AR NA SAOLTA SEO
Cúrsaí ag dul chun donais do na Poblachtánaigh
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Féachann Brian Ó Broin ar an ngéarchéim mhór atá ag an Uachtarán George W. Bush agus ag an bPáirtí Poblachtánach faoi láthair.

Íomhá
An tUachtarán George W. Bush: a rátálacha sásaimh tar éis titim go mór
Íomhá
Ceannaire al-Qaeda san Iaráic, Musab al-Zarqawi
Íomhá
An Rúnaí Cosanta Donald Rumsfeld: faoi bhrú mór éirí as a phost
Íomhá
An Seanadóir Barack Obama

Drochlaethanta i bpolaitíocht Mheiriceá. Cé gur ceapadh nach bhféadfadh rátálacha sásaimh an Uachtaráin Bush titim tuilleadh, thiteadar arís - go dtí 33%, an ráta is ísle d’uachtarán ar bith ó bhí na tríochaidí ann, seachas Nixon i seachtainí deireanacha a uachtaránachta.

Tháinig na huimhreacha seo amach sular taispeánadh na téipeanna ba dheireanaí ó Osama Bin Laden agus Musab al-Zarqawi. Bhí Musab le feiceáil i bhfíseán, gan aghaidh fidil ar bith air, i ngaineamhlach na hIaráice ag tabhairt dhúshlán arm Mheiriceá. Buillí móra ab ea iad seo, ó bhíothas ag glacadh leis le tamall anuas go raibh Bin Laden marbh.

D’éirigh preasrúnaí an Tí Bháin, Scott McClellan, as oifig an tseachtain seo caite. “Bogadh” comhairleoir an uachtaráin, Karl Rove, go dtí post straitéise toghchánaíochta, tar éis gur tugadh le fios go raibh seans maith ann go bhfaigheadh an Páirtí Daonlathach smacht in athuair ar dhá theach na Comhdhála i dtoghchán “meántéarma” na Samhna.

Má tá Karl Rove ag bogadh, ámh, ní féidir leis fanacht as drochsholas na meán. Glaodh air le déanaí chun fianaise a thabhairt os comhair Ard-Ghiúiré rialtais sa chás sceite a nocht Valerie Plame mar spiaire de chuid an CIA, cás a chuir an comhairleoir uachtaránachta Lewis Libby as oifig agus os comhair cúirte cheana féin.

Ba é imeacht Tom DeLay, ámh, a chuir tús leis an ecsodus seo i mí Mheán Fómhair, 2005. Agus é ina cheannaire ar an bPáirtí Poblachtánach i gComhdháil na Stát Aontaithe, cúisíodh é i gcomhcheilg agus éillitheacht. Níor tháinig an cás féin chun cúirte go fóill, ach gach seachtain tagann ruainní nua eolais amach faoin Uasal DeLay agus a cheangal le leithéidí Jack Abramoff, stocaire a daoradh chun príosúin i mí Eanáir 2006 nuair a phléadáil sé ciontach i gcomhcheilg, calaois, agus breabaireacht.

Dar fia, tá boladh na fola i sróna na nDaonlathach, go háirithe le déanaí nuair a tháinig seisear ginearál sinsearach, atá ar scor anois, amach sna meáin ag éileamh go mbrisfí an Rúnaí Cosanta, Donald Rumsfeld, as a phost. Iarradh ar an rúnaí céanna éirí as oifig in 2004 freisin, tar éis fhoilsiú phictiúir Phríosún Abu Ghraib san Iaráic. Tá go leor ag déanamh iontais go bhfuil an rúnaí ina phost go fóill, agus ceaptar go forleathan go bhfuil sé ann mar nach bhfuil éinne eile a ghlacfaidh leis an bpost. Ní cheadaítear d’oifigigh arm Mheiriceá, dála an scéil, cáineadh a dhéanamh ar an uachtarán ná ar a chomh-aireacht, agus nuair a bhíonn an t-arm ag iarraidh a mhíshástacht a chur in iúl, déantar é trí oifigigh scortha.

