CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Dáithí Ó Colchúin ar shlí na fírinne

Tháinig an drochscéala chugainn le gairid go raibh duine dár scríbhneoirí, Dáithí Ó Colchúin, i ndiaidh bás a fháil i Sydney na hAstráile. Cailleadh é Dé Sathairn, 10 Márta. Scríobh Dáithí alt don cholún ‘Scéalta ón Astráil’ gach mí ó bunaíodh Beo! i mí na Bealtaine 2001; chuir sé alt ar fáil 71 mí as a chéile agus níor chaill sé oiread agus eagrán amháin - fiú nuair a bhí sé breoite. Scríobh sé faoi réimse leathan topaicí agus ba phléisiúr domsa mar eagarthóir a chuid píosaí a chur in eagar de bhrí go raibh siad spéisiúil, go raibh Gaeilge den scoth iontu agus go raibh siad i gcónaí breá gonta. Braithfidh muidne in Beo! go mór uainn é agus tá mé cinnte go mbeidh an rud céanna amhlaidh i gcás léitheoirí na hirise. Is cailliúint mhór é dá theaghlach, dá chairde agus do shaol na Gaeilge.

Éamonn Ó DónaillEagarthóir Beo!Dé Luain, 12 Márta 2007

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.