AR NA SAOLTA SEO
Dia beag agus paidir chapaill
Pádraig Ó Siadhail Pádraig Ó Siadhail

Bhí clú agus cáil ar Wayne Gretzky mar imreoir haca oighir i Meiriceá Thuaidh ar feadh na mblianta. Ach tar éis dó filleadh ar an chluiche mar bhainisteoir, tá Gretzky ag fáil amach de réir a chéile gur doilighan draíocht a imirt arís. Pádraig Ó Siadhail.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Cartún é ar coimriú ar chonspóidí reiligiúnacha agus ar chnámha spairne cultúrtha na linne seo é. Tá léirsiú mór poiblí ar siúl. Ar cheann de na meirgí atá crochta ag lucht na hagóide, fógraítear: “Ná Tugaigí Aithis Dá Ainm!” Tá beirt iomám ina seasamh ar thaobh an bhóthair agus iad ag amharc ar na hagóideoirí ag dul thar bráid. Casann an chéad iomám chuig a chara. “Imreoir haca éigin atá á mhaíomh acu,” ar seisean.

Is leor nod don eolach Ceanadach. Tagairt atá sa chartún do na trioblóidí beaga atá ag cur smál ar íomhá phoiblí íon Wayne Gretzky, réalta mhór an haca oighir i Meiriceá Thuaidh le glúin anuas, agus fear a bhfuil an leasainm “The Great One” air. Go fóill, is ann do na fíréin i gCeanada, tír dhúchais Gretzky, nach bhfuil aon lagú ar a gcreideamh gur dia cruthanta é Gretzky. Ach tar éis do líomhaintí a bheith ann go raibh lámh ag bean chéile Gretzky i gciorcal cearrbhachais a chuireadh geallta mídhleathacha ar imeachtaí spóirt phroifisiúnta agus tar éis do Gretzky féin páirt stiúrtha a bheith aige san fhoireann mhírathúil Cheanadach nár thug an bonn cré-umha féin abhaile leo ó Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh in Torino na hIodáile, tá gaoth an fhocail eiriciúil le mothú den chéad uair: an féidir nach bhfuil i Gretzky ach dia bréige?

Pele an tsacair agus Mohammed Ali na dornála. Is beag duine a d’easaontódh leis an tuairim gur gaiscígh spóirt ar leith iad an bheirt sin a bhfuil a gcáil is a n-éachtaí i ndiaidh teorainneacha cultúrtha agus polaitiúla an domhain mhóir a thrasnú. Ó tharla gur spóirt iad an sacar agus an dornálaíocht — más imeacht craosfhuilteach í an dornálaíocht féin — a bhfuil a lucht imeartha, a lucht féachana agus a lucht leanúna acu sna ceithre hairde, ní cúis iontais í go bhfuiltear i ndiaidh laochadhradh a dhéanamh ar Pele is ar Ali.

Ach is de chastacht agus de chontrárthacht an chine dhaonna é nach dual do na cluichí céanna a bheith i mbéal an phobail i ngach cearn den domhan: ní mór dúinn a bheith buíoch den bhraonán aistíle sin nó bheimis go léir ag imirt cruicéid! Níl éirithe leis an sacar proifisiúnta greim a fháil ar shamhlaíocht Mheiriceá Thuaidh. Mar an gcéanna, níl éirithe le corrpheil dul i bhfeidhm ar mhuintir na hEorpa.

Bíodh sin mar atá, tá an phoiblíocht a cheannaíonn mórbhuiséid mhargaíochta leithéidí Nike agus Coke i ndiaidh ainm Michael Jordan a leathú ar fud na hEorpa cé nach bhfuil sa chispheil ann ach spórt an mhionlaigh. Ach i dtaca le Gretzky de, in ainneoin an chultais a leanann de i Meiriceá Thuaidh agus i dtíortha tuaisceartacha na hEorpa ina n-imrítear haca oighir – agus, gan dabht, in ainneoin sheacht ndícheall Fhathaigh Bhéal Feirste, an fhoireann haca a imríonn in Airéine na hOdaisé, chun an sóiscéal a chraobhscaoileadh in Éirinn – is é an fhírinne é nach sléachtann mórán deisceabal sa chuid eile den domhan go talamh roimh dhia mór an haca.

