur fháisc sé deoir ghoirt an chumha amach as súil an chioclóp.

Tá súil agam, a léitheoirí mo chroí, nach bhfuil sibh ag déanamh gur ag trácht ar na Cluichí Oilimpeacha atá muid an mhí seo, nó ní hiad atá idir chamáin againn. Is iad na cluichí ionadúla - iad sin a raibh maithe agus móruaisle na hÉireann páirteach iontu - a bheas mar chleite comhrá againn an mhí seo. Dála an scéil, os ag caint dúinn ar na Cluichí Oilimpeacha, ní thuigeann mórán daoine cad tuige go raibh Cian Ó Conchubhair ag iarraidh smailc a bhaint as an bhonn óir sin, ach tuigeann Balor. Dar leis go raibh curadh na capallaíochta ag iarraidh leath an bhoinn a thabhairt don laoch eile a raibh sé thar a bheith tuillte aige - a each, Waterford Crystal.

Ach bhí eagarthóir doghrachtach Beo Ar Éigean, Éamonn Ó Doornail, róscrábach le Balor an Scolardach Lúthchleasa a chur ‘fhad le hAithin na Gréige chun tráchtaireacht a dhéanamh ar na cluichí ansin. Síos go dtí lios ar leith i lár caoráin rúnda taobh amuigh de Thulach Mhór a chuir sé laoch na nuachtóireachta le cur síos a dhéanamh ar na Cluichí Cainte a tionóladh ansin ar na mallaibh.

Agus a leithéid de chluichí a bhí iontu! Ar na comórtais ar fad ba é An Ráiteas Fada an ceann ba mhó ráchairt. Bhí cainteoirí móra uilig na tíre istigh air, ach i ndeireadh na dála ba é Joe Mac Dunno ó Fhoraois na Gaeilge a thug an barr leis. Trí lá agus cúig oíche a mhair an ráiteas agus d’éirigh leis leanacht ar aghaidh, gan scoir, gan stad, gan fuaradh, fiú agus é ina shámhchodladh. Curadh mór na cainte contanóidí é gan dabht, gan amhras, gan bhréag, gan éitheach, gan agó, gan ... (OK, a eagarthóir!! OK)

Bhí spéis ar leith ag a raibh i láthair i gcomórtas mór eile, mar atá an tIompú Gasta. B’éigean do na hiomaitheoirí seasamh docht daingean a ghlacadh ar cheist bheo ár linne, agus ansin, nuair nach rabhthas ag súil lena leithéid, a mhalairt ar fad de sheasamh a ghlacadh, ach an dara seasamh a bheith chomh dúr dolúbtha céanna leis an chéad cheann. Is iomaí cleachtóir agus is iomaí saineolaí ar an Iompú Gasta a bhí i measc an scaifte a bhí cruinnithe ar an chaorán rúnda, agus is iomaí iompú gasta maith a rinneadh i rith an chomórtais. Ach d’aonghuth a bhronn na moltóirí an bonn óir agus Gradam an Iompaithe Ghasta ar iomaitheoir uimhir a sé mhíle naoi gcéad nócha is a naoi, an tAire Spóirt, Seán Ó Dunno Who, as a bharúlacha éagsúla dochta daingne faoi cén bhliain go díreach a bhainfeadh Éireannach bonn óir eile sna Cluichí Oilimpeacha. Tréaslaíonn muid a bhonn, a bhua agus a chuid barúlacha leis.

Cluiche eile a raibh ráchairt mhillteanach air ab ea an ceann ab úire ar fad. Meascán de chineál é idir eitpheil agus an seanchluiche idirnáisiúnta sin “Passing the Buck": Eitbhoc a thugtar air agus imrítear é idir foirne de thrí chéad duine. Ní raibh dabht ar bith faoin fhoireann ab fhearr ar éirigh leo an boc a choinneáil ag gabháil ó bhall go ball na foirne. Rogha na coitiantachta a bhí iontu fosta agus airgead leath na tíre orthu mar mhuintir Allied Irish Banks. Mirabile dictu, ach bainc a tháinig sa dara agus sa tríú háit fosta!

Bhí comórtais ann sa Chaitheamh Anuas agus sa Chaitheamh Aníos. Bhí an Caoineadh is Caointí ann agus an Éagaoin is Éagaointí. Bhí Comórtas an Éin Bhréin ann don duine is fearr a mholfadh é féin nó í féin. Bhí sciath speisialta le bronnadh ar an duine is fearr Buaileam Sciath. Ach bronnadh Gradam Mór na gCluichí Cainte ar Bhalor na Súile Nimhe é féin as an amhrán a chum sé in onóir a ghaiscígh phearsanta féin, Charlie Hee Haw, Taoiseach Éireann uair dá raibh. In ainneoin a neamhthola agus a chúthaileachta a fhoilsíonn muid anseo é - dán molta Charlie na gCriosanna Teanna. Go maire sibh.

Bhí mé óg is bhí mé amaideach agus lán de spórt is spraoi Ag féiltí gach aon lá agus ag rince gach aon oích’. Ní raibh stad liom riamh den ragairne, den chaiteachas gan bhrí Go dtí gur chuala mise Charlie is é ag caint ar RTÉ:

Curfá:

Teannaigí bhur gcriosanna agus teannaigí iad go docht. Bígí caol os comhair an tsaoil - rud uasal é bheith bocht. Brisigí bhur dtóineachaí agus saothraigí go dian Mar níl rud ar bith níos measa amuigh ná caiteachas gan srian.

Bhuel d’éist mé leis na focail sin ‘gus d’athraigh siad mo shaol Mar a bheinn ag faoistin misin agus m’anam bocht i mbaol. Chruinnigh mé gach pingin rua a dtiocfadh liomsa a fháil Agus chuir mé isteach i gcuntas é de chuid Cheannaire Fhianna Fáil.

Thit mé i ngrá le girseach álainn - ba í ábhar gach aon dáin: Ba í Ainnir Dheas na gCiabhfholt Donn is Péarla an Bhrollaigh Bháin, Ach nuair a luaigh mé fáinne is bainis, arú chaill sí ciall is brí. Ar sí “Cad é, a stór, fán óráid mhór a thug Charlie ar Nuacht a Naoi?”

Níor phós mé riamh is níl cathú orm, ní miste dom a rá. Phós mo chairde uilig, gach duine acu is tá siad uilig fá chrá, Tá sé doiligh crios a theannú ar aon bhaitsiléir bocht amháin Ach is crios mór ceart a rachadh thart agus deichniúr insa chlann.

Tá tú anois faraor i do sheanduine agus chaith tú saol gan dó’, Ar shiúl sa long, tú féin ‘s an drong ‘bhí cairdiúil leat fadó Go Páras fá choinne léintí is go Nice ag crú na gréin’ Is léir, a mhac, nach tú a ghlac do chomhairle cháiliúil féin:

Níl bean agam is níl clann agam ach tá teach beag agam domh féin. Ní íocaim cáin ar bhó ná ar chráin is tá greim le cur i mo bhéal. Ní raibh airgead agam do Telecom - a bhuíochas sin do Dhia Is do na focail is fearr a dúirt aon fhear ar RTÉ ariamh:

Ach mo bheannacht ort, a Charlie, is tú a choinnigh mé saor ón ghad. Is tú a shábháil mé ó dhul ar strae mar a rinn’ mo chairde ar fad. Tá tú thíos ansin ar d’oileáinín ar nós Mac Dara an naomh Ag siúl sa bhfaoch is fós ar glaoch ar aitinn is ar chraobh:

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.