COMÓRTAIS
Cum téarma nua!

Gach mí as seo amach, beidh muid ag iarraidh ar léitheoirí Beo! a leagan féin a chur ar fáil de théarmaí agus de choincheapa atá le fáil go coitianta sa Bhéarla agus i dteangacha eile ach nach bhfuil Gaeilge curtha orthu go fóill. Ná seol do chuid moltaí chuig an Eagarthóir ach bain úsáid as an fhóram dar teideal ‘Cum téarma nua!’ sa Chlár Plé (http://www.beo.ie/clar_ple/index.php) chun do chuid moltaí a chur faoi bhráid an phobail. (Nóta: Caithfidh tú clárú mar bhall den Chlár Plé sula dtig leat é seo a dhéanamh)

Déanfar na leaganacha is fearr a chuirfear ar fáil i rith na míosa a liostáil anseo ar bhonn rialta.

An mhí seo, tá muid ag lorg leagan Gaeilge de na nithe seo:

high maintenance husband / wife

early bird menu

term-time employee (is é sin, státseirbhíseach a mbíonn cead aige/aici bheith saor i gcaitheamh an tsamhraidh agus a p(h)áistí ar saoire ón scoil.)

Moltaí

Cuid de na moltaí go dtí seo:

High maintenance husband / wifeSeilib

Donuachar

Early bird menuBiachlár an sprionlaitheora

Tráth an tráthnóna

Term-time employee Téarmachán

Oibrí tréimhse téarma

An bhfuil téarma nó coincheap ba mhaith leatsa a fheiceáil sa rannóg seo? Má tá, seol é chuig: eagarthoir@beo.ie

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.