Buanna ar leith

Imreoir haca as cuimse a bhí i Gretzky lena ré. Fear é a raibh sé de bhua aige go mbeadh a fhios aige cén áit a stopfadh an poc haca sula mbuailfí é. Fear é a sháraigh na curiarrachtaí seanbhunaithe uilig ó thaobh scórála de sna blianta a chaith sé i dtosach leis na Edmonton Oilers, agus le foirne éagsúla sna Stáit Aontaithe ina dhiaidh sin. Bhain sé féin agus na hOilers Corn Stanley, craobh an haca phroifisiúnta i Meiriceá Thuaidh, ceithre bhabhta. Ba í an tuairim choitianta í i measc ghaiscígh teallaigh agus thráchtairí na meán cumarsáide gurbh eisean an t-imreoir haca ab fhearr riamh. Gan dabht, dhéanadh na smísteoirí leathanghuailleacha ar a fhoireann arbh é a bpríomhdhualgas é Gretzky a chosaint ó bhuillí fill, agus lucht stiúrtha an NHL a thuig gurbh earra luachmhar é, dhéanaidís cinnte de nach ndéantaí mórán dochair dó i gcluiche atá contúirteach go leor.

Faoin am ar éirigh sé as an haca sa bhliain 1999, b’fhear gustalach é Wayne Gretzky, agus é pósta ar Janet Jones, aisteoir de chuid Hollywood. Ní hé amháin go raibh an uimhir 99, uimhir an gheansaí a chaitheadh Gretzky, díchoimisiúnaithe ag foirne uilig an NHL le hómós dó, ach bhí conarthaí fógraíochta sínithe aige le comhlachtaí móra, dála Ford, a shaothródh na milliúin dollar dó sna blianta atá romhainn. Agus in ainneoin an leasainm sin a chuirfeadh náire ar chuid againn agus a d’éireodh sa chloigeann ag an chuid eile againn, ba í an íomhá phoiblí a bhí ag Gretzky gurbh fhear umhal stuama é.

Chonacthas do dhaoine i gCeanada nach mbeadh ag déanamh tinnis do Gretzky feasta ach an saol bog sócúlach. Mealladh é le bheith ina chomhúinéir ar na Phoenix Coyotes, foireann de chuid an NHL. Ach, cinnte le Dia, níorbh eisean an saghas duine a rachadh leis an bhainisteoireacht. Fiú amháin, tar éis dó a bheith bainteach le foireann bhuach Cheanada sna Cluichí Oilimpeacha ceithre bliana ó shin, bhíodar ann a d’amharc air mar stiúrthóir in ainm amháin. Ach, ó thús an tséasúir seo, is eisean bainisteoir Phoenix agus é freagrach as roghnú agus traenáil na foirne ar bhonn laethúil.

Bhí na Phoenix Coyotes go hainnis i mbliana. Tá an scannal faoin chearrbhachas, agus aird na meán cumarsáide ar a bhean chéile, i ndiaidh cur leis an bhrú leanúnach atá ar Gretzky. Níorbh ionann is bliain ó shin fiú, cluintear scéalta magaidh nach raibh i Janet riamh ach banaisteoir i B-scannáin agus tagraítear dá seal spórtaíochta i measc lucht Playboy. Agus, mar bharr ar an donas, theip glan ar an fhoireann Cheanadach a roghnaigh Gretzky do Torino nuair a chreid pobal Cheanada go ngnóthóidís an bonn óir. Le tamall anuas, is geall le fear cráite é Gretzky a bhfuil cúraimí an domhain mhóir uilig ar a ghuailní aige.

Murab ionann is Atlás i miotaseolaíocht na Gréige, níl i ndia an haca ach fear mar chách.

Is ollamh comhalta leis an Léann Éireannach in Ollscoil Naomh Muire i Halifax na hAlban Nua é Pádraig Ó Siadhail. Is é Idir Dhá Thír: Sceitsí ó Cheanad (Lagan Press, Béal Feirste, 2005) an leabhar is déanaí leis.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.