CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Dhá dhán nua
Louis de Paor Louis de Paor

le Louis de Paor

Íomhá

Rothar Mór an tSaoil

Bhíos-sa im shuí- sheasamh, sceabhach, sa diallait ar éigean, tóin le gaoth, leis an saol leanbaí go léir ba mhaith liom a fhágaint im dhiaidh, chomh tuathalach le lachain an Ríordánaigh, tusa agus saothar ort ag rith lem thaobh sa tslí nach dtitfinn i ndiaidh mo chinn.

(Ag cuimhneamh siar dom anois air, is dóigh liom nár choinnigh tú oiread is barr lúidín sa diallait mar a gheall tú go sollúnta a dhéanamh, is gurb é mo chreideamh ionatsa amháin a choinnigh slán sa tsiúl mé.)

Nuair a d’éirigh liom ar deireadh an t-inneall místuama fém ghabhal a thiomáint, leanas orm ag treabhadh thonnta an aeir chomh fada uait agus ab fhéidir liom dul.

Airím ó am go chéile san aragal is sia isteach in dhá chluais mo chuimhne do ghlao grámhar giorranálach im dhiaidh dom chur uait ar bhóthar casta an tsaoil:

‘Coinnigh ort, a bhuachaill, coinnigh ort, is ar chraiceann do chluas, ná féach id dhiaidh. Ná féach id dhiaidh.’

Ná níor fhéachas.

An uair dheireanach, creidim, ar imríodh cleas sin an chreidimh orm.

Comhcheilg na Súl

Tá a pictiúr sa pháipéar ar maidin, an cailín atá ar iarraidh le seachtain.

Féachann sí orm mar a d’fhéach, ní foláir, ar an té a ghlac an grianghraf,

cara dil nó leannán fir, a déarfainn, ó loinnir na comhcheilge ar a súil

féachann sí orm le hiontaoibh shoineanta iomlán.

Braithim, ina dhiaidh sin, míshocracht éigin os cionn a gáire, imní ag bordáil le cúinne a béil mar a bheadh leide faighte aici roimh ré, roimh chomhcheilg na súl as a dtarla sí féin, gur ghearr a ré.

Níl aon dealramh aici, dubh, bán ná riabhach, le héinne dem chlannsa iníon.

Ach tá Dia as láthair le seachtain is ní féidir liom féachaint go cruinn ar na hógmhná codlatacha im thimpeall aimsir bhricfeasta a bhfuil dealramh ina ngné acu leis an té is ansa liom sa tsaol.

Cuirim páipéar na maidine idir mé is an mhuinín shoineanta iomlán a chím ag stánadh orm as a súile dorcha gan scáth.

Corcaíoch é Louis de Paor atá ag cur faoi sa Ghaillimh le tamall, áit a bhfuil sé ag obair san ollscoil mar Stiúrthóir ar Ionad an Léinn Éireannaigh. Tá cnuasach nua dánta, agus rud eile de,* le foilsiú roimh Nollaig ag Coiscéim. Tá roinnt mhaith amhrán Gaeilge scríofa aige féin agus ag an gceoltóir John Spillane agus duaiseanna buaite acu i gcomórtas Réalta Raidió na Gaeltachta.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.