CÚINNE NA nEALAÍON
Doire – Cathair Chultúrtha na Ríochta Aontaithe?
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

cur is cúiteamh ar siúl i nDoire Chalgaigh faoin chathair a chur i dtreo ‘am níos gile’ ina scéal. Tá Ciara Nic Gabhann ar an eolas faoi.

Íomhá
Ag amharc ar an gheata ón Guildhall (SeánMack ar Vicipéid)
Íomhá
Taobh an Bhogaigh (le SeánMack ar Vicipéid)

Fógraíodh ar na mallaibh go raibh cathair Dhoire ar an ghearrliosta don teideal Cathair Chultúrtha na Ríochta Aontaithe 2013. Tá an-éacht déanta ag an chathair teacht chomh fada seo sa chomórtas seo nó bhí iomaíocht an-ghéar ó na 29 iomaitheoirí eile a chuir isteach air, ina measc Reading, Southend, Bath agus an Corn ina iomláine.

Tá suas go dtí deireadh mhí Bealtaine ag Doire anois chomh maith leis na trí chathair eile Birmingham, Sheffield agus Norwich atá ar an ghearrliosta fosta, chun iad féin a chruthú ó thaobh oiriúnacht suímh de agus raon na n-imeachtaí spreagúla atá beartaithe acu. Is é an spríoc atá ag an chomórtas go dtaispeánfadh na hiarrthóirí go dtig leo clár cultúrtha a chur ar fáil atá cuimsitheach agus suimiúil, a bheadh ar ardchaigheán agus a thabharfadh an deis d’achan chuid den phobal páirt a ghlacadh ann agus leas a bhaint as an taithí. Beidh aitheantas faoi leith ag gabháil don bhuaiteoir chomh maith leis an deis imeachtaí suntasacha a reáchtáil ar nós an Turner Prize, na Brits, agus Pearsantacht Spóirt na Bliana ar an BBC. Chomh maith leis sin, bheadh i gceist go mbeadh infheistiú airgid, urraíocht agus deiseanna fostaíochta ar fáil ag an chathair de bharr an ghradaim seo.

Dúirt Rúnaí Cultúir na Ríochta Aontaithe, Ben Bradshaw, go raibh sé tábhachtach go mbeadh fócas soiléir ag na hiarrthóirí agus go mbeadh na moltóirí ag lorg cathair a mbeadh ‘wow factor’ ag baint leis, cathair ina mbeadh clár d’imeachtaí cultúrtha spreagúla ar siúl inti a rachadh i bhfeidhm ar an phobal go hiomlán. An bhfuil an ní neamhaí seo, nó an wow factor, ag Doire mar sin? Creideann an fhoireann atá taobh thiar den iarratas go bhfuil agus go léiríonn an méid atá bainte amach acu cheana féin go bhfuil an-mhuinín ag an phobal astu féin agus fonn orthu an comórtas a bhaint. ‘Tá muid istigh (ar an chomórtas seo) le baint’ a dúirt Aideen Mc Ginley, Príomhfheidhmeannach an IIex Regeneration Company, an comhlacht atá taobh thiar den fheachtas ar son na cathrach.

Is UimeCharaim Doire Is é phríomhchathair an iarthuaiscirt é Doire, agus meallann sí na mílte turasóir gach bliain, ar mian leo cuid de shaol agus de stair na cathrach agus a timpeallacht a bhlaiseadh. Tá stair na cathrach casta agus in ainneoin go mbeidh dúshlán i gceist ag an choiste clár a chur ar fáil a choinneoidh achan duine ón dá thraidisiún sásta, tá an dóchas ann go mbeidh na héagsúlachtaí seo ina mbuntáiste sa deireadh. Tá trácht againn ar Dhoire de ir an tseanchais siar chomh fada le ré Cholaim Chille:

Is uime ’ charaim Doirear a réidhe, ar a glaineis ar iomad na n-aingeal finnón chinn go soich araile.

Beidh an t-iarratas bunaithe ar na téamaí Muintir, Dúiche, an tAm atá thart agus an tAm atá le teacht agus i measc na n-imeachtaí atá molta, beidh biennale bunaithe ar an ealaín nua-aimseartha, féilte pobail, ceolchoirmeacha, drámaí agus ceol nuachumtha le cuimhneamh a dhéanamh ar Phlandáil Uladh ceithre chéad bliain ó shin.

Níl achan duine sásta go bhfuil an chathair páirteach i gcomórtas náisiúnta sa Ríocht Aontaithe, áfach, agus deir go leor nach fíorléiriú an rannpháirtíocht seo ar dhearcadh agus ar dhílseacht an chuid is mó de phobal Dhoire. Deir daoine eile gur deis é an obair rathúil trasphobail atá ar siúl sa chathair le fada a chur os ard ionas go bhféadfadh cathracha eile foghlaim ón taithí atá faighte ag Doire in imeacht na mblianta ag plé le scéimeanna athmhuintearais.

Is cinnte go leanfaidh an díospóireacht seo ar aghaidh go ceann tamaill eile ach, idir an dá linn, tá go leor ann, ón dá thraidisiún a mhothaíonn gur dul chun cinn a bheadh ann don chathair comhcheiliúradh cultúir a reáchtáil agus go mbeadh sé ina ábhar dóchais don am amach romhainn.

Scríobh an file Seamus Heaney réamhrá don iarratas bunaidh a chuir an chathair ar an ghearrliosta agus istigh ann chuir sé na línte fáidhiúla seo:

So hope for a great sea change On the far side of revengeBelieve that a farther shoreIs reachable from here

Dúradh na línte dóchasacha seo den chéad uair sa Guildhall i nDoire i 1990 ag an chéad léiriú de The Cure of Troy, dráma de chuid Heaney, agus spreag siad daoine le creidiúint go raibh am níos gile i ndán do mhuintir Dhoire. Tá muid ag súil gur mar sin a bheidh sé.

Is féidir le daoine tacú leis an iarratas trí teagmháil a dhéanamh le www.cityofculture2013.com.

Naisc: Ilex http://www.youtube.com/watch?v=A-LxhtVy19gBen Bradshaw, Rúnaí http://www.youtube.com/watch?v=i8rNoGZdDZYhttp://www.colmcille.net/home-gehttp://www.aislingmagazine.com/aislingmagazine/articles/TAM22/Colm%20Cille.htmlhttp://www.ucc.ie/celt/published/G201011/index.html

Tamall ó shin Heaney http://www.youtube.com/watch?v=xLMlY56sahIhttp://en.wikipedia.org/wiki/BloodySunday(1972)http://www.youtube.com/watch?v=SpNAbuvGpnY&feature=related

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.