CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
D’ól sé bolgam tae
Eoghan Mac Giolla Bhríde Eoghan Mac Giolla Bhríde

Gearrscéal le hEoghan Mac Giolla Bhríde.

Íomhá

I mo sheasamh ag doirteal na cistine ag amharc amach ar chith fearthainne ag teacht isteach thar na hoileáin a bhí mé, ag smaointiú go gcaithfinn an t-éadach a thabhairt isteach ón líne, nuair a chuala mé trup na veain ag teacht aníos an cabhsa. Bhí na doirse uilig foscailte agam agus sin an dóigh ar chuala mé é. Thriomaigh mé mo chuid lámh is chuaigh mé amach go bhfeicfinn cé a bhí ann, agus ar dhul amach domh bhí fear an éisc ina sheasamh amuigh, doirse cúil na veain foscailte agus inneall an chairr casta as aige. Rinne sé gáire; sin an dóigh ar bheannaigh sé domh. “Is fada an lá ó bhí tú thart againn anois,” na céad fhocail a dúirt mé leis. “Bhí an aimsir go holc le tamall… bhí!” Bhí geansaí dorcha glas air agus cuma mhodhúil. “Bhuel, caidé maith atá leat inniu? An bhfuil bradáin ar bith agat, nó an bhfuil sé róluath go fóill?” “Níl, níl. Scadáin agus iasc geal uilig atá gabháil anois. Ach tá cúpla beithíoch eile éisc liom. Fan go bhfeicfimid.” Chrom sé síos isteach sa veain agus chuaigh a tharraingt thart boscaí éisc agus chuir mise mo chloigeann isteach ansin fosta go bhfeicfinn, boladh milis an éisc ár gclúdú. “Fan go bhfeicfidh tú … Tá leitheanna deasa anseo agus troisc. Ar mhothaigh tú an toirneach aréir? Bhí sé olc. Bualadh cúpla teach thiar i Machaire Loisce, chuala mé.” “Chuala mé sin. Bhí sé olc. Tabhair domh dosaen scadán cibé ar bith agus cuirfidh mé sa reoiteoir iad. Is maith leis féin ceann nó dhó a bheith aige leis an tae tráthnóna.” Bheir sé ar na scadáin ina bpéirí lena chrága móra a bhí lán gág agus chuir sé dhá cheann de bharraíocht sa mhála. Chaith sé cúpla crág oighreoige isteach ansin ina mullach. Bhog sé go fadálach, cruit ar a dhroim leathan. Choinnigh sé an mála go foighdeach ansin, fhad is bhí mise ag amharc ar an iasc. “Ar mhothaigh tú go raibh drochthimpiste thiar anseo aréir? Níor maraíodh aon duine, is mór an gar. An t-aos óg seo, ní thig coinneáil suas leo. Tabhair domh ceann de na troisc sin … an ceann is breátha acu agus dhéanfaidh sin muid go mbeidh tú thart arís.” Phioc sé amach trosc maith mór agus chaith sé isteach i mála é gan a thomhas is sheasaigh sé ansin le mála i ngach lámh aige. Bhí cúpla dlaíóg ghruaige ina seasamh ar bharr a chinn. “Cé mhéid sin anois, a Thomáis?” Ba é sin an chéad uair ar thug mé a ainm air. “Ó, dhéanfaidh ceithre euro muid.” “Bhuel, fan go bhfaighidh mé mo sparán.” Rith mé isteach chun tí, ag déanamh dearmad den iasc, agus fuair mé mo sparán as mo mhála a bhí ag taobh na teilifíse agam sa chisteanach. Ag gabháil ar ais amach domh bhí fear an éisc ina sheasamh ag an doras, an dá mhála éisc leis agus cuma bhrónach ina shúile. “Ó, seo tú! An dtiocfaidh tú isteach fá choinne cupa tae?” Bhí a fhios agam ón dóigh ar lean sé go dtí an doras mé go n-ólfadh sé cupa. “Bhuel, maith go leor.” Shiúil muid isteach. “Cha raibh tae agam ó mhaidin agus bhí mé ar an bhealach luath. Corrlá gheobhaidh tú neart tae agus corrlá eile ní bhfaighidh tú deoir.” D’fhág sé an t-iasc ar an tábla agus tharraing sé amach cathaoir dó féin go fuireachair, ag iarraidh gan a bheith ródhána. Bhí an citeal ag cur amach a thóna ar an tine agus fhliuch mé an tae leis. Leag mé amach