AR NA SAOLTA SEO
Deireadh le na hOla?
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Ciarán Mac Aonghusa den tuairim go bhfuil deireadh bealaigh sroiste againn. Tabharfar droim leis an ór dubh, agus bhéarfaimid aghaidh ar bhreosla ar ábhar fuinnimh eile roimh i bhfad.

Íomhá
An chéad
le Garda Cósta na SA ar Vicipéid
Íomhá
Screamh na hola sa mhurascaill
le NASA ar Vicipéid
Íomhá
Smearadh na murascaille
le DigitalGlobe ar Picasaweb

Phléasc an rige ola de chuid BP, an Deepwater Horizon, i Murascail Mheicsiceo ar an fhichiú d’Aibreán na bliana seo. Dúirt BP ag an am go raibh an tobar ag scairdeadh 5,000 bairille ola in aghaidh an lae amach san fharraige, ach faoi cheann roinnt seachtainí bhí orthu an uimhir sin a mhéadú go 60,000 bairille (níos na dhá mhilliúin galún). Rinne BP roinnt iarrachtaí an tobar a stopadh ach theip orthu. an tobar 40 míle i bhfarraige ó chósta Louisiana agus na mílte tonna den amhola ag teacht i dtír. Meastar go bhfuil an doirteadh ola seo ar an tubaiste timpeallachta is measa riamh i stair na Stát Aontaithe.

an tubaiste ina conspóid pholaitíochta faoin am seo chomh maith le bheith ina tubaiste trachtála agus timpeallachta. na poblachtánaigh ag cur an mhilleáin ar an Uachtarán Obama agus Obama ag cur an mhilleáin ar BP. Ach déanta na fírinne, cúis shimplí taobh thiar den tubaiste seo: an ola ar éasca í a bhaint as an talamh bainte amach againn cheana féin. go bhfuil na cúltaiscí ola ar fad ídithe, ach níl fágtha anois ach ola a bhfuil dua mór ag baint lena fháil. an phirimid acmhainní mar mheafar ag geolaithe. Na hacmhainní atá ag barr na pirimide, éasca agus saor teacht orthu. Na hacmhainní atá i lár na pirimide, deacair teacht orthu, agus iad siúd atá ag bun na pirimide costas, agus contúirt, rómhór ag baint leo agus dócha go mbeimid in ann iad a fháil ar phraghas a mbeadh ciall leis.

An Saol fo Thuinn

Bhíomar in ann acmhainní aiceanta de chuile chineál a fháil go héasca ag barr na pirimide. Bhíothas in ann gual a thochailt ar dhromchla an talaimh i dtús báire. Bhíothas in ann ola a fháil i bpoill nach raibh ba mhó na 100 troigh ar doimhne. Faoi dheireadh b’éigean dul ar thóir na hola i dtobair ar ghrinneall na farraige. mór na toibreacha a dhruileáil faoi uisce an-domhain faoi láthair agus, ina dhiaidh sin, dul i bhfad síos faoi ghrinneall na farraige. TugtarDruileáil Domhainmhara’ (Deepwater drilling) air seo.

an tobar a dhruileáil an Deepwater Horizon ar an tobar is doimhne dár ndearnadh riamh. béal an tobair ar ghrinneall atá míle faoi dhromchla na farraige. Ansin an tobar féin 35,000 troigh (10,000 méadar) ar doimhne. Braitheann an cineál seo druileála ar an teicneolaíocht is nua-aimseartha bhfuil ann agus bíonn an obair a bhaineann leis fíorchasta agus bíonn contúirt mhór ag baint leis. iontas ar bith é gur ag an tobar is nua agus is doimhne a tharla an tubaiste timpeallachta is measa.

De réir mar a éiríonn táirge gann, tairgíonn ceannaitheoirí praghas níos airde. Ach nuair a théann an praghas in airde, tugann daoine tús áite do tháirgí ionadaíocha. I gcás na hola, táirgí ionadaíocha annfoinsí in-athnuaite fuinnimhach go minic bíonn said uireasach baineann said le teicneolaíocht neamhfhorbartha. Faoi láthair, na breoslaí iontaise seo chomh fite fuaite leis na geilleagair mhóra is gur mór agus gur iontach an t-athrú é foinsí nua a chur ina n-áit.

