AR NA SAOLTA SEO
Drochairgead in Áit Iargúlta
Diarmuid Johnson Diarmuid Johnson

Cheistigh Diarmuid Johnson é féin, cén fáth a raibh triúr Éireannach i dtacsaí a chosain na céadta euro idir Beirlin agus an Baile gan Baiste?

Íomhá
Fuisce na Seamróige
Íomhá
Tigh leanna i Lublin
(le Daniel Kruczynski ar Flickr)
Íomhá
Gdanska
(le Robert Paul Young ar Flickr)
Íomhá
Cracúw
(le A. Currell ar Flickr)

Seachtain na féile Pádraig, iarradh orm ceol a chasadh i dteach ósta sa mBaile gan Baiste na Polainne. Gig gan maidhceannaí a bhí i gceist, triúr a bhí ag teastáil, amhráin go leor agus ceol rince, trí sheal ceathracha nóiméad idir a naoi agus meán oíche. An margadh? Dhá chéad złoty an duine móide costaisí taistil agus greim le n-ithe. Faoi mar a bhí cúrsaí, bhí muid saor an oíche sin, agus ó tharla seachtain na féile ann, b’fhearr gach deis a thapú. Ghlac leis an tairiscint más ea, ar an gcoinníoll go mbeadh leaba agus bricfeasta san áireamh ann chomh maith. Géilleadh dom más go drogallach féin.

Trí huaire a’ chloig ar an traein an turas ó Phoznań go dtí an Baile gan Baiste. Bhain muid ceann scríbe amach gan stró agus isteach linn thar an tairseach, málaí, uirlisí agus eile. Déanann feiceáil fírinne, a deir siad, agus is minic tuairim mhaith ag an gceoltóir faoi áit ar an gcéad amharc. Ni raibh cuma ródhona ar an Celtic Pub sa mBaile gan Baiste. Bhí cúinne deas cúng i dtóin a’ áit a mbeadh macalla breá ann. Thug suntas don ghaothrán breá i lár an tseomra. Bheadh aer úr againn freisin. Taispeánadh na seomraí dúinn i mbarr a’ . Bhí go maith.

Thosaigh muid go pointeáilte agus chas muid an chéad seit go réidh. Sin é an t-am a raibh greim le cur ar phláta dúinn. Ach is de réir mar a bhíonn an bord is ea bíonn an bia. Agus is maith an scéal go raibh ocras orainn. easpa bídh a bhí ann, ach idir an chuma a bhí ar na cácaí beaga réamhreoite a cuireadh os ar gcomhair agus an blas tur gainimh a bhí orthu, agus an ghréisc a bhí súite ag an taos, agus an tuairim nach úr leathúr a bhí an fheoil a bhí sa meascán, ba dheacair gan ach é a shloigeadh siar go tobann chlisfeadh an misneach ar dhuine.

Altú de Chineál Eile

Le linn dúinn a bheith ag ithe, tháinig fear a’ thart. Shílfeá gur ón aonach ar an Tulach Mór, Co. Uíbh Fháilí a bhí ag teacht.

Did ye get the grub, lads? a deir .
Thanks, very good, arsa féin.
Bhreathnaigh le teann drochmheasa ar na plátaí.
I wouldn’t fuckin’ ate it, a deir , agus d’imigh leis.

Bhí uair na cinniúna tagtha. Bíonn grúpa ceoil i gcónaí ag faire ar an gcéad ghig eile, seans ar chuireadh ar ais an mhí dár gcionn. Sin , mura dtaitníonn áit leo, imeacht as chomh luath in Éirinn agus is féidir agus gan filleadh air go brách.

Dhá seit eile! arsa an t-amhránaí.

Ainneoin eachtra na bplátaí, d’fheabhsaigh an oíche ina dhiaidh sin arís agus tháinig cor dhó eile inti. Ar mo bhealach chuig teach an asail a bhí féin nuair a beannaíodh dom go Gaelach, blasta. Firín tanaí cúig bliain is tríocha d’aois a bhí romham, an shúil lasta ina cheann le fonn cainte. D’inis a scéal dom. Duine de thriúr a d’eitil an roimhe sin go Beirlin. Bhí súil acu traein a fháil go An Baile gan Baiste. Nach raibh moill ar an eitleán agus nuair a bhí an traein imithe, shocraigh siad tacsaí a fháil. Turas céad ceathracha mile.

Níor chosain ach 400 Euro orainn, arsa mo dhuine ar nós cuma liom.

Níor chuir mórán suime sa scéal ag an am, mar bhí rud eile ar m’aire. Ach bhí an fhocal sin fanta i mo chuimhne agus ag baint cheoil as an bhfliúit arís ar ball.

An Meascán Canúintí

Bhí an oíche ag téamh faoin am seo. Tharla gur damhsóir den scoth a bhí i nduine den triúr a bhí sa tacsaí. Nuair a chuala an Swallow’s Tail an Crooked Road, acu a bhí muid a chasadh, céard a dhéanfadh , ach ceann de na boird a ghlanadh. Suas leis ansin de léim gur thosaigh ag bualadh na gcos go cumasach. D’éirigh muid féin inár seasamh gan nóta a fhágáil ar lár, agus bhailigh timpeall an bhoird san áit a raibh an damhsóir ag déanamh a chuid gaisce. Bhí an slua ag ligean na ngártha molta.

fada ina dhiaidh sin go raibh muid thuas staighre asainn féin. Is beag a bhí le . Bhí tús léargais faighte againn ar chuid de stair na háite. An a bhí ag casadh an ghiotair, is Polannach a bhí ann, agus b’éigean cúrsaí a mhíniú . Fear a’ agus gan meas mada aige féin ar an áit. Leathbhádóirí leis agus iad sásta 400 Euro a chaitheamh ar tacsaí as Beirlin. Sin bíodh ’s nach raibh cuma an rachmais orthu féin, An meascán canúintí: deisceart Ard Macha, Tír Eoghain b’fhéidir. B’fhearr gan an cheist sin a chur. Agus Béarla láidir na Mumhan.

thuigim, arsa an Polannach.
Cérbh as an damhsóir? arsa mo leath-Éireannach.
Castleisland.
Cén Ghaeilge atá ar money-laundering, arsa .
Diabhal a fhios agam, arsa mise, ‘glantachán drochairgid?
Bhreathnaigh an Polannach orainn.
Chuala caint ar an aidhorae? arsa muide.
Bhior an shúil agus an chluais air.
No bang bang now, just drugs
Kurwa, a deir go mín, mallachtach.

Níl a fhios cén fáth, ach is beag dúil i mbricfeasta bhí ag an triúr ceoltóirí maidin arna mháireach. Agus raibh meán lae ach caite aige nuair a sheas an traein go righin, ragrothach i stáisiún Phoznań. Céad slán leis an Celtic Pub. Is seantéipeanna leis na Wolfe Tones atá á gcasadh ann anocht.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.