AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Cumhachtaí na Stát ag Dul ar Meath
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Tá an Astráil ag athrú ina leagan amach cumachta agus freagrachta ón rialtas láir/náisiúnta anuas go dtí na rialtais stáit. B’fhearr le Bearnaí Ó Doibhlin go mbeadh a gcuid airgid féin ag rialtais na stát.

Íomhá
Teach na Dála i gCanberra
Íomhá
Leas-Phríomhaire na hAstráile, Julia Gillard
Íomhá
Dáil Chonradh Batman faoi thalamh Mhuintir Wurundjeri sa bhl. 1835

Bhí sé choilíneacht de chuid Impireacht na Breataine abhus sular bunaíodh an Astráil mar thír neamhspleách sa bhliain 1901, agus bhí bunreacht, parlaimint agus rialtas ar leith acu go léir. Tháinig sé stát ceannasacha i gcomharbacht ar na coilíneachtaí, mar ghné den neamhspleáchas, agus bhí a chóras rialtais féin ag gach ceann acu. Bhronn an rialtas náisiúnta féinrialtas ar an dá chríoch – an Chríoch Thuaidh agus Críoch Phríomhchathair na hAstráile - ní ba dhéanaí.

Thacaigh muintir na gcoilíneachtaí leis an bhfeachtas rialtas náisiúnta cónaidhme a bhunú trí shraith reifreann a eagrú sna 1890í. D’eascair an feachtas i bhfabhar na cónaidhme as comhthuiscint na gcoilíneach go raibh na fadhbanna céanna eachtracha acu i dtaca le cúrsaí inimirce agus cosanta. Sa bhreis ar sin, thuig siad go raibh na dúshláin inmheánacha chéanna acu i ndáil le cúrsaí iompair, cumarsáide, trádála agus oibreachais. Measadh go mbeadh rialtas náisiúnta in inmhe dul i ngleic leis na ceisteanna seo ní b’fhearr ná na coilíneachtaí a bheith ag obair as a stuaim féin.

Bhí leisce na bpolaiteoirí coilíneacha scaradh lena gcumhachtaí ag croílár na gnóthaíochta faoi rialtas cónaidhme idir údaráis na gcoilíneachtaí le linn na 1890í. Rinneadh comhréiteach faoi dheireadh thiar thall inar roinneadh na cumhachtaí idir an rialtas cónaidhme agus rialtais na stát. Tugadh rialtais an dara leibhéal ar rialtais na stát, agus an Comhlathas ar an rialtas náisiúnta, ó shin i leith.

An Comhlathas a Íocas an Téileireacht

Tá bunreacht na hAstráile bunaithe ar an gcomhréiteach thuas agus ní féidir an bunreacht a athrú ach amháin trí mheán reifrinn náisiúnta. Mura vótálann formhór na ndaoine i bhformhór na stát ar son aon reifrinn, ní rithfidh sé. Is féidir leis na stáit, freisin, aon chumhacht atá acu a thabhairt don rialtas náisiúnta tríd an reachtaíocht áitiúil.

Tá an Comhlathas freagrach as cúrsaí eachtracha, de réir bhunreacht na hAstráile, agus tá rialtais an dara leibhéal freagrach as na seirbhísí poiblí iontu, leithéidí sláinte agus oideachais. Bhí cumhacht ag an dá leibhéal rialtais cáin a ghearradh i dtús báire, ach faoi láthair, bailíonn an Comhlathas formhór mór na cánach agus tugann sé deontais do na rialtais dara leibhéal le híoc as na seirbhísí poiblí iontu.

Déanann an Comhlathas iarrachtaí cuntair a fhorchur ar na deontais seo lena ndúnghaoisí féin a chur i bhfeidhm sna stáit agus sna críocha. Mar a bheifeá ag súil leis, ní mó ná sásta a bhíonn rialtais na stát nó na gcríoch leis na hiarrachtaí seo, go háirithe nuair a bhíonn páirtithe polaitíochta éagsúla i gcumhacht ag an dá leibhéal.

Measann daoine go leor – mise ina measc – gur drochéasc bunúsach ag córas rialtais na hAstráile é an deighilt seo idir an t-údarás a íocann as seirbhísí poiblí na tíre agus na húdaráis a riarann iad. Cuirtear go mór leis an mbarúil seo nuair a leagann rialtas ag leibhéal amháin an milleán ar rialtas ag leibhéal eile as drochsheirbhísí poiblí. Tugtar an ‘blame game’ ar an gcleas polaitíochta seo ina gcuirtear an fhreagracht ó dhuine go duine, agus tá muintir na stát agus na gcríoch ina mbíonn drochsheirbhísí poiblí acu dubh dóite den chleas, gan aon agó.

