AR NA SAOLTA SEO
Deireadh leis an tSeanad agus Leasú Polaitiúil
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Ciarán Mac Aonghusa ar son an Seanad a choinneáil. dhruidtear é, caithfear, dar leis, na hathruithe cuí a chur i bhfeidhm ar na córais toghchánaíochta agus ar na ceapacháin do na háisíneachtaí stáit san áireamh.

Íomhá
Sa tSeanad
le Barry Carey ar Picasaweb
Íomhá
An Seanad
le Kate T ar Picasaweb
Íomhá
Teach Laighean

Ó d’fhógair Fianna Fáil go bhfuil an páirtí ar son deireadh a chur leis an tSeanad, ionann is cinnte nach mairfidh Teach Uachtarach an Oireachtais. Níl aon cheann de na trí pháirtí is ar son an Seanad a choinneáil. Bhí siad den bharúil go dtí bliain ó shin gur chóir é a athleasú ach de réir a chéile, ó lár na bliana seo caite, thiontaigh géarchéim an gheilleagair ina géarchéim pholaitíochta. Cuireadh athleasú na bhforas daonlathach go barr an chláir oibre bhrí sin.

Is aisteach ina dhiaidh sin gurb é an Seanad is atá i mbéal na bpolaiteoirí agus iad ag trácht ar athleasuithe. Is fíor go bhfuil an Seanad neamhfheidhmiúil agus gur beag an tionchar a imríonn ar reachtaíocht na tíre: mar sin, fhéadfadh na seanadóirí a bheith ciontach i stiúradh na tíre chun a haimhleasa! Ba iad an Dáil, an rialtas, agus an rialaitheoir airgeadais is a thug na cinntí móra a chuir amú sinn. Is leamh an rud é go mairfidh an Teach atá freagrach as an phraiseach agus go gcuirfear deireadh leis an cheann atá beagnach saor ó mhilleán!

Agus an tír báite i bhfiacha, is cóir gach caiteachas stáit a scrúdú, ach nílim ag teacht leis na tráchtairí a chuireann an bhéim ar chostas an tSeanaid mar chruthú gur chóir deireadh a chur leis. I ndáiríre, is suarach an tsuim airgid é 25 milliún i seo na mbilliún, agus ar aon chaoi, ba chóir nach mbeadh an costas róthábhachtach mar shlat tomhais ar dhearadh ár gcuid foras daonlathach. Is fiú gach pingin é an daonlathas: bhíonn feidhmiúil agus bhíonn caoi mhaith air.

Mac Cárthaigh Neamhcharthanach

In alt a scríobh Colm McCarthy (údar na tuarascála a chuir anbord snip nua’ i gceann a chéile) ar an Farmers Journal an mhí seo caite, leag an-bhéim ar chostas an tSeanaid agus é ag moladh go gcuirfí deireadh leis. Is léir go raibh ag smaoineamh mar fhear geilleagair agus mar eolaí polaitíochta. Thug an Dr. Elaine Byrne, anailísí polaitiúil i gcoláiste na Tríonóide, freagra ar McCarthy inar mhaígh go sábhálfadh an Seanad airgead mbeadh ag feidhmiú i gceart ar bhonn leasuithe. Chuirfí reachtaíocht ba chruinne agus ba fheidhmiúla i dtreo ach an Seanad a bheith á mionscrúdú.

De réir na teoirice polaitiúla, tairbhe ar leith ag baint le córas an sheomra: go bhfuil an córas seo níos cobhsaí, gur fearr é chun leas dreamanna mionlaigh a chosaint agus go mbíonn an reachtaíocht níos feidhmiúla. Ach braitheann go mór ar an chruth a bhíonn ar an pholaitíocht náisiúnta, cuir i gcás, an bhfuil feidearálach, an bhfuil tír mhór éagsúil i gceist, an bhfuil codanna móra mionlaigh inti, agus mar sin de.

Ar an dtaobh eile, bíonn buntáiste ag baint le córas an aon seomra: is féidir dlí a achtú níos gasta agus bíonn níos freagrachta ann cionn is nach bhfuil ach aon dream amháin daoine i gceist.

Oibríonn thart ar leathchuid de phairlimintí daonlathacha an domhain ar chóras an aon seomra amháin, ach iad siúd a bhfuil an dara seomra acu is tíortha feidearálacha a bhformhór. nach bhfuil eolaithe polaitíochta ar aon intinn ar cén leagan amach is fearr a bheith ar an innealra daonlathach, is cosúil go nglactar go forleathan leis go dtig le teach amháin a bheith feiliúnach i dtír bheag, aonchineálach.

