COMÓRTAIS
Cum téarma nua!

Gach mí as seo amach, beidh muid ag iarraidh ar léitheoirí Beo! a leagan féin a chur ar fáil de théarmaí agus de choincheapa atá le fáil go coitianta sa Bhéarla agus i dteangacha eile ach nach bhfuil Gaeilge curtha orthu go fóill. Ná seol do chuid moltaí chuig an Eagarthóir ach bain úsáid as an fhóram dar teideal ‘Cum téarma nua!’ sa Chlár Plé (http://www.beo.ie/clar_ple/index.php) chun do chuid moltaí a chur faoi bhráid an phobail. (Nóta: Caithfidh tú clárú mar bhall den Chlár Plé sula dtig leat é seo a dhéanamh)

Déanfar na leaganacha is fearr a chuirfear ar fáil i rith na míosa a liostáil anseo ar bhonn rialta.

An mhí seo, tá muid ag lorg leagan Gaeilge de na nithe seo:

*geek *(duine atá eolach ar chúrsaí eolaíochta nó teicneolaíochta ach nach bhfuil scileanna sóisialta rómhaith aige)

shot-gun wedding

to gate-crash a party *nó gate-crasher*

Duais

An mhí seo arís, tá dearbhán ar fiú €100 é, le caitheamh i siopa ar líne Oideas Gael (www.oideas-gael.com/siopa), le buachan ag an té a sheolfaidh isteach an moladh is fearr. Ná seol do chuid moltaí chuig an Eagarthóir ach chuig an Chlár Plé (cf. nóta thuas).

Moltaí

Cuid de mholtaí na míosa seo caite:Brain drainimirce na héirime; taoscadh talainn; scilsileadh; imeacht na saoithe; imeacht lucht léinn i gcéinRip-off culturecultúr na mbobphraghsanna; creach-chultúr; ré an ropaireHands-free phone saorghuthán; fón neamhspleách

Buaiteoir

Is é Euskalduna a bhuaigh an duais as ‘ré an ropaire’ a chumadh.

An bhfuil téarma nó coincheap ba mhaith leatsa a fheiceáil sa rannóg seo? Má tá, seol é chuig: eagarthoir@beo.ie

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.