Bíodh is go raibh an-leisce ar pholaiteoirí na gcoilíneachtaí scaradh lena gcumhachtaí roimh neamhspleáchas, agus go bhfuil an leisce chéanna le sonrú i measc pholaiteoirí reatha na stát, tá tionchar i bhfad níos mó ag an gComhlathas ar chúrsaí polaitíochta na tíre seo ná atá ag na rialtais dara leibhéal. Tá daoine go leor abhus, go háirithe i measc na dtráchtairí ar chúrsaí reatha, a mheasann go bhfuil sé thar am fáil réidh leis na rialtais dara leibhéal, nó a bhfeidhm a chiorrú go géar ar a laghad.

Tá an t-ábhar conspóideach seo arís i mbéal an phobail faoi láthair i ngeall ar dhá thionscnamh de chuid an rialtais náisiúnta i dtaca le cúrsaí oideachais agus sláinte, atá ar an dá sheirbhís phoiblí is mó a riarann rialtais an dara leibhéal.

Sa chéad dul síos rinne an tAire Oideachais náisiúnta, an Leas-Phríomhaire Julia Gillard, suíomh gréasáin nua www.myschool.edu.au a sheoladh i mí Feabhra. Tá sé mar aidhm ag an suíomh mioneolas cuimsitheach faoi gach scoil san Astráil a sholáthair, agus beidh torthaí na scoileanna sna trialacha caighdeánaithe litearthachta agus uimhearthachta mar ghné lárnach an tsuímh. Meastar go dtabharfaidh an suíomh cumhacht sa bhreis don Chomhlathas i ndáil leis an dóigh a gcaitear airgead ar oideachas sna stáit agus sna críocha.

Clár Náisiúnta

Anuas air sin, d’eisigh an tAire Gillard mí ní ba dhéanaí cuid den chéad churaclam náisiúnta riamh san Astráil. Eisíodh dréachtchúrsaí de na ceithre ábhar scoile atá ar chroíchuraclam na scoileanna abhus: an Béarla, an t-áireamh, an eolaíocht agus an stair. Eiseofar dréachtchúrsaí de na hábhair eile sa churaclam faoi cheann bliana.

Is léir go mbeidh feidhm níos lú ag rialtais an dara leibhéal má bhíonn an rialtas náisiúnta freagrach as a múinfear sna scoileanna agus as an dóigh a gcaithfear airgead iontu.

Ní raibh sé ach cúpla seachtain tar éis fhógairt na dtionscnamh thuas nuair a d’fhógair an príomhaire, Kevin Rudd, dúnghaois sláinte náisiúnta nua. Gheall sé go mbeadh an Comhlathas freagrach as formhór na seirbhísí sláinte poiblí ar fud na tíre. Gheall sé freisin go mbeadh reifreann faoina dhúnghaois mura raibh rialtais na stát toilteanach comhoibriú leis. Tá oideachas agus sláinte ar an dá sheirbhís is mó agus is tábhachtaí a riarann na rialtais dara leibhéal, mar a luaigh mé thuas, ach is dócha go mbeidh an rialtas náisiúnta freagrach astu as seo amach, de réir dealraimh. Má fheictear go bhfuil na seirbhísí níos éifeachtaí dá bharr, beidh an Comhlathas in inmhe a mhaíomh go mbeadh an feabhas céanna ann dá mbeadh sé freagrach as na seirbhísí poiblí eile.

Tá tráchtairí go leor abhus den tuairim go bhfuil sé mar aidhm ag Rudd agus Gillard cumhachtaí na stát a bhaint díobh, de réir a chéile. Feictear dom, áfach, go bhfuil an bheirt acu dírithe go huile agus go hiomlán ar an olltoghchán a bheidh ar siúl níos déanaí i mbliana. Is dócha go bhfuil siad dís ag súil go mór go rachaidh na tionscnaimh thuas i gcion go mór ar mhuintir na tíre le linn na vótála.

Naisc: http://en.wikipedia.org/wiki/LocalgovernmentinAustraliahttp://en.wikipedia.org/wiki/AustralianCapitalTerritory Gillard http://www.youtube.com/watch?v=BUETnIlbNpohttp://www.youtube.com/watch?v=La1ONkH3WaA Rudd http://andrumamornuacht.blogspot.com/2009/11/cuis-naire-is-cuis-broin-duinn-e-kevin.htmlSpraoi http://www.youtube.com/watch?v=36N4CI5B6fk&feature=youtubegdata

Julia

Kevin

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.