AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Daonra príosúin na Stát Aontaithe méadaithe go mór
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Chuir go leor dá bhfaca sé iontas ar Bhrian Ó Broin nuair a thug sé cuairt ar phríosún le gairid.

Íomhá
Íomhá
Passaic County Jail, an príosún ar thug Brian cuairt air
Íomhá
Cook County Jail
Íomhá
Íomhá
José Padila: imithe as a mheabhair, deirtear

Bhíos ag féachaint ar chláracha teilifíse do leanaí le déanaí nuair a craoladh clár a chuir iontas agus alltacht orm – treoir ab ea an clár do pháistí a raibh tuismitheoirí acu i bpríosún. An bhfuil an méid sin páistí i Meiriceá i ndáiríre a thuigfeadh ábhar an chláir? Bhain freagra mo cheiste stangadh asam - tá tuismitheoir i bpríosún ag páiste as gach 40.Fuaireas seans go luath ina dhiaidh sin cuairt a thabhairt ar phríosún, agus thapaíos é. Bhí rang socheolaíochta lena raibh mé leathbhainteach mar léachtóir ollscoile ag caitheamh leath lae in Passaic County Jail, in Paterson, New Jersey. Ba shuimiúil an áit í, ó ba é Paterson an baile ab Éireannaí i Meiriceá, b’fhéidir, ó lár go deireadh an naoú haois déag. Bhíos cinnte nach bhfaighinn an seans arís siúl trí hallaí príosúin.Contae aisteach is ea Passaic County. Agus é i gcruth orláiste,an talamh is sléibhtiúla sa stát i mbarr an orláiste, agus an baile is mó, agus beagnach is boichte, Paterson, i mbun an orláiste, gan idir tuath agus cathair ach cuing dhá mhíle ar leithead.

Agus príosún aisteach is ea Passaic County Jail freisin. Ní hamháin go bhfuil coirpigh thuaithe Passaic ag meascadh le coirpigh Paterson ann, ach tá príosúnaigh ann ó chóras phríosúin na Cónaidhme freisin, agus, Dia dár réiteach, lucht iarrtha tearmainn nach bhfuil coir ar bith curtha ina leith, ach atá “idir lámha” ag Gníomhaireacht Inimirce Mheiriceá go gcloisfear a gcásanna dídine.I 1972 bhí thart ar 300,000 duine i bpríosún i Meiriceá. In 2006 chuaigh an líon thar 2.2 milliún. Tá níos mó daoine i bpríosún i Meiriceá ná in aon áit eile ar domhan anois, fiú ag cur áiteanna mar Chúba, an Rúis, an tSín, agus an Iaráic san áireamh. Is deacair a mhíniú cén fáth ar tharla sé go bhfuil pobal na bpríosún chomh mór sin i dtír atá in ainm is a bheith chun cinn ó thaobh saoirse de, ach is cúis mhór bhuartha é do chuid mhaith daoine, na heagrais chearta daonna ina measc. Cuardach iomlán

Chruinníomar go léir mar ghrúpa i bhforhalla an phríosúin. Ní ligfí isteach sinn in aon chor, a dúradh linn, gan cuardach iomlán a cheadú ar gach duine sa ghrúpa. Ní rabhas róchinnte faoi seo, ach i ndeireadh báire ní raibh ann ach go raibh orainn gach rud inár bpócaí a fhágáil sa bhforhalla, cead a thabhairt do na bairdéirí cuardach trínár mbróga, agus cinntiú nach raibh gléas leictreonach farainn ar ár mbealach tríd an bpríosún. Agus bhí fostaithe an phríosúin ar nós cuma liom fúinn pé scéal é. B’annamh grúpa mac léinn agus léachtóirí ag teacht chun an phríosúin, agus ba bheag seans go mbeidís ag smuigleáil drugaí. B’éigean dúinn siúl trí dhoras leictreonach agus isteach linn.Is córas ollmhór an córas “ceartúcháin” i Meiriceá. Chomh maith leis an 2.2 milliún príosúnach, tá 4.9 milliún eile atá ar promhadh nó ar a n-onóir. Ní mór príosún agus oibrithe sóisialta a chur ar fáil dóibh uilig. Mar a thuigfeá, mar sin, tá príosúin i Meiriceá atá chomh beag leis na cinn a bhíonn le feiceáil sna Westerns, nach bhfuil iontu ach cillín nó dhó déanta as barraí, agus cinn atá chomh mór le Cook

