CÚINNE NA nEALAÍON
Dráma raidió úrAn Strainséir’ le craoladh ar Raidió na Life
Brian Ó Tiomáin Brian Ó Tiomáin

Craolfar an dráma raidióAn Strainséir’ le Brian Ó Tiomáin ar Raidió na Life 106.4 FM 18.30 hAoine, an 11 Meán Fómhair.

Íomhá
Raidió na Life
Íomhá
Darach Ó Tuairisg
Íomhá
An tÚdar lena iníon Caoimhe

Is dráma uair a chloig nuascríofa é seo a fuair coimisiún faoin scéimFuaim agus Fís de chuid an Choimisiún Chraolacháin.

an scéal inste i monlóga atá fite fuaite ina chéile. Mar a deir an carachtar Tríona, “ dhá leagan ar gach scéal agus dhá leagan déag ar gach amhrán”.

Cliar agus Ceol

Cloisfear amhránaíocht mar chuid den dráma ó Mairéad Déiseach (amhránaí álainn agus stiúrthóir ar roinnt chór) agus ó Threasa Mhiolláin (amhránaí cáiliúil Árann a chasannCaoineadh na dTrí Mhuire’). (http://www.youtube.com/watch?v=Obw1pdVoH7A) Cloisfear chomh maith le sin, roinnt fonn ar na píobaí uillinne ó Dave Fadden, ar nósInis Oírr’, ‘Port na bPúcaí’,‘An Mhaighdean Mhara’ agus fonn a cumadh don dráma: ‘Dún Chonchúir’. (http://www.youtube.com/watch?v=enHzKQqg4QY&feature=related) (http://www.youtube.com/watch?v=HQjrUj40490&feature=related)(http://www.youtube.com/watch?v=_2Wc8KaACQ8&feature=related)

I measc na n-aisteoirí ata páirteach sa drama, Darach Mac Con Iomaire (a bhí i Ros na Rún tráth agus a stiúraigh roinnt drámaí freisin), Darach Ó Tuairisc (Ros na Rún, Fíbín agus go leor eile), Mairéad Déiseach, Treasa Mhiolláin agus Tom Ó Súilleabháin (aisteoir asThe Clinic’ ar RTE agus go leor drámaí eile). Ba é Seán Ó Cearúil a bhí i mbun eagarthóireachta agus a rinne obair an-fheidhmiúil ar chúrsaí fuaime an chláir. (http://www.rosnarun.com/)

An tÚdar

http://ga.wikipedia.org/wiki/InisMe%C3%A1in)(http://www.antoireachtas.ie/staging007/index.php?page=ff&tid=17)

Faoi láthair Brian ag obair ar chlár faoin Athair Joe Mallin, Íosanach agus mac le Michael Mallin, duine de cheannairí 1916 a cuireadh chun báis i ndiaidh an Éirí Amach. an tAthair Mallin fós beo agus ina chónaí i Hong Kong, ach rinne cúpla agallamh don chlár nuair a tháinig abhaile le déanaí. (http://en.wikipedia.org/wiki/Michael_Mallin)

Raidió na Life

Raidió na Life, ‘Cuisle na Cathrach’, le cloisteáil ar an minicíocht 106.4 FM, nod don a bheas ag taisteal abhaile tráthnóna hAoine, ag am ar bith. an staisiún bliana déag ar an saol i mbliana agus é faoi stiúir chumasach Mhuiris Fhiannachta agus a fhoireann. Is féidir éisteacht leis an stáisiún ar an raidió i mBaile Átha Cliath agus sa cheantar máguaird.

Is féidir éisteacht le Raidió na Life beo ar an idirlíon in aon áit mórthimpeall an domhain ag an seoladh www.radionalife.ie . neart eolais eile faoin stáisiún agus faoin sceideal clár le fáil ar an suíomh céanna.

Is scríbhneoir agus stiúrthóir é Brian Ó Tiomáin. Seo an dara dráma aige ar an Raidió i mbliana. Craoladh a dhrámaNíl ag siúl amach le lead ón Northside’ ar RTÉ Raidió1 i rith Sheachtain na Gaeilge ba luaithe i mbliana. príomhdhuais i gcomórtais éagsúla de chuid Chomórtais Liteartha an Oireachtais buaite aige le ceithre bliana anuas as a chéile. spéis ar leith aige in Oileáin Árann agus téann ann ar saoire chuile bhliain lena theaghlach. (

scéal an dráma lonnaithe in Oileáin Árann agus fuaimeanna an oileáin le cloisteáil tríd an dráma chomh maith le ceol agus le hamhránaíocht. an scéal féin bunaithe ar imeachtaí a thiteann amach nuair a thosaíonnAn Strainséir’ ag cur ceisteanna faoi eachtra inar cailleadh iascaire amuigh ar an bhfarraige. Tuigtear, de réir a chéile, go bhfuil a chuid fiosraithe agus a chairdeas le cailín as an oileán ag cur an Strainséir féin i mbaol. Cloistear leaganacha éagsúla den scéal ó chúigear éagsúil, ina measc an Strainséir féin agus an t-iascaire marbh é féin chomh maith.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.