achan rud go deas roimhe ar an tábla. Fuair mé cáca milis agus brioscaí ón phrios, ghearr cúpla slios den cháca agus d’fhág roimhe ar phláta iad. “Anois, ligfidh muid do sin tarraingt bomaite … nó b’fhéidir gur caife is fearr leatsa?” “Ní hea, ní hea. Tae uilig a ólaimse.” Shuigh mise ansin fosta nó bhí mé féin tuirseach. “Ó, obair chrua obair tí. Lig do sin tarraingt tamall anois. Cá bhfaigheann tú an t-iasc an aimsir seo?” “Ar an Phort, in Ailt an Chorráin. Arú, níl mórán ráchairte ar an iasc anois níos mó. Imíonn an chuid is mó de suas go Baile Átha Cliath nó go dtí na monarchain. Bhí am ann … ach ní iarrfainnse de phléisiúr ach ag gabháil thart a dhíol éisc … tabharann sé amach as an teach mé. Níl mé pósta. D’fhear céilese, iascaire a bhí ann …” “Iascaire, sea, tamall. Go dtí gur thit an tóin as an iascaireacht … cosúil le hachan rud. Thuas ar an Screabán atá sé anois - cibé cá fhad is a mhairfeas sin!” Thóg sé an clár den taephota agus d’amharc sé isteach ann. Ansin chuir sé amach muga tae dó féin agus chuir an deoir bheag is lú bainne air. “Ní ghlacann tú siúcra?” “Trí spúnóg, má tá sé agat,” a dúirt sé. D’éirigh mé agus fuair an siúcra ón phrios. “Ní ghlacann duine ar bith sa teach seo siúcra. Dhéanaim i dtólamh dearmad é a thabhairt amach nuair a bhíonn aon duine istigh.” “Ar mhothaigh tú fán bheirt a cailleadh ar na Croisbhealaí an lá faoi dheireadh?” “Char mhothaigh.” “Stócach óg, ní raibh sé mórán le sé bliana is fiche d’aois. Ina chónaí lena uncail a bhí sé. An t-uncail a thóg é, an dtuigeann tú? Bhuel, tháinig ailse nó cibé rud ar an uncail. Thuas anseo … bhí rud inteacht cearr leis thuas anseo.” Chuir sé a mhéar ar a cheann. “Thug sé a bhás.” D’ól sé bolgam tae. “Nuair a fuair an t-uncail bás, d’imigh an fear óg síos agus chaith sé é féin amach leis an fharraige. Fuarthas a chorp báite thíos ar an chladach agus bhí dhá chónair sa teach an tráthnóna sin. Bhí, dhá fhaire sa teach amháin acu.” “Coisreacadh Dé orainn. An bhfeiceann tú sin! Fear óg eile marbh.” “Bhí sin, dhá chónair sa teach an oíche sin. Agus a mháthair - chaill sise mac agus deartháir an lá amháin.” “A Dhia ár sábháil, bhí sin ina bhuille trom aici, an créatúr. Ina chónaí lena uncail a bhí sé. Bíodh slios den cháca sinséir sin agat. Ceann siopa atá ann ach tá sé deas éadrom. An bhfeiceann tú sin anois!” “Thóg a uncail é agus chaith sé é féin amach leis an lán mara.” Thóg sé slios den cháca. Bhí sruthán uisce ar an tábla ag teacht ó mhálaí an éisc agus fuil an éisc meascaithe leis agus bhí slanntracha éisc ó lámha fhear an éisc ar an slios den cháca a bhí fágtha ar an phláta. Sin an t-am a thosaigh sé, cúpla deoir ar dtús agus ansin ag éirí ní ba throime go raibh sé ina bháisteach. “Ó, a Dhia, sin an fhearthainn anois agus mo chuid níocháin amuigh ar an líne. Caithfidh mé rith agus é a shábháil.” Bhí mé i mo sheasamh agus ag gabháil amach an doras. “Bhuel, go raibh maith agat ar son an tae,” arsa fear an éisc. “B’fhearr domhsa a bheith ag gabháil giota eile.” Lean sé amach mé. “Bhuel, slán leat anois,” a scairt mé féin leis agus mé ag gabháil thart cúl an tí, agus an fhearthainn ag éirí ní ba throime leis. Bhí fear an éisc ar shiúl ag teacht isteach domh agus uchtán mór éadaí leaththirime liom, is nuair a chonaic mé an t-iasc ar an tábla, sin an t-am a smaointigh mé nár íoc mé fear an éisc ar chor ar bith.

