CÚINNE NA nEALAÍON
Duais Turner
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Beidh baint níos dlúithe ag Cathair Dhoire le saol na healaíne feasta, chan as a bhfuil curtha i gcrích cheana féin amháin é, ach as ucht a bhfuil ar na bacáin, faoi cheann dhá bhliana go háirithe, nuair a lonnófar Duais Turner sa chathair sin.

Íomhá
Rosa Luxemburg a dúnmharaíodh
le Marxists.org ar Vicipéid
Íomhá
Marcel Duchamp 1963
le Leo Hovestadt ar Picasaweb
Íomhá
Saothar le Marcel Duchamp
ag Bob Swain ar Picasaweb

Tá ceann de na duaiseanna is iomráití i saol na healaíne, An Turner Prize, bainte ag an Albanach Susan Philipsz i mbliana as ucht saothar ceolmhar caointeach, Lowlands Away, a chur san iomaíocht.

Baineann Lowlands Away le hamhrán caointeach Albanach, a insíonn scéal faoi mhairnéalach a thagann ar ais chuig a ghrá geal mar spiorad chun insint dí gur bádh amuigh ar an fharraige é. Ceolann Philipsz an t-amhrán dobrónach í féin agus gur i nDánlann Tate atá sé le cluinstin faoi láthair, bhí sé le cloisteáil roimhe seo mar ghlór taibhsiúil faoi thrí dhroichead i nGlaschú.

Thosaigh Philipsz a saol mar ealaíontóir dírithe ar an dealbhadóireacht ach ba í an tréimhse ama a chaith sí i mBéal Feirste mar iarchéimí an taithí ba mhó a chuaigh i bhfeidhm uirthi agus a chas i dtreo ceoil agus fuaime í. Chomh maith leis sin, d’fhéach sí lena glór féin a úsáid mar ábhar ina saothar. “Bhí dúil i gcónaí agam sa cheol agus thosaigh mé ag machnamh ar an tionchar fisiciúil a bhíonn ag glór duine ar an spás thart timpeall air,” a dúirt Philipsz agus í ag caint faoina saothar. “Ba é an t-am sin i mBéal Feirste a mhúnlaigh mé mar ealaíontóir”. Ní amhránaí oilte í Philipsz, rud a chuireann tocht ina glór agus a dhéanann a cur i láthair leochailleach, macánta agus simplí.

Rosa Luxemburg

Rinneadh an píosa, a bhain an duais, den chéad uair do dhánlann i mBerlin a bhí in aice leis an chanáil inar dúnmharaíodh an réabhlóideach Rosa Luxemburg i 1919 mar gheall ar a tuairimí polaitíochta. Caitheadh a corp amach sa chanáil, áit ar imigh sí leis an sruth. Nuair a chonaic Philipsz picitiúir de Luxemburg agus í cludaithe le giolcacha, smaoinigh sí ar an amhrán seo. Tá trí leagan éagsula den amhrán agus tá taifead déanta ag Philipsz orthu uilig mar chuid den saothar agus iad le cluinstin le chéile ach ag gluaiseachtaí éagsúla den chur i láthair. Bíonn na hamhráin le cluinstin i mblúiríní taibhsiúla, a imíonn uait seal agus ansin a thagann ar ais chugat, rud beag cosúil le tuile agus trá na taoille. Is é seo an chéad uair riamh a bhain saothar fuaime an duais chlúiteach agus tá sé ag dul i bhfeidhm ar go leor daoine, d’admhaigh bean amháin go raibh na deora léi ag éisteacht leis an cheol.

Ach baineann conspóid go leor leis chomh maith. Féach gur dhúirt Na Stuckists, gluaiseacht ealaíne atá in éadan ealaíne coinceapaí, nach raibh an duais tuillte ag Philipsz mar nach fíorealaín a bhí ann ar chor ar bith agus nach raibh ann ach duine ag canadh i seomra folamh. Suimiúil le rá, tá stair ag baint le healaín fuaime agus ba é seanathair na healaíne coinceapaí é féin, Marcel Duchamp, duine de na chéad ealaíontóirí, a d’úsáid fuaim ina chuid ealaíne féin. Chruthaigh sé ‘Fuaim faoi cheilt’ i 1916, a bhí bunaithe ar liathroid sreinge a bhí idir dhá phláta práis a rinne fuaim nuair a chraití é. Chreid sé go dtiocfadh le healaín a bheith bunaithe ar rud ar bith – agus go raibh an draíocht - an raison d’être d’aon ealaín - ceangailte leis an bhunsmaoineamh nó coinceap.

Bhí Lowlands Away le cluinstin go dtí tús mhí Eanáir i nDánlann Tate agus beidh a thuilleadh saothair fuaime le cluinstin ó Philipsz san Aspen Art Museum i gColorado agus taispéantas nua dá cuid ag oscailt i mí Feabhra sa Museum of Contemporary Art i Chicago.

Turner i nDoire

Fuair cathair Dhoire amach ar na mallaibh go mbeidh Comórtas mórchlúiteach Turner lonnaithe ansin i 2013 – onóir agus aitheantas mór a bheidh ann don chathair nuair a chuirtear san áireamh nach raibh an comórtas riamh taobh amuigh den Bhreatain ó thosaigh sé i 1984. Roghnaíodh Doire mar Chathair Chultúrtha na Ríocht Aontaithe don bhliain sin agus beidh Comórtas Turner mar cheann amháin de lear mór imeachtaí cultúrtha/ealaíonta a bheidh ag tarlú ansin i rith na bliana sin.

Is é seo an tríú huair don chomórtas a bheith i gcathair ar bith eile seachas An Tate i Londain - chonacthas i Learpholl agus i St Ives roimhe seo é - agus beidh saothar na n-iomaitheoirí uilig le feiceáil i láithreain éagsúla timpeall na cathrach ar feadh trí mhí sula mbronnfar an príomhdhuais de £25,000 ar an bhuaiteoir. Táthar ag súil go mbeidh idir 70,000 agus 90,000 cuairteoir ag tarraingt ar an chathair le linn an chomórtais seo, rud a dhéanfaidh maith mhór do gheilleagar na háite agus a dhaingneoidh clú na cathrach mar ionad suntasach cultúrtha.

Tá stair ag Duais Turner i gcathair Dhoire cheana féin nó ainmníodh an t-ealaíontóir áitiúil Willie Doherty don duais i 1994 agus 2003 chomh maith le iarchoimeádaí an Orchard Gallery i nDoire, Declan McGonagle, i 1987, atá anois ina stiúrthóir ar an Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Dearaidh i mBaile Átha Cliath. Tráthúil go leor, bhí saothar Susan Phillipsz chomh maith le iarbhuaiteoir an Turner Jeremy Deller le feiceáil sa chathair roimhe seo chomh maith. Dúirt stiúrthóirí an chomórtais, agus iad ag míniú na gcúiseanna a bhí acu leis an chomórtas a thabhairt amach as Londain, go raibh siad dóchasach go meallfadh an taispeántas lucht féachana níos fairsinge agus níos éagsúla ach é a bheith le feiceáil i gcathracha difriúla.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.