AR NA SAOLTA SEO
Cur i gcéill an státchórais maidir leis an Ghaeilge
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Le breis is tríocha bliain anuas tá cuid de na ranna agus oifigí stáit tar éis neamhaird a thabhairt ar inniúlacht sa Ghaeilge agus ardú céime á shocrú acu, mar a mhíníonn Breandán Delap.

Íomhá
An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin
Íomhá
Íomhá
An tAire Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon Ó Cuív

Ní fada anois go mbeidh daltaí na hArdteiste ag tabhairt faoin scrúdú is tábhachtaí ina saol. Is trí mheán na Gaeilge a dhéanfaidh sciar beag acu an scrúdú agus gheobhaidh siad méid áirithe marcanna breise mar chúiteamh. Glactar leis go mbíonn dúshláin bhreise le sárú acu seo – easpa téacsleabhar cuí ach go háirithe – agus is minic nach mbíonn na hiarrthóirí go hiomlán ar a suaimhneas leis an teanga.

Samhlaigh, mar sin, an alltacht a bheadh orthu dá dtiocfadh sé chun solais i gceann scór bliain nár tugadh na marcanna breise úd dóibh ar chor ar bith. D’fhéadfaidís a mhaíomh gur cuireadh cor leatromach ina gcinniúint ó tharla b’fhéidir nach bhfuair siad dóthain pointí le tabhairt faoina rogha cúrsa ollscoile, nach bhfuil siad sona sásta ina ngairm bheatha agus nach dtuilleann siad an oiread is a d’fhéadfaidís dá mba rud é gur bronnadh na marcanna orthu a bhí dlite dóibh.

Dochreidte, b’fhéidir, ach tharla a mhacasamhail d’éagóir sa státseirbhís le scór bliain anuas.

Léirigh Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga, a foilsíodh cúpla seachtain ó shin. nach raibh inniúlacht sa Ghaeilge curtha san áireamh ag leath na rann agus na n-oifigí rialtais ina gcuid comórtas d’ardú céime inmheánach. Cuireadh an córas seo i bhfeidhm sa bhliain 1975 tráth ar cuireadh deireadh le Gaeilge éigeantach do phoist agus d’arduithe céime sa státchóras. Eisíodh ciorclán ag an am (uimhir 43/1975) a threoraigh go mbeadh marcanna breise (10%) ar fáil d’iarrthóir as inniúlacht sa Ghaeilge a bheith aige. Laghdaíodh an céatadán seo i 1990 go dtí 6% agus go 3% i gcásanna áirithe.

Bhí cuid de na ranna stáit is tábhachtaí ina measc siúd nár chomhlíon a gcuid dualgas i leith marcanna breise a thabhairt d’iarrthóirí a bhí inniúil sa Ghaeilge i gcomórtais inmheánacha ardú céime. Ina measc, bhí Roinn an Taoisigh agus an Roinn Airgeadais, a bhfuil cúraimí faoi leith uirthi maidir le cur i bhfeidhm rialacha na státseirbhíse. De réir suirbhé a rinne an Roinn Airgeadais sa bhliain 2002, níor thug ranna agus oifigí stáit aitheanta mar an Roinn Gnóthaí Eachtracha, an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, an Roinn Cosanta, an Roinn Sláinte agus Leanaí, Oifig an Ombudsman agus Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste marcanna breise d’iarrthóirí ag an am a raibh Gaeilge acu. Ní fios ar athraigh said a gcuid cleachtas ó rinneadh an suirbhé seo.

Mar thoradh ar an suirbhé seo sheol an Roinn Airgeadais litir chuig Oifigigh Phearsanra na Rann/Oifigí Rialtais ag éileamh lánfheidhmiú chóras na marcanna breise.

Ach anuraidh, tar éis don Choimisinéir Teanga iniúchadh a dhéanamh ar éifeacht na treorach, bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh athrú poirt tagtha ar an Roinn Airgeadais. I Samhain 2005, sheol an Roinn Airgeadais litir chuig Oifigigh Phearsanra i ngach Roinn/Oifig Rialtais le léirmhíniú nach dtreoraíonn ciorcláin 43/75 agus 30/90 marcanna breise a thabhairt i gcomórtais inmheánacha d’ardú céime agus gur le comórtais idir-ranna amháin a bhain siad. Cúis imní ab ea an litir seo don Choimisinéir Teanga mar gur mheas sé go raibh brí úrnua á baint as na ciorcláin mar chosaint ar nósanna agus cleachtais a bhí tagtha chun cinn i ranna ar leith.

Cur i gcéill

Is léir, mar sin, go raibh leath na rann ag ceadú na marcanna breise, agus leath eile nach raibh. Sampla paiteanta é seo den chur i gcéill agus den dallamullóg a bhaineann leis an dearcadh atá ag an státchóras i leith na teanga. Tá go leor daoine ann a déarfadh nár cheart go mbronnfaí marcanna breise ar dhaoine a bhfuil Gaeilge acu in aon chor agus nach é seo an dóigh is fearr leis an teanga a chur chun cinn. Bíodh acu, mar ní bhaineann an argóint sin le hábhar sa cheist seo. Má cuireadh córas in áit na Gaeilge éigeantaí ba cheart go mbeadh an córas sin ag feidhmiú. Má cheap daoine go raibh siad i dteideal marcanna breise bhí sé go huile is go hiomlán míchothrom – agus cam fiú – gan iad a chur ar an eolas faoi aon athrú a bhí tagtha ar an chóras. Mar chuid den chur i gcéill seo, bhí (agus tá go fóill) daoine á mbaint amach as a gcuid oifigí agus á gcur chuig na Gaeltachtaí le freastal ar chúrsaí le go mbeidís ábalta seirbhís a thabhairt trí mheán na Gaeilge. Mar a dúirt an Coimisinéir Teanga ar ócáid sheolta a thuarascála, bhainfeadh na daoine seo an oiread céanna tairbhe as lá sa gharraí mar nach bhfuair siad a dhath ar a shon riamh.