Sin é an fáth is dócha gur thiontaigh roinnt mhaith tíortha beaga ó chóras an sheomra go córas an tseomra aonair. Ina measc siúd, an tSualainn (1967), An Nua-Shéalainn (1950), agus an Pheiriú (1993). roinnt mhaith samplaí eile ann, ach is spéisiúil é fosta gur tharla an t-athrú i mbeagnach gach cás tar eís géarchéim mhór náisiúnta idirnáisiúnta.

Athruithe de Dhíth

eisceacht ar bith í an tír seo, áit ar bhuail an tubaiste sinn agus a bhfuilimid ag caint ar dheireadh a chur le Teach Uachtarach an Oireachtais. Ach rachaidh an moladh seo chun leas na tíre gan leasuithe móra eile a chur leis.

Lena gceart a thabhairt d’Fhine Gael agus do Pháirtí an Lucht oibre, siad ag moladh go gcuirfí athruithe suntasacha ar na forais riaracháin. Fine Gael ag moladh an córas toghcháin a athrú sa chaoi is nach mbeidh an tionchar céanna ag cúrsaí áitiúla ar an pharlaimint náisiúnta. said ag moladh fosta go laghdófaí líon na dteachtaí Dála, agus go ndéanfaí ceannairí na n-áisínteachtaí stáit a cheapadh go hoscailte agus go mbeadh na ceapacháin seo bunaithe ar chumas an iarrathóra seachas ar a cheangal le páirtí polaitíochta ar leith. an Lucht Oibre ag moladh go gcuirfí córas na gcoistí ar bhonn dlíthiúil agus go méadófaí go mór líon na laetha ar a mbíonn an Dáil ina suí. roinnt mhaith moltaí fiúntacha eile déanta ag an pháirtí a chuirfeadh go mór le feidhmiúlacht an chórais riaracháin.

Gheall an Lucht Oibre go mbunóidís comhthionól bunreachtúil a dhéanfadh scrúdú ar an bhunreacht ar fad agus a dhéanfadh moltaí thoradh sin. Táim cinnte áfach go mbeadh amhras ar an phobal nach mbeadh sa straitéis seo ach iarracht ar na ceisteanna is a chur siar.

Smacht nach nDéanann Leas

gné thábhachtach de chleachtadh daonlathach na tíre, áfach, nach bhfuil pléite ag aon pháirtí go dtí seo, mar atá, córas na n-aoirí. De réir an chórais seo, bíonn ar gach ball de pháirtí, de pháirtithe, an rialtais vóta a chaitheamh ar son rúin an rialtais sa Dáil. An a chaitheann vóta i gcoinne a pháirtí, is gearr a fhanfaidh ina bhall den pháirtí pharlaiminteach. Bíonn ar an Teachta Dála a shlí bheatha féin a chur chun cinn, sa deireadh thiar thall agus fágann córas dian na n-aoirí mar sin, nach dtig leis vóta a chaitheamh de réir a choinsiasa. Fágann fosta go mbíonn cead a gcinn ag airí an rialtais sa Dáil, rud a chuireann bac mór ar Theachtaí Dála cuntas a iarraidh ar an rialtas.

D’fhéadfaí a nach mbeadh aon chumhacht ag an rialtas gan an córas seo, agus gur dóiche nach mairfeadh i bhfad sa atá inniu ann, ach d’fhéadfaí comhghéilleadh a bheith ann fosta. Cuirim i gcás mbeadh roinnt ábhar ann a d’fhéadfadh teachtaí dála vóta a chaitheamh orthu de réir a gcoinsiasa. Mar shampla, ar cheisteanna a bhaineann le moráltacht phearsanta ceisteanna a bhaineann le géilleadh flaithis. (Sa chás seo, bheadh vóta saor ag gach teachta nuair a bhí an socrú leis an CAI a chíoradh sa Dáil)

Is annamh a fhaighimid deis cruth úrnua a chur ar ghléas riartha an stáit, ach seo anois sinn in am na cinniúna. Is léir gur chlis ar an tseanchóras agus go bhfuil leasuithe de dhíth go géar. Go dtapaí sinn an deis. Aon iarrthóir Dála a chasfar orainn le linn an fheachtais, aon teachta a gcasfaimid air uirthi i ndiaidh an olltoghcháin, ba chóir dúinn cur ina luí orthu go bhfuilimid ag súil le leasuithe agus nach seasfaimid leis an tseanréim a d’fhág ar an trá fholamh sinn.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.