AR NA SAOLTA SEO
Daonlathas Mheiriceá: Tweedledum agus Tweedledee
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

Buail an ceann is seachain an muineál! Is é an rud céanna é a deir Maidhc Ó Cathail, gur beag, dar leis, idir dearcadh an Daonlathaigh agus dearcadh an Phoblachtaigh i SAM.

Íomhá
Helen Keller
ar Vicipéid
Íomhá
Joel Pollak
le Syklein ar Vicipéid
Íomhá
Jan Schakowsky
le Comhdháil SAM ar Vicipéid
Íomhá
Teilgean fosfair ar Ghaza
le Al Jazeera ar Vicipéid
Íomhá
Gaza 2009
le Marius Arnesen ar Vicipéid

Dúirt Helen Keller uair amháin nach raibh sa daonlathas i Meiriceá ach rogha idir Tweedledum agus Tweedledee. Agus an ceart aici, go háirithe sna toghcháin lár téarma sa naoú ceantar Comhdhála in Illinois. Sa cheantar sin cois Loch Michigan ar an taobh ó thuaidh de Chicago, meas tú cad é an cnámh spairne is mó idir na hiarrthóirí? Ní hé na cogaí atá an tír ag troid san Iaráic agus san Afganastáin ná an ceann atá siad ag tosnú sa Phacastáin, ná an ghéarchéim gheilleagair a bhfuil baint láidir aige leis na cogaí sin. Is í príomhcheist an fheachtais ná… cé acu is mó atá buartha faoi Iosrael?

Seo mar a chuir suíomh gréasáin nuachta san Iosrael síos ar an rása: “A Jewish candidate has been trying to convince the mostly Jewish voters that his Jewish opponent has not done enough to protect the Jewish interest.” Cé go bhfuil níos lú ná 25 faoin gcéad de lucht vótálá sa toghcheantar ina nGiúdaigh, agus cé nach lia duine ná sainmhíniú maidir le cad is “leas na nGiúdach” ann, ní holc an t-achoimre é ar fheachtas Joel Pollak, Poblachtánach, an lámh in uachtar a fháil ar an sealbhóir oifige, Jan Schakowsky, Daonlathach.

Cuireann Pollak i leith Schakowsky go bhfuil sí “bog” maidir le slándáil Iosrael. Tugaimis sracfhéachaint mar sin ar a bhfuil déanta aici sa Chomhdháil.

I ndiaidh Oibríocht Teilg Luaidhe, inar maraíodh os cionn 300 páiste i Stráice Gaza, vótáil Schakowsky ar son rún Tí ag tacú le ceart Iosrael í féin a chosaint. Níos déanaí, rinne sí urraíocht ar rún ag cáineadh tuarascáil Goldstone. Agus nuair a dhúnmharaigh cománlaigh Iosraelacha Furkan Dogan, saoránach naoi mbliana déag d’aois de chuid SAM, ar chabhlachán Gaza, shínigh sí litir d’Uachtarán Obama ag tacú le ceart Iosrael í féin a chosaint arís.

Róbháúil!

Agus athrá a dhéanamh aici ar reitric Tel Aviv maidir le “bagairt eiseach” ó chlár arm eithneach na hIaráine nach ann dó, tá Feisire Schakowsky ag cur a hainm leis an reachtaíocht uile ag díriú ar Tehran le fada an lá. Rinne sí urraíocht ar bhille i mbliana a chuir na smachtbhannaí geilleagair is troime fós ar an bPoblacht Ioslamach. Dar le Philip Giraldi, iaroifigeach CIA agus anailísí polaitiúil, ba “basically an act of war” a bhí ann. Mar sin féin, ní mó ná sásta atá a céile comhraic léi. De réir Pollak agus a lucht tacaíochta, tá Schakowsky “róbháúil” leis na Pailistínigh agus tá na smachtbhannaí “lag.”

Ach an chloch is mó ar a phaidrín ná Obama agus an iarracht (thar a bheith lag) a rinne sé cur ina luí ar Netanyahu deireadh a chur le tógail áitrimh nua ar thailte gafa. I ráiteas a d’eisigh Pollak, d’iarr sé ar Schakowsky “the Obama administration’s ongoing attack on Israel” a cháineadh. Tá imní ar lucht tacaíochta Iosrael, áfach, go ndéanfaidh a léithéid d’easaontas dochar don chúis. Mar a dúirt Steve Sheffey, “Pollak’s supporters ignore the cardinal principle of pro-Israel advocacy: Support for Israel is and must remain bi-partisan.” Agus chuir ambasadóir Iosrael do SAM, Michael Oren, i gcuimhne do gach éinne: “bipartisan support for Israel is a strategic national interest for the State of Israel.”

Cúléisteach Siceagó

Ach tá teorainn le cáineadh Pollak. D’fhéadfadh sé deireadh a chur le saol polaitiúil Jan Schakowsky dá mba mhian leis. Thosaigh an FBI ag cúléisteacht ar an bhFeisire Schakowsky sa bhliain 2000 mar chuid d’imscrúdú níos leithne ar spiaireacht eachtrach agus caimiléireacht i measc oifigeach poiblí. “The epicenter of a lot of the foreign espionage activity was Chicago,” a dúirt iaraistritheoir FBI Sibel Edmonds in agallamh leis an iris The American Conservative. “They needed Schakowsky and her husband Robert Creamer to perform certain illegal operational facilitations for them in Illinois.”

Cheapfá go mbeadh fonn ar Joel Pollak na sonraí a sceitheadh don phobal faoin gcaoi a raibh Schakowsky sáinnithe ag gníomhaire mná de chuid na Tuirce, mar a léirigh Edmonds ina fianaise faoi mhionn i gcás cúirte in Ohio i mí Lúnasa anuraidh. Tá fadhb ann, áfach. Thosaigh an FBI an t-imscrúdú le hambasáid … Iosrael.

Cén rogha mar sin atá ag lucht vótála Mheiriceá? Mar a chuir duine amháin é, níl “a dime’s worth of difference between the two parties.” Go háirithe chomh fada is a bhaineann sé lena gcuid tacaíochta le hIosrael.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.