Luaineacht Luach na hOla

fianaise ann go bhfuil caidreamh neamhlíneach idir an t-éileamh ar tháirgí ganna agus an luacháil a chuirfear leo. Táthar ann a deir go mbíonn luaineacht luacha ann nuair a bhíonn acmhainní ganna atá i mbaol a n-ídithe i gceist. Is fiú cuimhneamh go raibh an t-éileamh ar ola ag méadú i lár na bliana 2008 fad is nach raibh léibhéil a dtáirgthe ag méadú. Faoi Iúil na bliana sin, bhí $147 ar an bhairille ola. Níorbh é praghas na hola ba chúis leis an chliseadh gheilleagair, ach meastar go raibh ina chuid den luaineacht gheilleagair a chuir leis.

I gcás an Deepwater Horizon is cinnte gur féidir an milleán a chur ar BP, ar an Minerals Management Service (Gníomhaireacht Stáit), agus ar roinnt conraitheoirí móra ar nós Transocean (a thóg an rige). Ach an druileáil domhainmhara chomh casta agus na costais chomh mór is go bhfuil contúirt mhór ag baint léi. Bhí costas de chéad milliún dollar ag baint le Deepwater Horizon. Nuair a thosaíonn an obair dhruileála, cosnaíonn gach bomaite suim mhór airgid agus bíonn brú an-mhór, chionn sin, ar bhainisteoirí cur in aghaidh aon innealtóir a chuirfeadh locht dearmad in iúl. Léiríonn cás an Deepwater Horizon nach amháin go bhfuil costais mhóra timpeallachta ag baint le hiompar na hola (Exxon Valdez) agus le na hola (Athrú Aeráide) ach go bhfuil costais mhóra timpeallachta ag baint lena hastarraingt freisin.

Go Bun an Angair Ola

Dar leis An Roinn Fuinnimh sna Stáit Aontaithe, is in olachaidh domhainmhara a dhéanfar an chuid is de tháirgeadh ola na Stát amach anseo. De réir na Gníomhaireachta Fuinnimh Idirnáisiúnta déanfar 40% de tháirgeadh ola an domhain ar an dóigh seo faoin bhliain 2020, sin, faoi cheann deich mbliana. Ar ndóigh cuirfidh tubaiste BP leis na costais a bhainfidh leis an cineál sin druileála amach anseo, rud a chuirfidh gan amhras le praghas na hola i gcoitinne.

Thug Obamatubaiste ollmhór timpeallachta gan fasachar an doirteadh i Murascaill Mheicsiceo. Ach níos na sin i gceist. Léiríonn go bhfuilimid beagnach ag ceann scríbe an aistir ar chuireamar tús leis dhá chéad bliain ó shoin. Ón Réabhlóid Thionsclaíoch ar aghaidh, thógamar sochaí agus geilleagar atá go hiomlán spleách ar an ola. Thosaíomar ag barr na pirimide acmhainní agus thuigeamar, tamall maith ó shin, cén deireadh a bheadh ar an aistear síos: praghasanna fuinnimh níos airde agus níos luainí; tubaistí níos measa timpeallachta; infheistíocht ollmhór chun na léibhéil arda táirgthe a choimeád, agus chun an tionchar ar an timpeallacht a laghdú.

Léiríonn tubaiste BP a leochailí is atá an snáithe dubh a shníomhann fabraic na ngeilleagar mór caipitleach le chéile. Táimid ag brath, beagnach go hiomlán, ar an ola chun ár gcuid traenacha, longanna, eitleán, agus leoraithe a choinneáil ag imeacht. Gan ola shaor, thitfeadh an córas tionsclaíoch domhanda ó chéile. féidir a shéanadh feasta ach go bhfuil na hola éasca agus na hola saoire thart. an t-ádh orainn, cuirfidh an tubaiste uafásach i Murascaill Mheicsiceo cor inár gcinniúint: cuirfidh in iúl dúinn go gcaithfimid, sa deireadh, ár gcúl a thabhairt leis an ór dubh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.