CÚINNE NA nEALAÍON
David Cerný : Bricriu na hEorpa
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Is ealaíontóir é David Cerný a bhain siar mór as daoine i dtíortha éagsúla san Aontas Eorpach le dealbh a chroch sé sa Bhruiséil. Chaith Ciara Nic Gabhann tamall á mheas leis an alt seo a scríobh faoi. Ar nós Bricrenn i seanlitríocht na Gaeilge, is cosúil gur thig le Cerný daoine go leor a chur i gcoinne a chéile.

Íomhá
David Cerný
Íomhá
Entropa
Íomhá
An Túr Teilifíse i bPrág
Íomhá
Ceann de na naíonáin túir

Baineadh geit as oifigigh Pharlaimint na hEorpa ar na mallaibhnuair a nocht an t-ealaíontóir, David Cerný, a dhealbh dar teideal ‘Entropa’, a chruthaigh sé go speisíalta mar chomóradh ar uachtaránacht Phoblacht na Seice ar an Aontas Eorpach.

Níorbh fhada gur léir do gach duine go raibh Cerný i ndiaidh bob dána a bhualadh leis an tsaothar ghéar seo, atá ar taispeáint sa Bhruiséil, agus a bhain an anáil díobh siúd a chonaic é.

In áit na bpíosaí éagsúla dealbhóireachta ó ealaíontóirí as na ballstáit uilig (rud a bhí geallta ag Cerný), is é rud a tairgeadh taispeántas a bhí ina ábhar magaidh, gan eisceacht, ar na tíortha go léir san Aontas Eorpach.

Rinneadh gach tír, seachas an Bhreatain – (a léiríodh mar spás bán, tagairt gan amhras, do sceipteachas frith-Eorpach na tíre sin) a léiríú i bhfoirm míreanna móra crochta ar fráma tiúbach gorm déanta as miotal agus gi nár tháínig tír ar bith slán ó ghéíre Cerný, tháinig roinnt tíortha amach níos fearr ná an chuid eile!

Ní raibh muintir na Bulgáire róshásta go raibh a dtír léirithe mar leithreas Turcach – an cineál a seasfaidh tú ann - agus cháin ionadaí na tíre, Betina Joteva, go dóite é ag rá: ‘Ní thig liom glacadh le leithreas ar léarscáil mo thíre. Ní hé aghaidh na Bulgáire é seo’. De dheasca ghearán oifigiúil na tíre sin, clúdaíodh an mhír seo le brat dubh.

Bhí muintir na Rómáine an-mhíshásta go raibh tír s’acusan léirithe mar pháirc súgartha ar théama Dracula agus samhlaíodh tírín bocht iathghlas ‘s againn féin ina portach donn agus píob mhór ag gobadh amach as a taobh thuaidh! Feictear triúr fear ina seasamh ar léarscáíl na Liotuáine ag déanamh a gcuid múin ar an Rúis agus scaifte sagart ag stracadh le bratach ildaite an phobail aeraigh a ardú ar thalamh cráifeach na Polainne - leagan scigaithrise den ghrianghraf chlúiteach de shaighdiúirí laochta Mheiriceá ar Iwo Jima sa Dara Cogadh Domhanda.

Chuaigh Cerný chomh fada le ráítis agus beathaisnéisí a fhoilsiú ó gach ealaíontóir bréige, a ghlac páirt sa taispéantas agus rinneadh cur síos ar an mhodh oibre agus an raison d’être a bhí taobh thiar den tsaothar uilig.

D’fhógair an t-ealaióntóir Sasanach ‘Khalid Asadi’, mar shampla, go ndearna a iarrachtsan suntas den chaidreamh neamhchinnte a bhí idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach agus go raibh: ‘This improvement of exactness means that it’s individual selective sieve can cover the so-called objective sieve.’???

Ní stráinséir é an Seiceach dána seo (41) maidir le conspóidí a chothú lena chuid oibre. I 1991 rinne sé tanc sóivéideach, a bhí ina shéadchomhartha i lár Prág, a phéinteail bándearg agus gabhadh é ar feadh tamaill mar gheall air seo.

Chruthaigh sé saothar don Túr Teilifíse Žižkov i bPrág chomh maith dar teideal ‘Tower Babies’ inar thaispeáin sé leanaí, múnlaithe as miotal, ag déanamh a mbealach snámhach suas taobhanna an fhoirgnimh ar a nglúine agus a ar lámha.

Thaispeáin sé saothar eile dar teideal Siorc ag an Biennale i bPrág i 2005 a tharraing comparáidi idir é agus saothar Damien Hirst mar gheall ar an fhormaldehyde a bhí in úsáid aige. In áit siorc nó bó, ar nós Hirst, bhí mainicín de chuid Saddam Hussein aige. Ní haon iontas é gur cuireadh cosc air é a thaispeáint go poiblí i dtíortha áirithe.

Gabh Cerný leithscéal mar gheall ar an chleas a d’imir sé ag rá go raibh sé ag iarraidh fáil amach an raibh an Eoraip ábalta a bheith ag gáire faoi féin agus is cosúil i gcás tíortha áirithe go bhfuair sé freagra ar a cheist.

Dúirt Lorraine Mullaly, Stiúrthóir le Open Europe nach raibh ann ach píosa grinn gan aon chontúirt ann – go díreach an rud a bhí de dhith ar an Aontas Eorpach le rudaí a bhíogadh ina ndúiseacht.

“Is athrú deas é ó na póstaerí leadránacha a fheictear crochta ar na ballaí i bhfoirgnimh na Breataine”, ar sise.

Beidh an saothar le feiceáil go dtí 30 Meitheamh, nuair a ghlacfaidh an tSualainn seilbh ar an uachtáranacht.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.