CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Dhá bhronntanas le cur sa stoca Nollag
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Tá Máire Ní Bheaglaoich tar éis DVD dar teideal Máire Begley’s Kerry Christmas: Christmas Songs, Music and Memories from the West Kerry Gaeltacht agus dlúthdhiosca amhránaíochta dar teideal Rogha Mháire Begley a sheoladh le déanaí. Labhair Antaine Ó Faracháin léi faoin dá dhiosca nua seo.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Antaine Ó Faracháin: A Mháire, céard go díreach atá sa DVD nua seo atá curtha amach agat?

Máire Ní Bheaglaoich: Cur síos ar Nollaig m’óige i gCorca Dhuibhne i gContae Chiarraí.

AÓF: Céard a thug an smaoineamh duit é a dhéanamh?

MNíB: Chím go bhfuil an Nollaig imithe di féin agus Meiriceánachas ag teacht trasna chugainn ó bhliain go bliain. Chomh maith leis sin chaomhnaigh muintir Uí Shé, muintir mo chéile, na maisiúcháin Nollag éagsúla agus seanachártaí Nollag sa tseanathig atá dhá chéad bliain d’aois agus chomh tirim le snaois.

AÓF: An raibh sé deacair a phleanáil agus a chur i gcrích?

MNíB: Ní raibh mar is duine traidisiúnta mé agus gach aon Nollaig úsáidim na seanamhaisiúcháin chéanna agus ní cheannaím na maisiúcháin nua. Deinim an císte Nollag agus an phutóg chéanna a dhein máthair mo chéile, Mary O’Shea.

AÓF: Tá seisiún ceoil ann a taifeadadh i seantigh. Inis rud beag dúinn faoin áit seo.

MNíB: Fé mar a dúrt, chaomhnaigh muintir Uí Shé an seanathig mar ní raibh aon mhuirear ar James O’Shea, Lios na Graí agus ní raibh éinne ag rá leis Marley a chur ar an urlár ná beauty board *a chur ar na fallaí ná “caith amach an seanachlog san”, “caith uait na lampaí íle”, “tabhair an *sacred heart lamp don lucht siúil”. Bhí an t-ádh dearg linn an tigh seo a fháil. Bíonn seisiún ceoil anseo gach aon oíche Dé Luain óna hocht agus cupa tae. Bíonn parties ag ár gclann ann agus is breá leis na daoine óga an seanathig deas seo, le tine bhreá mhóna, coinnle agus lampaí íle agus arán a dheinim féin.

AÓF: Rudaí simplí den chuid is mó a luann tú i do chuid cuimhní faoin Nollaig. An gceapann tú go bhfuil muid ag déanamh dearmaid ar na rudaí is tábhachtaí a bhaineann leis an bhféile?

MNíB: Táimid. Is é lá breithe an Tiarna é, a rugadh i stábla gan aon éirí in airde agus d’iarr sé orainn bheith fial lena chéile.

AÓF: Céard an rud is tábhachtaí duitse faoin Nollaig?

MNíB: Go dtagann ár gclann abhaile agus go dtagann daoine abhaile ó Mheiriceá agus ó Shasana agus go mbíonn comhluadar deas againn ag Aifreann meán oíche, dinnéar na Nollag, Lá an Dreoilín agus Nollaig na mBan.

AÓF: Tá cúpla píosa an-deas ar an DVD faoi Lá an Dreoilín. Inis dúinn faoin traidisiún sin. Is léir go bhfuil sé beo beathaíoch i gCorca Dhuibhne.

MNíB: Traidisiún págánach é seo (ciallaíonn págánach “ón dtuath”) - muintir na tuaithe marbh aige drochaimsir agus doircheacht. Tagaimid le chéile chun beocht a thabhairt isteach inár saol le ceol, capall bán, éadaí tuí, ól, spraoi agus rince.

