AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Dúnghaoisí Inimirce Gan Trua Gan Taise
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Is cosúil go bhfuil páirtithe móra na hAstráile ag moladh an chruas croí i leith lucht dídine na mbád neamhúdaraithe chucu as an Áis. Tá Bearnaí Ó Doiblin ag faire an scéil.

Íomhá
An Príomh-Aire Julia Gillard
A. P. Wilson ar Vicipéid
Íomhá
Fáilte is Fiche
Cartlann na hAstráile
Íomhá
Tacaíocht
Alex Bainbridge ar Picasaweb
Íomhá
Nárú faoi ionsaí 1943
Crowl agus Love ar Vicipéid
Íomhá
Nárú na linne seo
Vicipéid

Glacann an Astráil idir 12-14,000 dídeanaí gach bliain i gcomhréir le Prótacal na Náisiún Aontaithe, agus tagann sa bhreis ar 150,000 duine chun na tíre ar inimirce in aghaidh na bliana. Bíodh is go bhfuil an Astráil fothaithe ar inimirce, tá dúnghaois inimirce ina chnámh spairne idir na páirtithe polaitíochta móra arís, mar atá sí le fada an lá (BEO, eagrán 89, M. Fómhair 2008 agus eagrán 97, Bealtaine 2009).

beartas coinneála éigeantach i bhfeidhm (ar bonn tacaíochta dépháirtí) le beagnach fiche bliain anuas i dtaca le daoine atá sa tír gan chead, ach tá deighilt ghéar idir na páirtithe maidir leis an dóigh a gcaitear leis na daoine seo tar éis a ngabhála. Ní bhaineann an deighilt seo ach amháin leo siúd a thagann i dtír i mbáid neamhúdaraithe, le bheith beacht, cé go dtagann formhór mór de na daoine atá sa tír gan chead ar eitleáin. Tagann na daoine deireanacha seo chun na hAstráile ar víosaí éagsúla agus fanann siad abhus nuair a bhíonn téarma an víosa imithe in éag. Oibríonn siad sa gheilleagar folaigh, ar bhonn airgead tirim den chuid is mó, agus ní tharraingíonn siad aon aird orthu féin dá bharr.

Sal eile ar fad a bhíonn i gceist leis an lucht iarrtha tearmainn a thagann ar na báid neamhúdaraithe, a tharraingíonn aird na meán, na dtráchtairí reatha ar na cláir idirchainte go sonrach. Is ceirneoirí iad na tráchtairí seo go bunúsach, agus tugtar shock jocks orthu de bharr go mbíonn sé de nós acu oilbhéimeanna a scagadh, nó go fiú a chothú go minic. Soláthraíonn siad deiseanna do Thadhg an mhargaidh a thuairimí aineolacha a léiriú go poiblí agus cuirtear líomhaintí gan bhunús i leith lucht iarrtha tearmainn na mbád go rialta ar a gcláir. Bíonn tionchar as cuimse ag na cláir seo ar pholaiteoirí, gan aon agó.

Nárú agus Manus

Bhí na páirtithe coimeádacha i réim sna blianta tosaigh den chéad seo nuair a tháinig borradh suntasach faoi líon na mbád neamhúdaraithe, eagraithe ag gáinneálaithe daoine, a tháinig i dtír plódaithe le teifigh ar chúiseanna tearmainn. Chuir an rialtas i bhfeidhm Réiteach an Aigéin Chiúin le dul i ngleic leis an ngéarchéim. Tugadh an t-ainm sin ar a chur chuige de bharr gur tógadh formhór na dteifeach go dtí dhá oileán san Aigéan Ciúin, Nárú, atá ina thír neamhspleách, ach atá féimheach, agus Manus ar chósta Nua-Ghuine Phapua. D’fhan siad i gcampaí ar na hoileáin fad is a rinneadh meas ar a n-iarratais tearmainn, ar feadh blianta uaireanta.

Cháin Páirtí an Lucht Oibre an cur chuige seo go géar ag an am. Labhair Julia Gillard, atá ina Príomh-Aire anois, thar ceann an pháirtí sa pharlaimint nuair a dúirt sí go neamhbhalbh: Labor will end the so-called Pacific Solution, the processing and detaining of asylum seekers on Pacific islands, because it is costly, unsustainable and wrong as a matter of principle. (liomsa an bhéim) http://australianpoliticstv.org/2011/05/10/what-pm-julia-gillard-used-to-say-about-the-pacific-solution/

Cháin Páirtí an Lucht Oibre an rialtas go sonrach as teifigh a chur chuig Nárú de bharr nach raibh rialtas na tíre sin ina shínitheoir don Choinbhinsiún i dtaobh Stádas Dídeanaithe de chuid na Náisiún Aontaithe. Mhaígh siad nach mbeadh aon chosaint ar chearta daonna na dteifeach ina leithéid de thír.