County Jail i Siceágó, ina bhfuil 10,000 cime. Ar thaobh amháin den scála tá príosúin íos-slándála mar an ceann in Alderson, West Virginia, inár cuireadh Martha Stewart, an phearsantacht teilifíse, as a comhcheilg i gcúrsaí stocmhargaidh (“Camp Cupcake” a thugtar air go neamhoifigiúil). Ar an taobh eile de, ámh, tá ann do na príosúin mhíchlúiteacha “SuperMax” freisin, mar ADX Florence i gColorado agus an US Penitentiary i Marion, Illinois ina bhfuil daoine mar Theodore Kaczynski (an “Unabomber”) agus Zacarias Moussaoui, “20ú fuadaitheoir” 9/11.Áiteanna scanrúla is ea na príosúin Supermax. Faoi rialacha na bpríosún seo, fágtar na cimí i gcillíní leo féin gan chomhluadar gan siamsaíocht ar feadh 23 huaire an chloig sa lá. Ligtear dóibh cithfholcadh a bheith acu agus siúlóid bheag a dhéanamh ar feadh na huaire an chloig eile sa lá, ach leo féin, i seomra beag. Ní cheadaítear dóibh solas an lae a fheiceáil in aon chor, agus mar sin níl fuinneoga sna cillíní. Fágtar na soilse ar siúl ar feadh 24 huaire an chloig sa lá.An chéad cheann san AstráilMás cruálach mídhaonna na dálaí sna príosúin Supermax, ámh, ní hiad na Meiriceánaigh a chum iad. San Astráil a tógadh an chéad phríosún dá leithéid i 1975 i Sydney. Bunaithe ar bhonn díth chéadfach, níor lean an príosún seo, darbh ainm Katingal, ach dhá bhliain sular dúnadh é mar gheall ar shárú cearta daonna.Níor fhéad mé an teas in Passaic County Jail a chreidiúint. Gháir an bairdéir.“Mar a thuigeann tú,” arsa seisean, “ní féidir linn na fuinneoga a oscailt anseo go héasca.”

Sa bhforhalla dúradh linn gan breathnú ar na cimí ná gan iarracht a dhéanamh labhairt leo. Ba chosúil gur dúradh an rud céanna leis na príosúnaigh. Ligeadar orthu nach rabhamar ann.Shiúlamar trí na cistineacha, áit a raibh daoine ag réiteach bia in umair ollmhóra, do bhéilí na bpríosúnach, ba chosúil. Ach níorbh oibrithe iad seo - ba phríosúnaithe iad a raibh pribhléid faoi leith faighte acu: bheith ag obair sa phríosún.