Níl míniú na Roinne Airgeadais inghlactha in aon chor. Níl mar fhreagra acu ar an éagóir seo ach imeartas focal agus cleasaíocht briathra. Is cuma cé mhéid cainte a dhéanann siad faoina “léirmhíniú” siúd agus faoin idirdhealú idir comórtais idir-ranna agus comórtais inmheánacha, is é an tuiscint atá ag an phobal ná go bhfuil creimeadh tagtha ar an chóras a tháinig in áit na Gaeilge éigeantaí. Is cuma fosta cén casadh a chuireann an Roinn ar an scéal, ní bheidh aon ghlacadh acu siúd gur cás leo cúrsaí teanga leis. Níl aon mhíniú tugtha cad tuige nach mbeadh marcanna breise ag baint le gach comórtas ardaithe céime. Más rud é gurb é an aidhm a bhí leis an riail ná a chinntiú go mbeadh daoine ag gach leibhéal den státseirbhís in ann déileáil leis an bpobal trí Ghaeilge, cén fáth go dtabharfaí droim láimhe do na ciorcláin ar ócáidí áirithe. Níl aon loighic ag baint leis. Bheadh sé chomh maith acu a rá nár bhain na ciorcláin ach le comórtais a reáchtáladh ar an Luan agus an Mháirt!

Ach bhí impleachtaí pearsanta ann fosta mar go bhféadfadh sé gur diúltaíodh ardú céime a bhí tuillte acu do státseirbhísigh a raibh Gaeilge acu mar nár cuireadh i bhfeidhm cinntí agus comhaontaithe Rialtais. Níl dabht ar bith ann ach go bhféadfadh go mbeadh feidhmeannaigh de chuid na Ranna is na nOifigí Stáit nár tugadh marcanna breise dóibh ag cur an dlí orthu agus ag lorg cúitimh mar gheall ar an leithcheal a rinneadh orthu. Thiocfadh leat a rá gur chuir an stát an dubh ar an gheal orthu! Agus ós rud é go raibh na marcanna breise bunaithe ar threoracha, an bhféadfadh gur tugadh droim láimhe do threoracha ceapacháin eile? Níor mhiste é seo a shoiléiriú ar mhaithe le dea-chleachtas, ionracas agus eitic!

Acht na dTeangacha

Ach tá ceisteanna eile fós le freagairt. Munar féidir tabhairt ar an státseirbhís cloí le rud chomh simplí leis na ciorcláin i leith na Gaeilge, an bhfuil sé réasúnta a bheith ag súil go gcloífidh siad le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus lena gcuid dualgas eile i leith na teanga? Nach aisteach fosta nár tháinig an éagóir seo chun solais i bhfad ó shin! Chaithfeá ceist a chur faoi éifeacht na n-eagraíochtaí Gaeilge – Foras na Gaeilge agus a réamhtheachta, Bord na Gaeilge – a bhí, agus atá, in ainm is a bheith ag cur comhairle ar an rialtas faoi chúrsaí teanga. An raibh siad ina gcodladh nuair a lig siad don chleachtas seo – is é sin neamhaird a thabhairt de na ciorcláin – teacht i bhfeidhm thar na blianta. Mar thoradh ar thuarascáil an Choimisinéara, tá sé ráite ag an Aire Airgeadais, Brian Cowen, go bhfuil sé i gceist aige coiste idirranna a bhunú a rachaidh i gcomhairle leis na ceardchumainn le teacht ar shocrú maidir le marcanna breise a bheith á dtabhairt d’iarrthóirí le Gaeilge. B’fhéidir go bhfuil dul amú orm ach ní dóigh liom go raibh na heagrais Ghaeilge ag baint na sála dá chéile ag iarraidh a bheith páirteach sa phróiseas seo.

Agus cad faoi na hairí Gaeltachta, a lig dá leithéid tarlú? Is dócha go ndéarfaidís mar chosaint gur ceist í seo don Aire Airgeadais ach bíonn muid ag súil go ndéanfadh Aire na Gaeltachta monatóireacht ar cheisteanna a bhaineann leis an teanga sa státseirbhís. Tostach go leor atá an tAire Ó Cuív faoin cheist.

Tá gné eile den scéal atá ina scannal náisiúnta. Nuair a d’fhiosraigh an Coimisinéir Teanga an cheist, dúradh leis nach bhfuil ach 3% d’fhoireann riaracháin na Roinne Oideachais agus Eolaíochta ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge anois. Cuimhnímis go mbíodh an Roinn sin ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge tráth den saol! Ach anois tá an Roinn sin (atá i bhfeighil scoileanna na tíre) tar éis a admháil nach bhfuil aon líofacht teanga ag 97% dá foireann, cé go ndeachaigh siad tríd an chóras scolaíochta. An amhlaidh an cás sna ranna eile? Más ea, níl ann ach gur fhill an feall ar an fheallaire.

Is clár-eagarthóir le Nuacht TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.