Ar an mBord Céanna Arís

Bhuaigh Páirtí an Lucht Oibre an t-olltoghchán sa bhliain 2007 agus cuireadh lena bhriathair an bhliain dár gcionn nuair a chuir siad deireadh le Réiteach an Aigéin Chiúin. Cháin an freasúra coimeádach an cinneadh, ag maíomh go raibh an rialtas ag cur fáilte roimh na gáinneálaithe daoine a ngnó contúirteach a chur ar siúl arís. Tháinig tuar faoin tairngreacht seo taobh istigh de thréimhse ghairid. Níor tháinig ach cúig bhád neamhúdaraithe sa bhliain 2007 agus 148 duine orthu, ach tháinig 61 bád agus 2849 duine orthu sa bhliain 2009, agus tháinig 134 bád agus 6879 duine orthu anuraidh.

Thóg an cabhlach na teifigh a gabhadh ar na báid thuas chuig ionad coinneála ar Oileán Nollag, críoch de chuid na hAstráile san Aigéan Indiach, fad is a rinneadh meas ar a n-iarratais tearmainn. Bhí an t-ionad lán go doras sul i bhfad agus tógadh ionaid shealadacha eile ar tír mór. Fostaíodh oifigigh sa bhreis le cuidiú leis an measúnú, ach bhí na hionaid go léir faoi bhrú. D’éirigh cuid de na teifigh bréan den saol sna hionaid agus cuireadh tús le hagóidí iontu. Tharla cúpla círéib inar gortaíodh cuid de na gardaí agus na cónaitheoirí, agus inar cuireadh cuid de na foirgnimh iontu trí thine. Bhí am ar dóigh ag na ceirneoirí – agus ag an bhfreasúra - ag cáineadh bheartas an rialtais. D‘impigh an freasúra ar an rialtas Réiteach an Aigéin Chiúin a chur i bhfeidhm an athuair.

Níl aon amhras ach go raibh an Príomh-Aire scanraithe ag na ceirneoirí, agus ag na pobalbhreitheanna, a léirigh go raibh a tacaíocht i measc an lucht vótála ag titim mar gheall ar cheist na mbád neamhúdaraithe. Léiríonn tobfhreagairt an rialtais thíos don ghéarchéim a imníche is a bhí sí.

An Imirt Chothrom ar Chách

D’fhógair an tAire Inimirce, Chris Bowen, go raibh comhaontú socraithe le rialtas na Malaeisia scéim mhalartaithe i dtaca le teifigh a cur i dtreoir. Beidh cead ag an Astráil suas le 800 duine a thagann sna báid neamhúdaraithe a chur ar aghaidh go dtí an Mhalaeisia le haghaidh “próiseála” faoin scéim seo. Glacfaidh an Astráil cúigear dídeanaithe, atá aitheanta cheana féin ag Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR), ón Mhalaeisia mar chúiteamh ar gach duine a chuirtear chun na Malaeisia faoin scéim.

D’fhógair Bowen freisin nach mbeadh aon eisceacht i measc na dteifeach sna báid, cinneadh a chiallaíonn go gcuirfear gach duine - mná torracha, páistí agus mionaoisigh gan tionlacan san áireamh - ar aghaidh chun na Malaeisia. Beidh na hiarrthóirí tearmainn a ghlacann an Mhalaeisia ag deireadh na scuaine, mar a deirtear sa Bhéarla, i dtaca le meas ar a n-iarratais. Is léir go mbeidh orthu seal fada a chaitheamh ag feitheamh mar go bhfuil tuairim is 90,000 dídeanaí aitheanta ag UNHCR sa tír sin ag lorg tearmainn i dtíortha éagsúla.

Níor luaigh Bowen é ina ráiteas, ach níor shínigh rialtas na Malaeisia an Coinbhinsiún i dtaobh Stádas Dídeanaithe de chuid na Náisiún Aontaithe riamh. Anuas air sin, níor shínigh sé an Coinbhinsiún in Aghaidh Céastóireachta agus in Aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, MídhaonnaTáireach.

síorchoimhlint ar siúl idir na páirtithe móra le cur ina luí ar vótálaithe na hAstráile go bhfuil siadsan níos déine ar na báid neamhúdaraithe ná an dream eile. Tá sé deacair a mheas cén “réiteach” atá níos míthrócairí ar dhaoine leochaileacha atá ag éalú ó chruatan ina dtíortha féin. Feictear dom, áfach, go bhfuil dúnghaoisí na bpáirtithe móra araon gan charthanacht, trua ná taise.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.