AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Drochmhí ag easpag Brooklyn
Tom Deignan Tom Deignan Tom Deignan

Tá an Eaglais Chaitliceach i Nua-Eabhrac ag iarraidh smacht a fháil ar an ghrúpa Voice of the Faithful, in ainneoin gur dream iad nach bhfuil ró-radacach. Tuairisc ó Tom Deignan.

Íomhá
An tArdeaspag Thomas V. Daily
Íomhá
An Cairdinéal Law
Íomhá
An tAthair Paul Shanley os comhair cúirte, Samhradh 2002

Bhí a ról i scannail ghnéis ón am a chuaigh thart sna ceannlínte an mhí seo caite arís. Dá bharr seo, níor cuireadh oiread suntais i scéal eile a raibh baint ag an Ardeaspag Thomas V. Daily i mBrooklyn leis. Ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair chuaigh Daily isteach sa chlub éidearfa sin ina bhfuil na cléirigh is sinsearaí sna Stáit Aontaithe nuair a chuir sé cosc oifigiúil ar an ghrúpa leasaitheach Caitliceach sin, Voice of the Faithful (VOTF) ó thailte na heaglaise. Tharla sé seo agus VOTF - grúpa de Chaitlicigh chráifeacha atá ag brústocaireacht ar son leasuithe atá, dar le go leor, measartha - ar tí cúpla caibidil nua a oscailt i mBrooklyn agus Queens. Deirtear go bhfuil St. Augustine’s agus St. Boniface i mBrooklyn i measc na bparóistí atá ag bunú caibidlí nua, agus go bhfuil suim á léiriú ag roinnt paróistí i Rockaway Beach grúpa a bhunú chomh maith.

Deir VOTF, a bhfuil an mana “Keep the faith, change the church” aige, go bhfuil 25,000 Caitliceach páirteach ann anois. Is mian leo go mbeadh ról níos tábhachtaí ag tuataí i ngnóthaí na heaglaise, ach níl siad ag moladh athruithe conspóideacha ar bith, ar nós cead a thabhairt do shagairt pósadh nó go ndéanfaí mná a oirniú mar shagairt. Mar sin féin, tá easpaig i Newark agus Camden, New Jersey, chomh maith le Rockville Centre, Long Island (gan trácht ach ar chúpla áit) tar éis cosc a chur ar VOTF ó thailte na heaglaise.

Tá daoine áirithe ag rá go bhfuil an grúpa “frith-Chaitliceach”, agus dream eile (Daily ina measc, de réir tuairiscí) ag maíomh go bhféadfadh siad scoilt a chothú sna paróistí ina bhfuil siad. Mar sin féin, tá an tsuim atáthar ag léiriú sa ghrúpa ag méadú i Nua-Eabhrac. Ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair, thug Jim Post, uachtarán agus duine de bhunaitheoirí VOTF, óráid do bhaill an ghrúpa i Nua-Eabhrac sa St. Francis Xavier Church ar West 16th Street i Manhattan. Bhí slua maith i láthair. (Níl an tArdeaspag Edward Egan tar éis cosc a chur ar VOTF ó ard-deoise Nua-Eabhrac, deoise ina bhfuil Manhattan, Staten Island, na Bronx agus paróistí i gcuid uachtarach an stáit, ach nach bhfuil Brooklyn nó Queens ann, atá faoi urlámhas Daily.)

Drocham

Tháinig na fadhbanna seo le VOTF chun cinn ag drocham do Daily. Thug sé le fios i ndiúscairt a cuireadh faoi bhráid an phobail an mhí seo caite go raibh a fhios aige go raibh gearáin déanta faoin sagart mícháiliúil sin, an tAthair Paul Shanley, ach gur thug sé ardú céime dó mar sin féin. Roghnaigh Daily Shanley mar riarthóir agus tréadaí gníomhach i bparóiste Newton i 1984, áit a raibh ainteagmháil ghnéasach aige le buachaillí óga, de réir líomhaintí atá déanta. Rinneadh Shanley a dhíotáil níos luaithe i mbliana maidir le líon mór éignithe agus ionsaithe mígheanasacha a tharla, de réir na líomhaintí, thar tréimhse deich mbliana. Tá sé ag pleadáil neamhchiontach.

Ina dhiúscairt, d’admhaigh Daily gur fhéach sé ar Shanley mar “shagart le trioblóidí” a raibh cabhair de dhíth air. Dúirt sé fiú go raibh a fhios aige gur fhreastail Shanley ar chruinniú de chuid an North American Man-Boy Love Association (NAMBLA) agus gur labhair sé amach ar son an ghrúpa mhíchlúitigh sin. Ach chuir Daily in iúl chomh maith nach raibh tuairisc ar bith faighte aige faoi Shanley a bheith i mbun gníomhaíochtaí mídhleathacha ar bith. Dúirt an t-easpag: “An t-aon rud, an t-aon ábhar faoisimh ná go bhfuil muid ag caint faoi idéanna agus tuairimí á gcur chun cinn de bhéal … chomh fada is a bhí a fhios agam ag an am, ní raibh sé páirteach i ngníomhaíochtaí ar bith. É sin ráite, bheadh cúiseanna móra aiféala agam.”

Dúirt an dlíodóir atá i mbun na cúise i gcoinne Shanley, Michael Dowd, le nuacht WB 11 an mhí seo caite gur cheart do chuid de na ceannairí eaglasta is sinsearaí san Oirthuaisceart - Daily i mBrooklyn, an Cairdinéal Law i mBostún, William Murphy i Long Island, agus fiú an tArdeaspag Egan - glacadh le cuid den mhilleán i gcás na scéalta atá á nochtadh faoin eaglais.

Nuair a chuirtear san áireamh na nithe atá curtha in iúl ag Daily, tá go leor daoine i Nua-Eabhrac ag cur ceiste an bhfuil grúpa mar VOTF, a bhfuil moltaí chomh réasúnta sin acu, ina bhagairt chomh mór sin ag an Eaglais Chaitliceach, i ndáiríre. D’fhéadfaí a rá go bhfuil ceannairí na heaglaise ag úsáid na mbeartaíochtaí céanna múchta agus moilleadóireachta i gcás VOTF is a d’úsáid siad nuair a tháinig na scannail ghnéis chun cinn.

Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an *Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.