AR NA SAOLTA SEO
Denglisch
Eoin Mac Aodha Bhuí Eoin Mac Aodha Bhuí Eoin Mac Aodha Bhuí

Cheapamar go raibh fadhb againn le tionchar an Bhéarla ar ár dteanga. Nílimid inár n-aonar, más ea. Déanann Eoin Mac Aodha Bhuí cur síos ar dhearcadh na nGearmánach i leith thionchar an Bhéarla ar an nGearmáinis.

Íomhá
Irish Mist nár 'mist'
(le Diane Cordell ar Flickr)
Íomhá
Konrad Zuse
(le Wolfgang Hunscher, Dortmund ar Vicipéid)
Íomhá
Fadhb bheag ag an Dunglisch san Ísiltír
(le Keizers ar Vicipéid)
Íomhá
Duine díobh siúd a thuigeann dochar an Ghéarla, an Dr. Brian Ó Curnáin

Tá an Béarla ag déanamh ionraidh ar an nGearmáinis. Ní théann na Gearmánaigh einkaufen (ag siopadóireacht) a thuilleadh – téann siad shoppen. Bíonn siad ag obair i Jobs mar Manager chun Cash a thuilleamh agus bíonn siad ag freastal ar Meetings le Consultants. Má fhaigheann siad Tickets chun freastal ar cheolchoirm, is é an focal cool a mbainfidh siad leas as chun cur síos a dhéanamh ar na Songs ar fad. Tá lingua franca na sibhialtachta nua-aimseartha tar éis greim a fháil ar theanga na nGearmánach agus tá sí á líonadh lena cuid focal féin. Nuair a mheasctar Deutsch agus Englisch ar an tslí seo, cruthaítear teanga aisteach chrosanta mar thoradh: Denglisch a thugtar ar an bhFrankenstein seo de theanga agus tá an ollphéist ag éirí níos láidre in aghaidh an lae.

Ní hé nach bhfuil focail ag na Gearmánaigh ar na rudaí seo ar fad thuasluaite. Tá. Ach tá zeitgeist ann i saol an ghnó – agus i saol na margaíochta ach go háirithe – a dhearbhaíonn go bhfuil fiúntas ag baint leis an mBéarla nach bhfuil ag baint le teangacha eile. Tá ardghradam ag an mBéarla sa domhan idirnáisiúnta agus má bhíonn Gearmánaigh óga ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh sa saol, is i dtreo an Bhéarla a rachaidh siad (abairt a chuireann roinnt Éireannach ag dioscán fiacla is dócha).

Glactar Leis agus Ní Ghlactar Leis

De réir dealraimh, ní chuireann an Denglisch isteach ná amach ar Rialtas na Gearmáine. Murab ionann is Rialtas na Fraince, atá i ndiaidh an Commission générale de terminologie et de néologie a chur ar bun chun téarmaíocht nua a chruthú a shaibreoidh an Fhraincis agus a chosnóidh í ó thionchar an Bhéarla, tá Rialtas na Gearmáine sásta glacadh leis go dtiocfaidh na focail iasachta seo isteach sa Ghearmáinis agus go bhfeidhmeoidh siad mar lagchúiteamh nó ersatz ar sheanfhocail na Gearmáinise de réir a chéile.

Dar le cuid de na Gearmáinigh níos coimeadaí, áfach, tá a dteanga á fabhtú ag an mBéarla. Tá galar na Denglische ag sní isteach i bhfréamhacha a dteanga agus ag déanamh dochair dá sláinte. Dí-nascann an Denglisch an t-aos óg óna n-oidhreacht theangeolaíoch agus cuireann a dul chun cinn in iúl go bhfuil an Béarla níos inmhianaithe sa Ghearmáin ná an Ghearmáinis. Thairis sin, mothaíonn seandaoine Gearmánacha gan Bhéarla go bhfuil an ‘teanga nua’ seo á mbrú amach as an tsochaí. Ní thuigeann siad na focail a bhíonn ag screadaíl anuas orthu ó na cláir fhógraí agus is cúis angst dóibh é.

Konrad Zuse

Ní ar na cláir fhógraí is mó a bhfuil fás ag teacht faoin Denglisch, áfach. Tá sí ag teacht in inmhe ar an idirlíon. Is féidir leis na Gearmáinigh twittern, googeln agus Mails a fháil ar an Internet; má bhíonn siad online ar Facebook tig leo cairde nua adden agus seanchairde chatten nó stalken fiú amháin; má klicken siad ar chnaipe áirithe ar a Computer beidh siad in ann Software a installieren. Nuair a chuimhnítear gur Ghearmánach é Konrad Zuse, an fear a d’fhorbair an chéad ríomhaire dénártha riamh sa bhliain 1936, is íorónta go leor é go n-úsáidtear an fhoclaíocht Bhéarla i gcomhair na ríomhairí sa lá atá inniu ann.

Cinnte, bíonn teangacha an domhain ag athrú i gcónaí. Is é an t-athrú seo an t-aon rud buan fúthu. Fuaireamar ár seomra ó chambre na bhFrancach agus ár gcuid bróg ó na Lochlannaigh nó ó Sasanach. Tá an Béarla tar éis na focail kindergarten, doppelgänger agus glockenspiel a ghoid ón nGearmáinis. Chreach na Gaeil teanga na Breatnaise agus thóg a n-ainm féin, más fíor, ó Gwyddel na teanga sin – oiriúnach go leor nuair a chuirtear san áireamh gurbh é ceann de bhunbhríonna an fhocail sin ná creachadóirí. I gcás na nGearmánach ansin, tá teoiric ann a mhaíonn go bhfuil foinse ‘Ghaelach’ ag a n-ainm sa Bhéarla. Meastar gur tháinig German ón gCeiltis gar- (glao, gairm) – ba dhaoine glóracha iad, a deir na staraithe, agus féach garrulous – ón am ina mbíodh na Ceiltigh láidir ar an Mór-Roinn.

Ní Buille go Cnámh É, Fós

Ní hionann focail iasachta i dteanga agus meath teanga, áfach. Níl struchtúr na Gearmáinise fabhtaithe ag an mBéarla go fóill. Cinnte, tá an ghramadach ag athrú – tá an tuiseal ginideach ag géilleadh don tuiseal tabharthach, mar shampla – ach ta na hathruithe seo ag tarlú taobh istigh den teanga agus ní de bharr thionchar an Bhéarla. Má chuirimid an Denglisch i gcomórtas leis an mBéarlachas atá dár gcrá, feicimid nach bhfuil ag éirí chomh maith leis an nGaeilge faoi thionchar an Bhéarla is atá an Ghearmáinis. Déantar ‘tá mé ag déanamh é’ as ‘I am doing it’; tá ‘ag deireadh an lae’ ag éirí chomh láidir le ‘i ndeireadh na dála’ agus tá na Gaeilgeoirí ag éirí pistafáilte leis an mBéarlachas.

Teachtaireacht ó na Creachadóirí do na comharsana mar sin: ligigí don dá theanga meascadh ina chéile más mian libh, ach coinnigí súil ar ollphéist na Denglische sula n-itheann sí creatlach bhur dteanga. Ní bheadh sé sin cool in aon chor.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is mac léinn Máistreachta agus teagascóir le Gaeilge in UCD é Eoin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.