“Pribhléid?” arsa sinne.“Nuair nach bhfuil de mhalairt agat ach an lá a chaitheamh sna cillíní, is pribhléid é rud ar bith eile ar domhain a dhéanamh,” a mhínigh ár dtreoraí dúinn.Trí na cillíní linn ansin, áit a raibh na scórtha ina suí go díomách ag breathnú ar an urlár nó ar an mballa. Bhí cuma orthu go raibh siad dubh dóite den saol, tuirseach. Ba bheag suim a chuir siad ionainn, fiú.Rinne mé iontas de go raibh cead againn siúl trí cheantar na gcillíní. Nach raibh sé dainséarach dúinn?“Bah,” arsa an treoraí. “Táid anseo mar gheall ar chomh dúr is atá siad. Ní fhéadfadh siad cluiche fichille a eagrú gan chúnamh. Bíonn a fhios againn i gcónaí roimh ré má tá trioblóid ar na bacáin.”I ndomhnach, ba chosúil go raibh an ceart aige. Bhreathnaigh na príosúnaigh a chonaiceamar mar dhaoine a bhí leath ina gcodladh, a súile leathdhúnta, gach spréach fuinnimh in easnamh.Pionós seachas athinniúlúIs de bharr drugaí atá líon na bpríosúnach i Meiriceá ardaithe ó thús na seachtóidí i leith, ach le fás na bpríosún i Meiriceá tá na dálaí i bhfad níos measa anois ná cheana, agus tá dearcadh na ndaoine i leith na bpríosún athraithe freisin. Seachas breathnú orthu mar áiteanna a chuirfeadh coirpigh ar atreo, tá daoine, go háirithe lucht vótála na heite deise, ag iarraidh go gcuirfí pionós ar phríosúnaigh thar a dtréimhse ar fad sa phríosún. Ba mar gheall ar bhrú ón phobal seo a d’eascair córais mar cheann Sheriff Joe Arpaio in Scottsdale, Arizona, a chuir a chimí ar ais i gcultacha stríoctha dubh agus bán, ag obair i slabhraí sa bhfásach.

Agus is as seo a d’eascair na príosúin Supermax, a tógadh mar fhreagra ar éileamh pobail scanraithe. Tá cás faoi leith i mbéal na ndaoine faoi láthair maidir le José Padilla, amhrasach i gcomhcheilg de chuid Al Qaeda atá i bpríosún ón mbliain 2002 amach. Mar gheall ar an gcóireáil díth chéadfach a cuireadh air agus é i bpríosún, is cosúil go bhfuil sé imithe glan as a mheabhair anois, agus nach mbeifear in ann leanacht ar aghaidh lena thriail.Bhualamar le ceathrar príosúnach i ndeireadh ár gcuairte. Agus sinn sna gnáthshuíocháin os a gcomhair, shuíodar ar altóir shéipéal an phríosúin agus labhraíodar linn faoina saol. Drugaí, drugaí, agus drugaí ba chúis leo bheith i bpríosún, dar leo, ach seachas sin, ba bheag a d’fhéadfaidís a rá linn. Ba léir go raibh rudaí áirithe nach raibh cead acu a phlé, nó nach raibh siad ag iarraidh a phlé. Bhíodar ansin mar shos ó ghnáthchleachtais an lae - rud ar bith a ghiorródh an t-am idir maidin agus faoithin.Ba dhaoine gorma triúr as an gceathrar os ár gcomhair. Más fíor do na staitisticí, ámh, is daoine gorma iad 50% de phobal na bpríosún i Meiriceá. Is cosúil go mbeidh idir 25% agus 33% de na fir ghorma sa phríosún ag am éigin ina saol.Bhailíomar ár ngiuirléidí go ciúin agus d’imigh amach ar an tsráid arís, ag caitheamh corr-shracfhéachaint ar ais ar an bhfoirgneamh mór laistiar dínn a bhí clúdaithe le sreang dheilgneach. Trasna an bhóthair, faoi bháisteach bhog, bhí Ardeaglais Naomh Eoin le feiceáil, agus cúpla bloc níos faide uainn síos an tsráid teach "leath bealaigh" dóibh siúd a bhí díreach tagtha amach ón phríosún agus ag lorg dídine. Shiúil coisithe tharainn agus sinn ag teacht amach, a bhformhór gorm.

Cuairteoirí ar an bpríosún? Cimí á saoradh? Ba chosúil gur chuma leo. Leanadar ar aghaidh gan an dara sracfhéachaint a thabhairt orainn, a súile dírithe ar an talamh.

Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.