Is cúis iontais é earcaíocht chomharba Scott McClellan, an t-iriseoir Tony Snow ón mbealach teilifíse coimeádach Fox News. Ar an gcéad dul síos, tá fadhbanna móra sláinte ag an Uasal Snow agus, chomh maith leis sin, is duine é a bhfuil an t-uachtarán cáinte go hoscailte aige.

Diagnóisíodh an t-uasal Snow le hailse na drólainne bliain ó shin, agus gearradh cuid mhaith dá dhrólann as ina dhiaidh sin. Tá sé ráite go bhfuil sé ar ais ina shláinte arís, ach fanfaidh na ceisteanna.

cáil na gaotaireachta ar an Uasal Snow cheana féin, é ag teacht ó Fox News, stáisiún a bhfuil móréileamh air i measc phobal Mheiriceá, ach a bhfuil cáil na claontachta air, agus a bhfuil drochmheas air i measc *intelligentsia *na tíre. Mar iriseoir, nocht sé an tuairim go mba uachtarán lag é an tUasal Bush a bhailigh comhairleoirí neamhchriticiúla thart air féin. Deacair glacadh leis go mbeidh suaimhneas i seomra preasa an Tí Bháin níos mó ná achar gairid.

Praghas an pheitril

Lena chois seo ar fad, tá praghas an pheitril tar éis ardú arís. Táthar ag tuar go forleathan go mbeifear ag íoc $3.50 as galún peitril an samhradh seo. Léim ollmhór é seo ón mbliain 2002, nuair a d’fhéadfaí galún a cheannach ar $1. Goilleann seo níos mó ná mar a ceapadh ar Mheiriceánaigh, mar go dtí le fíordhéanaí spreagadh iad chun carranna ollmhóra den chineál SUV (Sports Utility Vehicles) a cheannach, feithiclí a shlogann peitreal. Bhí sé deacair go leor cheana na carranna seo a choinneáil ar an mbóthar, ach i láthair na huaire tá sé nach mór dodhéanta.

Agus tá an Iaráin ann freisin, ar ndóigh, ag déanamh scime do Rialtas Mheiriceá ar gach leibhéal, ag gaotaireacht go mbeidh siad lánsásta a dteicneolaíocht núicléach a roinnt le gach aon tír a iarrann orthu í. Nocht iriseoirí le déanaí go raibh pleananna ag Washington ionsaithe núicléacha a dhéanamh ar an Iaráin chun a chinntiú nach dtógfaidh siad a mbuamaí féin. Dá ndéanfadh Meiriceá sin, ámh, ba dheacair a thuar céard a cheapfadh pobal Mheiriceá, gan trácht ar an domhan.

I measc na ndrochscéalta seo uilig, tá toghcháin ag teacht i mí na Samhna, agus táthar ag caint cheana féin ar iarrthóirí do thoghchán na huachtaránachta in 2008. Thuar Teddy Kennedy, an seanadóir cáiliúil, go mbeadh dhá theach na Comhdhála ar ais i seilbh na nDaonlathaithe roimh i bhfad.

Tá Daonlathaigh ag seasamh sa scuaine don uachtaránacht cheana féin. Foilsíodh altanna sna meáin le tamall anuas ag moladh John Kerry mar iarrthóir in athuair don uachtaránacht. Ní rún ar bith é go bhfuil Hilary Rodham Clinton ar thóir an ainmniúcháin freisin, agus amuigh sa Meániarthar, tá Russell Feingold i Wisconsin, an t-aon seanadóir a vótáil in aghaidh an Patriot Act in 2001, agus Barack Obama, an seanadóir óg gorm as Illinois, go láidir sa rás freisin.

Ar an taobh eile den teach, níl an fuinneamh céanna le feiceáil, ach táthar ag féachaint ar an seanadóir John McCain agus ar iar-Mhéara Nua-Eabhrac Rudolph Giuliani mar iarrthóirí láidre. Faraor, ámh, is mar cailís nimhe atáthar ag breathnú ar ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtánaigh; má leantar le géarthitim réimeas an Uasail Bush, is beag seans go dtiocfaidh Poblachtánach ar bith i gcomharbacht air.

Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.