CÚINNE NA nEALAÍON
Cymdogion Celtaidd / Comharsain Ceilteacha / Celtic Neighbours
Alastar Mac Aongusa Alastar Mac Aongusa

Tá baint ag Alastar Mac Aongusa ó Mhaoin Bharra an Teampaill i mBaile Átha Cliath le comhdháil idirnáisiúnta a bheas ar siúl sa Bhreatain Bheag an mhí seo chugainn agus é mar sprioc aici comhoibriú a chothú idir ealaíontóirí agus eagraíochtaí cultúrtha ar an dá thaobh de Mhuir Éireann.

Íomhá

Tá comhdháil á reáchtáil i gCaernarfon, i dtuaisceart na Breataine Bige, ar an 5 agus 6 Deireadh Fómhair ina mbeifear ag plé na bhféidearthachtaí atá ann d’ealaíontóirí (chomh maith le heagraíochtaí a bhíonn ag obair san earnáil chultúrtha) ón mBreatain Bheag agus ó oileán na hÉireann sna blianta atá romhainn. Tá an chomhdháil seo á heagrú ag Ealaíona Deonacha Éireann agus Voluntary Arts Wales/Celfyddydau Gwirfoddol Cymru, le tacaíocht ó CCAT (Comhoibriú agus Imchuairteanna Cultúrtha), an Chomhairle Ealaíon agus Údarás na Gaeltachta.

Cuirfear béim sa phlé ar chomhoibriú idir grúpaí ón dá thír, go háirithe anois agus gan i bhfad ann go mbeidh deireadh le tréimhse INTERREG, agus scéimeanna eile cultúrtha a bhíonn á reáchtáil ag an gComhairle Eorpach, a chuireann deontais ar fáil le himeachtaí cultúrtha a eagrú. Beifear ag breathnú ar shamplaí d’obair idirnáisiúnta atá tar éis tarlú cheana féin de bharr comhoibriú idir Éireannaigh agus Breatnaigh, agus déanfar anailís ar na ceachtanna atá le foghlaim maidir leis na tionscanaimh áirithe sin.

Beidh fáilte roimh ealaíontóirí agus eagraíochtaí gairmiúla a bhaineann le gach gné de na healaíona freastal ar an gcomhdháil. Táthar ag súil chomh maith go mbeidh bainisteoirí agus riarthóirí ionad camchuairteanna, mar aon le hoibrithe a bhíonn ag plé le hathfhorbairt pobal iargúlta sa dá thír, ábalta freastal ar Chomharsain Ceilteacha / Cymdogion Celtaidd.

I gcás ealaíontóirí/eagraíochtaí áirithe, tá traidisún fada de chomhoibriú i gceist, agus is iomaí cruinniú agus comhdháil a reáchtáladh cheana faoi conas cur leis an gcomhoibriú seo. Seachas bheith ag plé le réigúin faoi leith (ceantair INTERREG, mar shampla), nó le healaín amháin thar ealaíona eile, beidh Comharsain Ceilteacha / Cymdogion Celtaidd ag díriú ar phobal iomlán na n-ealaíon ar oileán na hÉireann agus sa Bhreatain Bheag. Tá Caernarfon i gcroílár cheantar Breatnaise na Breataine Bige, agus beidh an-fháilte roimh phobail na nGaeltachtaí uilig ann. Is cinnte nach bhfágfaidh duine ar bith Caernarfon gan aithne a chur ar dhaoine nua agus gan neart smaointe nua a fháil maidir leis na féidearthachtaí atá ann bheith ag comhoibriú lena gcomharsana.

An phríomhfhealsúnacht atá taobh thiar den ghníomhaíocht seo ná go bhfuil ceangal nó muintearas nádúrtha idir pobail na hÉireann agus na Breataine, agus gur mithid an gaol seo a spreagadh agus a chaomhnú. Táthar ag siúl go músclófar iliomad smaointe agus tionscanamh nua mar thoradh ar an gcomhdháil.

Ós rud é go bhfuil an leibhéal maoinithe ón stát do na healaíona ag dul i laghad sa Bhreatain agus i dTuaisceart Éireann, agus nach cúis mhórtais dúinn féin ach an oiread an leibhéal maoinithe atá an stát a thabhairt do na healaíona sa Phoblacht, bheadh sé úsáideach plé a dhéanamh ar conas tionscnaimh áirithe a chur chun cinn trí chomhoibriú idirnáisiúnta. Amach anseo, beidh níos lú airgid Eorpaigh ar fáil dúinn uilig, is dócha, chun imeachtaí cultúrtha a chur ar siúl; cibé airgead Eorpach a bheas ar fáil, is cinnte go mbeidh sé ina bhuntáiste dúinn bheith ábalta a léiriú go bhfuilimid toilteanach bheith ag obair i bpáirt lenár gcomharsana. Tá sé mar cheann de phríomhspriocanna na comhdhála fiosrú a dhéanamh faoi mhodhanna nua chun airgead stáit agus Eorpaigh, agus urraíocht ó chomhlachtaí príobháideacha, a nascadh lena chéile ionas gur féidir tionscadail ar chaighdeán idirnáisiúnta a chur sa tsiúl.

Lasmuigh de sin, beifear ag plé féidearthachtaí maidir le feabhas a chur ar ár dteacht isteach, mar thoradh ar chomhoibriú le páirtnéirí atá lonnaithe i dtíortha agus réigiúin atá buailte linn, ionas gur féidir pleanáil do thodhchaí ina mbeidh níos mó deiseanna ann dúinn bheith ag oibriú lenár gcomharsana ná mar a bhí roimhe seo.

Más rud é gur mian leat féin nó le d’eagraíocht bheith páirteach sa phlé agus sa mhalartú smaointe lenár gcomharsana a tharlóidh i gCaernarfon, bí linn!

Clár de chuid INTERREG IIIa is ea CCAT @ Ionad Ealaíon Aberystwyth agus Barra an Teampaill, a dearadh chun gaol a chothú idir cleachtóirí cultúrtha ar an dá thaobh de Mhuir Éireann agus chun an phróifíl atá ag ealaíona na Breataine Bige agus na hÉireann a ardú, sa bhaile agus go hidirnáisiúnta. Déanann Maoin Bharra an Teampaill riar air sa réigiún Éireannach agus Ionad Ealaíon Aberystwyth sa Bhreatain Bheag.

tacaíocht ar fáil, i bhfoirm deontais i gcomhair chostas táillí, taistil agus lóistín, dóibh siúd atá ina gcónaí laistigh de limistéar INTERREG na hÉireann: Baile Átha Cliath, Ceatharlach, Cill Dara, Cill Chainnigh, Cill Mhantáin, Loch Garman, Port Láirge, an Mhí, agus Tiobraid Árann Theas.

Chun foirmeacha iarratais, sonraí agus tuilleadh eolais a fháil, féach ar www.ccat.ie, cuir ríomhphost chuig ccat@templebar.ie nó glaoigh ormsa, Alastar Mac Aongusa, ag (01) 677-2255. Tá níos mó eolais le fáil chomh maith ag www.vaireland.org

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.