Rugadh agus tógadh Eoghan Mac Giolla Bhríde (29) ar an Charraic i nGaoth Dobhair. Chaith sé sé bliana ag obair mar innealtóir sibhialta ach d’éirigh sé as an obair sin dhá bhliain ó shin chun dul i mbun na scríbhneoireachta go lánaimseartha. Chaith sé bliain ag taisteal i Meiriceá Lár agus Meicsiceo agus tá bliain eile caite in Éirinn aige ag scríobh. Bhuaigh a chuid gearrscéalta trí dhuais san Oireachtas i mbliana: an chéad áit sa chomórtas do ghearrscéal, an chéad áit roinnte do chnuasach gearrscéalta (do dhaoine faoi 35) agus an dara háit do chnuasach gearrscéalta. Foilsíodh scéalta dá chuid in *Comhar agus Feasta le déanaí. Tá an scéal “D’ól sé bolgam tae” tógtha ón mbailiúchán gearrscéalta Idir Feoil is Leathar, a d’fhoilsigh Coiscéim ag tús mhí na Samhna.*

Gluais • Glossary

doirtealsink

cith fearthainnea rain shower

trup na veainthe noise of the van

cabhsalane

uiligall

thriomaigh méI dried

go bhfeicfinnuntil I’d see

inneall an chairrthe engine of the car

casta asturned off

ar bheannaigh sé domhthat he greeted me

modhúilgentle

bradáinsalmon

scadáinherring

beithíochbeast

boladh milis an éisc ár gclúdúthe sweet smell of the fist covering us

leitheannaflat-fish

troisccod

Ar mhothaigh tú an toirneach?Did you hear the thunder?

cibé ar bithanyway

reoiteoirfreezer

bheir sé ar na scadáin ina bpéiríhe caught the herring in pairs

crágalarge hands

gágcrack

de bharraíochtin excess

cúpla crág oighreoigea few handfuls of ice

ina mullachon top of them

bhog sé go fadálachhe moved slowly

cruithump

go foighdeachpatiently

drochthimpistea bad accident

is mór an garit’s a good thing

dhéanfaidh sin muidthat’ll do

gan a thomhaswithout weighing it

dlaíóg ghruaigestrands of hair

sa chisteanachin the kitchen

cuma bhrónacha sad look

ó mhaidinsince this morning

corrlásome days

deoirdrop

go fuireachaircautiously

ródhánatoo bold/cheeky

sliosslice

tarraingtto draw

Tae uilig a ólaimseI only drink tea

an aimsir seothese days

Ailt an ChorráinBurtonport

ráchairtrun, demand

monarchainfactories

d’fhear céileseyour husband

iascairefisherman

An ScreabánThe area in Gaoth Dobhair where factories are located

cibé cá fhad is a mhairfeas sin!however long that’ll last

dhéanaim i dtólamh dearmadI always forget

a cailleadhwho died

an lá faoi dheireadhthe other day

Char mhothaighI didn’t (hear)

stócach óga young lad

ailsecancer

cearrwrong

Thug sé a bhásIt killed him

bolgam taea mouthful of tea

fuarthas a chorp báitehis drowned body was found

dhá chónairtwo coffins

dhá fhairetwo wakes

coisreacadh Dé orainnGod bless us

A Dhia ár sábháilGod save us

buille tromheavy blow

bíodh slios den cháca sinséir sin agathave a slice of that ginger cake

lán marahigh tide

sruthánstream

meascaithe leismixed with it

slanntracha éiscfish scales

fearthainnrain

níochánwashing

ar son an taefor the tea

B’fhearr domhsa a bheith ag gabháil giota eileI’d better be going

ar shiúlgone

ag teacht isteach domhon my return

uchtánarmful, load carried close to chest

éadaí leaththirimehalf-dry clothes

a smaointigh méthat I remembered

nár íoc méthat I didn’t pay

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.