AR NA SAOLTA SEO
Dúil sa chumhacht
Éamonn Ó Lionnáin Éamonn Ó Lionnáin

Féachann Éamonn Ó Lionnáin chun tosaigh go dtí an t-olltoghchán a bheas ann i gceann cúpla mí agus ar na féidearthachtaí atá ann ó thaobh comhrialtais de.

Íomhá
Íomhá
Ruairí Quinn, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre
Íomhá
Michael Noonan, ceannaire Fhine Gael: faoi bhrú
Íomhá

I ndiaidh breis agus ceithre bliana go leith i gcumhacht, tá comhrialtas Fhianna Fáil/An Páirtí Daonlathach ag ullmhú d’olltoghchán ag deireadh mhí Aibreáin nó tús mhí na Bealtaine. Ach in áit a bheith ag déanamh plé ar pholasaithe na bpáirtithe, tá an chuid is mó den díospóireacht faoi láthair ag díriú ar an saghas comhcheangail a bheas ann: cé a rachaidh le cé agus cén luach a bhainfear amach.

aird faoi leith á tabhairt ar Pháirtí an Lucht Oibre agus ar a gceannaire, Ruairí Quinn. Má bhíonn rogha acu, gan amhras ar bith rachaidh siad isteach le Fine Gael agus an Comhaontas Glas. Tiocfaidh fadhb chun cinn, áfach, mura mbíonn tromlach suíochán ag an chomhcheangal seo, nó ag Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach ach an oiread. Deirtear go bhfuil gaol maith pearsanta idir Quinn agus Ahern ach tá roinnt mhaith den Lucht Oibre den bharúil gurbh é an comhrialtas le Fianna Fáil idir 1992 agus 1994 ba chúis leis na drochthorthaí san olltoghchán i 1997, nuair a chaill siad leath a gcuid suíochán sa Dáil. Le cois na tuairime sin, tá an ceathrar Teachtaí Dála a tháinig ón Daonlathas Clé ag cur in aghaidh ceangail ar bith le Fianna Fail, fiú amháin más olltoghchán eile an t-aon rogha a bheas fágtha.

Cé gur ghlac Comhdháil an Lucht Oibre le rún a mhol Quinn nach gcuirfeadh siad rogha ar bith as an áireamh, tá an brú ag méadú ar cheannaireacht an pháirtí cur in iúl go soiléir cé acu an rachadh siad i gcomhrialtas le Fianna Fáil i gcomhthéacs ar bith. Tá a fhios ag Quinn gur chaill Lucht Oibre suíocháin i ngach toghchán ina raibh socrú vótaí déanta acu le páirtí níos mó ná iad féin agus má chuireann sé rialtas le Fianna Fáil ar choinníoll ar bith as an áireamh, tá sé de facto ag déanamh socrú le Fine Gael. Ní féidir an dá thrá a fhreastal agus coinneoidh na páipéir nuachta an brú ar Quinn níos mó a rá faoin ábhar.

Páirtí gan rogha ar bith

Ó pháirtí le barraíocht roghanna go dtí páirtí gan rogha ar bith: Sinn Féin. Tá sé ráite ag Fianna Fáil, Fine Gael, an Lucht Oibre agus an Páirtí Daonlathach nach nglacfadh siad leo i gcomhrialtas de thairbhe go bhfuil baint acu leis an IRA. Tá Sinn Féin, agus fiú amháin na haontachtóirí sa Tuaisceart, ag cáineadh na bpáirtithe, go háirithe Fianna Fáil, siocair nach miste leo Sinn Féin a bheith mar pháirt den rialtas sa Tuaisceart ach ansin go bhfuil siad ag rá go gcaithfear deireadh ar fad a chur leis an IRA sula dtig leis an pháirtí a bheith sa rialtas sa Deisceart.

I ndairíre, ní dhéanfaidh an argóint seo difear ar bith de bharr nach bhfuil fonn ar Shinn Féin dul isteach sa rialtas go fóill mar go bhfuil sé níos fusa acu seasamh taobh amuigh agus a bheith ag gearán faoi gach polasaí. Le cumhacht, tig freagracht agus go dtí go bhfásfaidh siad tuilleadh sa Deisceart ní rachaidh siad isteach sa rialtas, is cuma cén chuma a bheas ar na huimhreacha sa Dáil.

conspóid ar siúl taobh istigh de Fhine Gael ó luaigh Lucht Oibre an “rotating Taoiseach” arís i gcomhthéacs comhrialtais. Tháinig an smaoineamh seo chun cinn go deireanach i 1992 agus dóbair gur ghlac John Bruton leis, ach i ndeireadh na dála chuaigh an Lucht Oibre isteach le Fianna Fáil cibé. Cé go mbeadh sé an-deacair dóibh glacadh le Taoiseach as Páirtí an Lucht Oibre, tá an páirtí i gcruachás mar go bhfuil sé fiche bliain ó chuaigh siad isteach sa rialtas i ndiaidh toghcháin. Tá a fhios ag Michael Noonan go dtiocfaidh deireadh lena thréimhse mar cheannaire muna n-éiríonn leo an sprioc sin a bhaint amach agus beidh sé toilteanach chóir a bheith rud a bith a ghéilleadh ar mhaithe le bheith mar chuid de chomhrialtas. Beidh go leor sa pháirtí a chuirfidh ina aghaidh seo; má bhíonn an rogha ag Lucht Oibre dul i gcomhrialtas le Fianna Fáil, chomh maith le dul isteach le páirtí Noonan, áfach, tá gach seans go ngéillfidh Fine Gael agus go mbeidh an chéad Taoiseach as Lucht Oibre againn, le déanamh cinnte nach mbeidh Fine Gael fágtha gan chumhacht arís.

Tá Fianna Fáil ag fanacht ina dtost faoi láthair maidir le cúrsaí comhrialtais. Bheadh Bertie Ahern ar mhuin na muice dá bhfaigheadh siad isteach arís leis an Pháirtí Daonlathach agus b’fhéidir le cuidiú na dTeachtaí Dála neamhspléacha. Ach níl Sráid an Mhóta ag dréim go mbeidh na huimhreacha acu agus tá siad ag díriú a n-airde ar Quinn agus Lucht Oibre. Beidh go leor troda eatarthu idir anois agus an lá mór ach má tá rud amháin i gcoiteann ag Fianna Fáil agus Lucht Oibre, sin grá don chumhacht, agus déanfar rud ar bith le hí a bhaint amach!

I ndeireadh na dála, taobh amuigh d’Fhianna Fáil/Fine Gael agus comhrialtas ar bith le Sinn Féin, thiocfadh le comhcheangal ar bith a bheith i gcumhacht tar éis an toghcháin. Níl mórán difir idir polasaithe na bpáirtithe, agus an chumhacht an rud is tábhachtaí dóibh uilig.

Is as Gaoth Dobhair é Éamonn Ó Lionnáin agus tá sé ag déanamh staidéir ar an Innealtóireacht Shibhialta sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath faoi láthair. Is iarchathaoirleach é ar Chumann Kevin Barry d’Fhianna Fáil sa choláiste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.