GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
Cúrsaí slándála ag feabhsú ar an idirlíon
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Féachann Diarmaid Mac Mathúna siar ar chuid de na rudaí is tábhachtaí a thit amach sa ríomhaireacht le linn na bliana 2001 agus molann sé dhá shuíomh gréasáin a chabhróidh leat do shaol a athrú sa bhliain atá amach romhainn.

Íomhá
Graific ó shuíomh gréasáin HiAspire.com

Níorbh é an galar crúibe is béil an t-aon ghalar a bhí thart an bhliain seo caite. Bhí cuid mhaith fadhbanna le leigheas sa saol ríomhaireachta freisin - idir víris a bhí ag scaipeadh agus sláinte na gcomhlachtaí móra “ponc com” a bhí i mbaol. Bhí na víris ríomhaireachta a bhí sa timpeall níos forleithne ná riamh, agus fuair siad i bhfad níos mó poiblíochta dá bharr. Cé gur scaip na víris go tapaidh, ní dhearna a bhformhór damáiste d’obair ná do ríomhairí - cé gur chaith go leor comhlachtaí cuid mhaith ama ag fáil réidh leo.

Tá an chuma air anois go mbeidh feabhas ar an scéal amach anseo toisc go dtuigtear anois cé chomh scaoilte is atá cúrsaí slándála ar an idirlíon. Cuireadh go leor córas i bhfeidhm in eagraíochtaí móra, ar nós ollscoileanna agus comhlachtaí idirnáisiúnta, chun stop a chur le teachtaireachtaí ríomhphoist ina raibh víreas faoi cheilt mar cheangaltán iontu - rud a chiallaíonn nach gá do ghnáthúsáideoirí ríomhaire na scileanna chun troid i gcoinne víreas a fhoghlaim.

Go fiú thuig Microsoft le gairid go díreach cé chomh tábhachtach is a cheapann daoine atá príobháideacht. Gach uair gur thángthas ar laige slándála sa bhrabhsálaí Internet Explorer nó sa chlár ríomhphoist Outlook chuir siad clár beag ar a dtugtar paiste (nó patch) ar fáil ar an idirlíon chun an fhadhb a réiteach. D’fhoilsigh Microsoft leagan nua d’Internet Explorer (uimhir a 6) freisin agus tá príobháideacht an úsáideora lárnach sa chlár sin. Cuireann Internet Explorer stop le fógróirí ag coimeád eolas pearsanta mar gheall ar dhaoine gach uair a thugann siad cuairt ar shuíomh gréasáin trí cookies a úsáid.

Bhí bliain ghnóthach ag Microsoft ag foilsiú bogearraí agus cuireadh Windows XP ar fáil le déanaí. Cheap cuid mhaith daoine nach raibh gá le leagan nua de Windows, tharla go raibh leaganacha nua á bhfoilsiú go minic, agus tharla go raibh clú níos mó ar chórais oibriúcháin eile ar nós Linux. Agus é sin ráite, tá Windows XP an-mhaith mar chóras - arís tá cúrsaí slándála feabhsaithe sa chlár sin, agus is féidir trealamh seachtrach ar nós scanóirí, ceamaraí digiteacha agus printéirí a chur ag obair leis go héasca.

Anuas air sin, bíonn “cuntas” faoi leith ag gach duine a úsáideann ríomhaire áirithe. Is buntáiste mór é sin mar is féidir le gach úsáideoir a chomhaid a choimeád chuige féin, a phictiúr agus a leagan amach féin a bheith aige ar an scáileán agus go fiú a leathanach baile idirlín féin a bheith sa bhrabhsálaí idirlín aige. Tá sé sin go breá do dhaoine a bhfuil taithí acu ar chórais eile ar nós Linux, ach do dhaoine a bhí ag úsáid Windows roimhe seo, is gá rudaí a eagrú ar shlí nua. Mar shampla, má tá tú ag iarraidh doiciméad a roinnt le duine, caithfidh tú é a chur sa bhfillteán “Shared My Documents” tharla go bhfuil a fhillteán “My Documents” féin ag gach úsáideoir anois.

Bhí fadhbanna airgeadais ag go leor comhlachtaí ríomhaireachta i rith na bliana, agus dhún comhlachtaí mór le rá ar nós Gateway a gcuid monarchana. Anuas air sin, bhí go leor eachtraí a bhain leis an saol ríomhaireachta sna cúirteanna - agus ar ndóigh, cuireadh deireadh le córas scaipthe ceoil Napster. Chuir an clár sin scanradh ar na comhlachtaí ceirníní toisc gur chuir sé ar chumas daoine a gcuid cartlann ceoil a roinnt agus ceol a chur ar fáil saor in aisce. D’éirigh leis na comhlachtaí deireadh a chur le Napster, ach is trua nár tháinig feabhas ar na bunfhadhbanna sa saol ceoil: níl conraí á dtabhairt do cheoltóirí nua agus, mar a bhí soiléir le linn na Nollag, tá dlúthdhioscaí níos daoire ná mar a bhí riamh.

Bliain nua ar líne

=======

Beartaíonn go leor daoine ar rud éigin ina saol a athrú ag an am seo bliana - ach is beag duine a n-éiríonn leis leanúint leis i gcaitheamh na bliana. Tá cabhair ar fáil ar an idirlíon ón gcomhlacht HiAspire.com - is féidir clárú ar an suíomh acu (ag http://www.hiaspire.com/newyear) agus cuirfidh siad nótaí chugat go rialta ag cur do chuid cinní i gcuimhne duit. Má cheapann tú nach gá duit do shaol a athrú ach gur mhaith leat é a bheith níos eagraithe, b’fhéidir go gcabhródh féilire ar líne leat ar nós an chinn atá curtha ar fáil ag Yahoo! ag http://uk.calendar.yahoo.com/yc/uk/ - cuirfidh siad teachtaireacht ríomhphoist chugat 15 nóiméad roimh gach coinne atá agat chun é a chur i gcuimhne duit.

Tá an t-údar ag dul le taighde iarchéime san fhisic i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá “GaelSpell 2”, an leagan is déanaí de litreoir Gaeilge a oibríonn le Microsoft Word, Outlook, FrontPage agus PowerPoint, curtha ar fáil aige ar an suíomh gréasáin www.gaelspell.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.