AÓF: Rud a thaitníonn liom féin faoin DVD ná an tsimplíocht agus an mhacántacht a bhaineann leis. Níl aon éirí in airde ag baint leis ná aon iarracht gaisce a dhéanamh. Céard an rud is mó a thaitníonn leat féin faoi?

MNíB: Is scéal fírinneach é. Creidim gur maith an rud é simplíocht a choimeád os mo chomhair fé mar a dhein ár sinsear. Is breá liom dul síos go dtí an dtráigh lem’ bhuicéad* enamel* agus ualach gainimh a thabhairt go dtí an tigh dos na prócaí, nó na crockann’ fé mar a thugaimid orthu, ansan an choinneal mhór á shá isteach sa ghaineamh agus gearraim maisiúcháin le cur timpeall air as páipéar Nollag.

AÓF: Tá meascán de shaghsanna éagsúla ceoil agus amhránaíochta air. Is dóigh go léiríonn sin an meascán daoine atá bailithe le chéile agat. Cé hiad?

MNíB: Tá scoláirí a mhúineas i scoil Náisiúnta Áth a’ Chaisle. Tá ceoltóirí a sheinneann im’ theannta ar nós Úna Ni Chiosáin ar an veidhlín, Tom O’Connell ar an gcairdín, agus Mary Conroy ar an ngiotár, a bhíonn ar Radio Kerry im’ theannta gach aon oíche Dé hAoine ar “Kingdom Céilí” óna hocht go dtí na deich. Tá David Raith im’ theannta, garda síochána a bhíonn ag seimint im’ theannta sa bheairic i dTrá Lí agus ar thaobh na sráide ag bailiú airgid um Nollaig le slua gardaí inár dteannta. Tá John Ryan ón Dingle School of Music ag seimint na fliúite agus Bernadette Slattery, comharsa dom, ag seimint an chansairtín; comharsa eile dom, Lil Ferriter, a bhfuil *pub *acu i gCaisleán Ghriáire, aintín de Mhaidhc Dainín, a chanann “May the Good Lord Bless You”. Cara eile, Mary Lawless, a dheineann rince agus Bernie Maunsell, comharsa eile, a chanann “Christmas 1915”.

AÓF: Is i mBéarla atá an DVD. An bhfuil i gceist agat leagan Gaeilge de a dhéanamh amach anseo?

MNíB: Ta náire orm gur as Béarla atá sé. Chuas go dtí fear a tháinig isteach chun maireachtaint sa Ghaeltacht leis an bplean seo ach bhí sé ag caint ar na mílte euro, rud nach bhfuil agam go fóill! Chuas go dtí comhlacht a dheineann scannáin do TG4 agus ní bhfuaireas aon éisteacht. Ach nuair a chuaigh mé go dtí Tina Frolich agus Volker Schutch bhí áthas orthu DVD a dhéanamh le bean ón nGaeltacht. Ba bhreá liom leagan Gaolainne a dhéanamh de.

AÓF: Feicim go bhfuil dlúthdhiosca amhránaíochta seolta agat freisin, Rogha Mháire Begley. Inis dúinn beagán faoi sin. Cén saghas amhrán atá air?

MNíB: Chuireas amhráin le chéile a fuaireas ó Liza Houlihan, Caoimhín Ó Cinnéide, Seán De hÓra, mo mháthair, m’athair, agus mar sin de.

AÓF: An bhfuil aon amhrán ar leith gur fearr leat thar aon cheann eile?

MNíB: Is breá liom “An Binsín Luachra”, a fuaireas ó Shean de hÓra, trócaire ar a anam.

AÓF: An té atá ag iarraidh an DVD nó an dlúthdhiosca amhránaíochta a cheannach mar bhronntanas Nollag, cén áit ar féidir leis iad a fháil?

MNíB: Siopaí ceoil sa Daingean, i dTrá Lí agus i gCill Áirne agus ó Tina ag tinaf@iol.ie

AÓF: Go raibh míle maith agat a Mháire agus Nollaig shona duit.

MNíB: Gurab amhlaidh duit, a chuirliúin chladaigh!

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.