CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Cuma an Bháis nó Cuma an Fháis?
Íomhá
Scáth fearthaine Technoflex, €37.70, deisithe le scriú agus sreangán
Íomhá
Priondálaithe HP agus Dell, nach fiú a dheisiú
Íomhá
4 lann 'Gillette' ar €10, & Logik, nach mbearrfaidh
Íomhá
Nokia deisithe €20
Íomhá
Buataisí Bose €70

Measadh faoi thús an chéid seo gur chomharthaigh easpa páipéar leithris, i measc earraí eile, sna tíortha cumannacha deich mbliana roimhe sin, ag tús na nóchaidí, nárbh fhada go mbeadh an córas thoir ag tabhairt na gcor. An té a bhí sna tíortha sin 1991, chonaic sé go raibh luach ard ar pháipéar leithris mar go raibh sé gann go leor ag an am. Bhí daoine sa taobh sin goilliúnach faoin dóigh a raibh muintir an Iarthair ag magadh orthu ag an am. Meastar ar aon nós gurbh é an cliseadh i dtionscal na hola a bhain an bonn den chóras thoir. Ní bheadh in easpa an pháipéir leithris ó sheilf an tsiopa ach comhartha, ar ndóigh, ach is fiú súil a choinneáil ar chomharthaí.

Má ba shlat tomhais ar ghnóthaí tráchtála é soláthar an pháipéir leithris in am amháin, is cosúil nach gá do mhuintir an AE a bheith buartha. Tá sé ar fáil go rábach agus go saor, nó go daor le cumhrán fiú amháin agus tá a fhios ag Dia an éagsúlacht earraí a fheicimid os ár gcomhair i siopaí chaon lá den tseachtain.

Ceist eile is ea caighdeán na n-earraí sin agus b’fhéidir go gcomharthaíonn a bhfuil ag titim amach i ngnóthaí soláthar earraí in iarthar domhain le tamall de bhlianta anuas go bhfuil, mar a deir an dream thiar, sleaic ag teacht ar lucht déantús earraí. D’éiríomar cleachta le leimhe agus le lagchaighdeán ar na scáileáin teilifíse agus sna meáin chumarsáide le glúin anuas. D’fheabhsaigh soiléire agus mhéadaigh leithead na scáileán féin, agus an costas dá réir, ach an saibhride sinn an soiléire agus an leithead. Níl le déanamh ach cnaipe teilifíse a chasadhliarlóg a cheannach le tuiscint a fháil ar a choitianta is atá aineolas sa phobal. Ní léifear alt fiúntachní bhreathnófar clár faisnéise mura mbeidh samhlaíocht, ealaín ar leith agus boige fíoras ina dhlúth is ina innéach. Caithfear bíogadh ó chainteoir go chéile, maolú siar i dtreo an cheoil agus a bheith ag teannadh isteach is amach le ceamaraí ar chaon taobh le chéinne a choinneáil leat. Ceannófar an tanúlacht agus an tsimplíocht níos túisce ná an tsiosmaid.

D’éiríomar cleachta le fiche bliain anuas as íoc go daor as cupán caife móide gabhdóg aonar uaigneach amháin, nó sruán, ar €4.50. Níor chuireamar in éadan costais arda. Chonaic mo dhá shúil féin lánúin ag íoc €45 as eachtraíocht bheag turasóireachta nár mhair tada thar 25 nóiméad. Cailín óg a bhuail an costas sin orthu nuair ba chirte ticéad teaghlaigh a roinnt orthu. Sin teaghlach amháin nach molfaidh laetha saoire a chaitheamh in Éirinn.

Liosta Beag le hÁireamh

Is liosta le háireamh na laigí caighdeáin i siopaí an Iarthair agus níl éinne ag gearán faoi, is cosúil. Áireoidh mé na hearraí seo leanas ina measc:

  • i) Buataisí de chuid Bose London a bhí ar díol ar €140 agus a ceannaíodh faoi cheant in Éirinn ar €70, scaoileann siad uisce aníos tríd an bhonn a luaithe a sheasfaidh tú amach ar chosán fliuch.

  • ii) Priondálaí de chuid HP ar íocadh €60 air a chlisfeas laistigh de bhliain agus an t-athphriondálaí mar a chéile, clisfidh sé amhlaidh. Cosnaíonn an dúch a líonfas é beagnach an méid céanna, agus ní dhéanfaimid aon ghearán mar gheall air.

  • iii) Bearradóir so-iompair Logik, ní thig leis duine a bhearradh oiread is aon uair amháin, rud a chiallaíonn gur bhréagán a cheannaigh tú seachas gaireas do bhearrtha.

  • iv) Guthán Nokia a chlis i ndiaidh sé mhí. Chosain sé €20 lena athmhúscailt arís agus ní fios cén t-achar eile a mhairfidh sé.

  • v) Ceithre lann a chosnaíonn os cionn €10 an paicéad do Gillette II, ní oibríonn siad ar chor ar bith chor ar bith. An é gur fo-earraí bradacha iad a díoladh faoi ainm Gillette le slabhra mór le rá siopaí? Is cosúil go bhfuil an paicéad níos gile ná mar a bhíonn paicéad Gillette go hiondúil.

Is daighsíní na gairis ii) - v) agus tuigimid nach mbeidh siad fadsaolach, má oibríonn siad ar chor ar bith, ach bheifeá ag súil le bróga a cheannach in Éirinn nach súnn uisce aníos den talamh ar nós múscáin, ar €140 go háirithe agus go fiú ar €70 féin fosta.

Is aisteach gur sa taobh sin den domhan, oirthear na Gearmáine agus soir uaidh, mar a mbíodh deacrachtaí acu le hearraí laethúla siopa fiche bliain ó shin, gur ansiúd atá na cuisneoirí a rinneadh daichead bliain ó shin, ach atá ag obair inniu féin. Níl ionainn ach tomhaltóirí i ndeireadh báire agus ceannóimid na daighsíní ceann i ndiaidh a chéile, go dtí an lá nach n-oibreoidh ceann ar bith de na gairis óna i) - v).

Coinnigh súil ar sheilfeanna an tsiopa in aice leat. Is slat tomhais chaon cheann acu.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.